|
IMEACHTA AN CHOISTE.THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Déardaoin, 12adh Bealtaine, 1938.Thursday, 12th May, 1938.1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m. 2. I láthair: Séamus Díolún (i gCeannas), Pádraig O Beacháin, Brooke Brasier, Seán Mac Cumhaill, Máirtín O Comhraidhe, Giolla Easpuig O hEaráin, Tadhg O Líonnacháin, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain, Pádraig Mac Gabhann agus Risteárd Breathnach, Teachtaí. 3. Chuathas i mbun breithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1936-37. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Oifig na nOibreacha Poiblidhe, Oibreacha agus Foirgintí Puiblí, Longlann Inis Sionnach, Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla, Measadóireacht agus Suirbhéireacht Teorann agus Suirbhéireacht an Ordonáis. 4. Ceistníodh Séosamh O Conghaile (Cathaoirleach Choimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe), Liam Mac Gabhann (Rúnaí, Tabhartaisí agus Tiomanta Déirciúla), Seán O hIarfhlatha (Coimisinéir Luachála), Tomás Dagg, C. S. Almond (An Roinn Airgeadais) agus Seán O Meachair (Roinn an Stát-Chiste agus na hIniúchóireachta). 5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.45 p.m. go dtí Déardaoin seo chughainn. |
||||||||||||