Committee Reports::Report - Local Government (Galway) Bill, 1937 [Private]::12 May, 1937::Report

DÁIL EIŔEANN.

TUARASGABHAIL ON ROGHA-CHOISTE AR BHILLE RIALTAIS AITIULA (GAILLIMH), 1937.

REPORT OF THE SELECT COMMITTEE ON THE LOCAL GOVERNMENT (GALWAY), BILL, 1937.

1. B’iad so leanas baill an Rogha-Choiste:—Risteárd MacFheorais, Cathaoirleach; Liam O Deasmhúnaigh, Seán Good, Tomás Hairis, Beircheart Mag Uidhir, Donnchadh O Briain agus O Mathghamhna, Teachtaí.


2. Do bhreithnigh an Rogha-Choiste an Bille, Dé Céadaoin, 28adh Abrán, 1937, agus Dé Céadaoin, 12adh Bealtaine, 1937.


3. Tá an Rogha-Choiste á thuairisciú gur scrúduíodar roimhrá an Bhille agus gur dineadh, chun sástachta dhóibh, na curtha-i-leith atá ann do chruthú, gur ghabhadar tríd an mBille agus gur dhineadar leasuithe air.


4. Nuair do bhí an Rogha-Choiste ag breithniú an Bhille bhí os a gcomhair tuarasgabháil ar an mBille ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí. Taisbeántar sna Fo-scríbhinn atá i ndeireadh na tuarasgabhála so an tslí inar deighleáladh leis na molta san.


(Sighnithe)


RICHARD CORISH,


Cathaoirleach an Rogha-Choiste.


12 Bealtaine, 1937.