Committee Reports::Special Report - Seanad Electoral (Panel Members) Bill, 1937 together with the proceedings of the Special Committee::14 October, 1937::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Déardaoin, 14adh Deire Fómhair, 1937.

Thursday, 14th October, 1937.

1. Do chruinnigh an Coiste ar 5 p.m.


2. I láthair: Uachtarán na hArd-Chomhairle; an tAire Tionnscail agus Tráchtála; an tAire Talmhaíochta; an Rúnai Páirliminte don Aire Airgid, Risteárd Mac Antoine, Seán Mac Coisdealbha, Séamus Mac Gearailt-O Cionaoith, Eamon O Cíosáin, Séamus O Mórdha, Liam de Nortún, Liam O Briain, Seán O Súilleabháin agus Pádraig Mac Gabhann.


3. Do thairg Liam O Briain:—


“That the President of the Executive Council be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontuithe.


Do chuaidh an tUachtarán i gCeannas dá réir sin.


4. Orduithe: Ná leigfear ionadaithe do sna páipéirí nuachta isteach go dtí cruinnithe an Choiste go dtí go ndéanfar ordú eile.


5. Orduithe: Ná déanfar imeachta an Choiste do thuairisciú go hoifigiúil go dtí go ndéanfar ordú eile.


6. Do haontuíodh tairisgintí generálta, mar mhalairt ar na tairisgintí atá sa Bhille, do chur fé bhráid an Choiste de bhréithre béil ag á gcéad chruinniú eile, agus na tairisgintí do chur i scríbhinn chun a mbreithnithe ag an gcéad chruinniú ina dhiaidh sin.


7. Do chuaidh an Coiste ar ath-ló ar 6.10 p.m. go dtí 7.30 p.m. Déardaoin seo chughainn.


(Signed) EAMON DE VALÉRA,


Chairman.