Committee Reports::Report - Mountjoy Square Dublin, Bill, 1938 [Private]::23 March, 1938::Report

DÁIL EIREANN.

TUARASGABHAIL ON ROGHA-CHOISTE AR BHILLE CHEARNOG MHOINSEO, BAILE ATHA CLIATH, 1938.

REPORT OF THE SELECT COMMITTEE ON THE MOUNTJOY SQUARE, DUBLIN, BILL, 1938.

1. B’iad so leanas baill an Rogha-Choiste :—Séamus O Mórdha (Cathaoirleach), Seán O Brádaigh, Seán Mac-Cumhaill, Tadhg O Léanacháin, Domhnall MacMeanman, Donnchadh O Briain, agus Liam O Briain, Teachtaí.


2. Do bhreithnigh an Rogha-Choiste an Bille, Dé Céadaoin, 23adh Márta, 1938.


3. Bhí os cóir an Rogha-Choiste deimhniú ón Aire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe do réir Bhuan-Orduithe 92 (Gnó Príobháideach).


4. Tá an Rogha-Choiste á thuairisciú gur leasuíodar Teideal an Bhille mar leanas:—


“ACHT CHUN COMHACHT DO THABHAIRT d’ARD-MHEARA ROONORACH DO SHEANOIRI AGUS DO BHUIRGEISIGH BHAILE ATHA CLIATH CHUN AN SPAIS FHALTA AR A dTUGTAR CEARNOG MHOINSEO I gCONTAE-BHUIRG BHAILE ATHA CLIATH DO THOGAINT CHUCHA, AGUS CHUN CRICHEANNA EILE”;


gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus go ndearnadh, chun sástachta dhóibh, na curtha-i-leith atá ann do chruthú, gur ghabhadar tríd an mBille agus go ndearnadar leasuithe air.


5. Nuair do bhí an Rogha-Choiste ag breithniú an Bhille bhí os a gcóir tuarasgabháil ar an mBille ón Roinn Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe. Taisbeántar sa bhFo-scríbhinn atá i ndeireadh na tuarasgabhála so an tslí inar deighleáladh leis na molta atá sa tuarasgabháil sin.


(Sighnithe)


SÉAMUS MOORE,


Cathaoirleach an Rogha Choiste.


23 Márta, 1938.