Committee Reports::Report - National Maternity Hospital, Dublin (Charter Amendment) Bill, 1936 [Private]::14 May, 1936::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHAIL ON gCÓ-CHOISTE AR BHILLE AN OSPIDEIL MHÁITHREACHAIS NAISIÚNTA, BAILE ATHA CLIATH (LEASÚ AR AN gCAIRT), 1936.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE NATIONAL MATERNITY HOSPITAL, DUBLIN (CHARTER AMENDMENT) BILL, 1936.

1. B’iad seo leanas baill an Chó-Choiste:—Séamus Mag Eochagáin. K.C., Teachta, Cathaoirleach; Risteárd Mac Fheorais, Sir Osman Mac Easmuinn agus Pádraig O Dubhda, Teachtaí; Tomás O Fearáin, Séamus Mac Gearailt agus Liam O Suilleabháin, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille, Déardaoin, 14 Bealtaine, 1936.


3. Tá an Có-Choiste á thuairisciú gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus gur dineadh, chun sástachta dhóibh, na curtha-i-leith atá ann do chruthú, gur ghabhadar tríd an mBille agus gur dhineadar leasuithe air.


4. Nuair do bhí an Có-Chóiste ag breithniú an Bhille bhí os a gcomhair tuarasgabháil ar an mBille ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí. Taisbeántar sna Fo-scríbhinn atá i ndeireadh na tuarasgabhála so an tslí inar deighleáladh leis na molta san.


(Sighnithe)


JAMES GEOGHEGAN,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


14 Bealtaine, 1936.