Committee Reports::Report No. 02 - Amendments to Standing Orders (Consequent on the establishment of Seanad Éireann)::04 May, 1938::Appendix

AN DARA TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Buan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phuiblí do leasú de dhruim Seanad Eireann do bhunú.

Ag cruinniú bhí acu an 4adh Bealtaine, do bhreithnigh an Coiste leasuithe áirithe do tairgeadh le déanamh ar na Buan-Orduithe maidir le Billí Airgid do dheimhniú, Billí do chur chun an tSeanaid agus leasuithe no molta ón Seanad do bhreithniú. Molann an Coiste go leasófaí na Buan-Orduithe mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Tuarasgabháil seo.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach.


4adh Bealtaine, 1938.


SCEIDEAL.

Buan-Ordú Uimh. 110 do scriosadh amach agus na Buan-Orduithe seo leanas do chur isteach ina ionad:—


Billi Airgid.

Deimhniú i dtaobh Billí Airgid.


110. Chó luath agus a rithfidh an Dáil Bille is dóich leis an gCeann Comhairle a bheith ina Bhille Airgid agus sara gcuirfear chun an tSeanaid é bhéarfaidh an Ceann Comhairle a dheimhniú amach mar a héilítear le hAirteagal 22 den Bhunreacht agus craolfa sé don Dáil san do bheith déanta aige. Ina theanta san, cuirfe sé fé ndeár fógra do chur chun Cathaoirleach an tSeanaid láithreach á innsint dó go bhfuil sé tar éis an Bhille sin do dheimhniú.


Conbharsaid idir an Dail agus an Seanad.

Teachtaireachtaí.

Teachtaireachtaí go dtí an Seanad.


111. Is i scríbhinn, fé láimh Chléireach na Dála, a bheidh Teachtaireachtaí ón Dáil go dtí an Seanad agus is chun Cléireach an tSeanaid a bheid dírithe.


Teachtaireachtaí ón Seanad.


112. (1) Isé an Cléireach a ghlacfaidh Teachtaireachtaí thiocfaidh ón Seanad. Cuirfidh an Ceann Comhairle aon Teachtaireacht den tsórt san in úil don Dáil an chéad uair a bheidh caoi aige air: Ach má bhíonn gá speisialta leis féadfar briseadh isteach ar aon ghnó bheidh ar siúl ar fháil na Teachtaireachta san chun na Teachtaireachta d’éisteacht.


(2) Más gá do réir Teachtaireachta ón Seanad go ndéanfadh an Dáil aon ghníomh no ní cuirfear an Teachtaireacht ar an gcéad Riar Oibre a hullamhófar ina dhiaidh sin agus breithneofar í dá réir sin: Ach féadfaidh an Dáil an Teachtaireacht san do bhreithniú níos túisce ná san má bhíonn gá speisialta leis.


Billí.

Billí a rithfidh an Dáil do dheimhniú.


113. Tar éis do Bhille gabháil tré gach Céim sa Dáil, déanfaidh an Cléireach, no cuirfidh fé ndeár go ndéanfar, cóip bheacht de agus deimhneoidh sé gur cóip dhílis chruinn an chóip sin tré dheimhniú á rá san do chur i mbarr an chéad leathanaigh agus tré inisealacha a ainme agus uimhir do chur ar gach leathanach ina dhiaidh sin. Luadhfar i ndeimhniú sighnithe an Chléirigh an dáta ar ar ghaibh an Bille tré n-a Chéim dheiridh sa Dáil, agus an dáta ar ar cuireadh chun an tSeanaid é.


Billí do chur chun an tSeanaid.


114. Cuirfear chun an tSeanaid an chóip dhílis sin de Bhille a bheidh rithte mar adubhradh agus í deimhnithe go cuibhe sa tslí a foráltar anso roimhe seo agus Teachtaireacht ina teanta


ag tagairt don Bhille sin agus á rá gur mian leis an Dáil go n-aontódh an Seanad le dlí do dhéanamh den Bhille.


Billí tionnsenófar sa tSeanad.


115. Bille tionnscnófar agus a rithfear sa tSeanad, tuigfear a Chéad Chéim sa Dáil do bheith rithte aige agus tar éis é fháil ón Seanad cuirfear síos é, i gcóir a Dhara Céime, ar an gcéad Riar Oibre eile a hullamhófar.


Leasuithe no molta ón Seanad do bhreithniú.


116. Tar éis gabháil tré gach céim sa tSeanad do Bhille a cuireadh ón Dáil go dtí an Seanad, agus tar éis a churtha thar n-ais chun na Dála go leasuithe a rinneadh sa tSeanad no, i gcás Billí Airgid, go molta a rinne an Seanad, foillseofar na leasuithe no na molta san, do réir mar a bheidh, don Dáil agus déanfaidh an Dáil, i gCoiste, na leasuithe no na molta san, do réir mar a bheidh, do bhreithniú agus tuairisc do thabhairt ina dtaobh.


An nós imeachta a bhainfidh le leasuithe ón Seanad.


117. Aon leasú a dhéanfaidh an Seanad ar Bhille tionnscnadh sa Dáil, féadfaidh an Dáil glacadh leis tar éis é leasú no gan é leasú no féadfa sí diúlta dhó. Ní tairgfear aon leasú ar leasú a rinne an Seanad mara mbeidh dlúthbhaint aige leis, ná ní féadfar aon leasú eile ar an mBille do thairisgint maran leasú é leanann as glacadh le leasú ón Seanad no as é leasú no as diúlta dhó.