Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1935 - 1936::26 May, 1937::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

THE PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 26 Bealtaine, 1937.

Wednesday, 26 May, 1937.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Pádraig O Beacháin, Tadhg O Cruadhlaoich, Seán Ua Gúilidhe, Alasdar Haslett, Mícheál Mac Aoidh, Domhnall Mac Meanman, Donnchadh O Briain agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Tairisgint déanta (Pádraig Mac Gabhann):—


“That Deputy McMenamin be Chairman of this meeting of the Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Do chuaidh Domhnall Mac Meanman i gCeannas dá réir sin.


4. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1935-36. Críochnuíodh an Cuntaisí seo a leanas:—Teaghlachas an tSeanascail, Oireachtas, Roinn Uachtarán na hArd-Chomhairle, Oifig an Aire Airgid, Coimisiún agus Fiosrúcháin Speisialta, Saotharlann Stáit, Coimisiún na Stát-Sheirbhíse, Cúiteamh i gCailliúna Maoine, Cúiteamh i nDíobhála Pearsanta, Aois-Liúntaisí agus Liúntaisí Fágála, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An tSeirbhís Sheicréideach, Coimisiún na nDleacht, Costaisí fen Acht Timpeal Toghachán, agus fé Acht na nGiúirithe, Costaisí Ilghnéitheacha, Deontaisí Bhreise Talmhaíochta, Dlí Mhuirearacha, Príomh - Scoileanna agus Coláistí, Forbairt Chadhnraide Leictreachais, Oifig an tSaor-Chíosa, Luach Saothair chun costais bhainistí Stoc-Rialtais, Scéimeanna Fóirthne, Deolchairí agus Conganta Airgid Um Easportáil, Iasachtaí Coigríche Dháil Eireann d’Aisíoc, agus Aisíocanna leis an gCiste Teangmhais.


5. Ceistníodh Séamus Mac Eilgeóid (Rúnaí, An Roinn Airgid) agus an tArd-Scrúdóir.


6. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1.25 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.