Committee Reports::Report - Cork Milling Company Railway Bill, 1935::13 May, 1935::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHAIL ON gCO-CHOISTE AR BHILLE BOTHAIR IARAINN CHUIDEACHTA MHUILNEOIREACHTA CHORCAIGHE, 1935.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE CORK MILLING COMPANY RAILWAY BILL, 1935.

1. B’iad seo leanas baill an Chó-Choiste:—Mícheál Comyn, K.C., Seanadóir, Cathaoirleach; Séamus Eabhróid, Máirtín O Rodaigh agus Maitiú O Raghallaigh, Teachtaí; Pádraig Baxter, Tomás O Cinnéide agus Pádraig O Loingsigh, K.C., Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille, Déardaoin, 13 Meitheamh, 1935.


3. Tá an Có-Choiste á thuairisciú gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus gur dineadh, chun sástachta dhóibh, na curtha-i-leith atá ann do chruthú, gur ghabhadar tríd an mBille agus gur dhineadar leasuithe air.


4. Nuair do bhí an Có-Choiste ag breithniú an Bhille bhí os a gcomhair tuarasgabháil ar an mBille ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí agus ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála, fé seach. Taisbeántar sna Fo-scríbhinní atá i ndeireadh na tuarasgabhála so an tslí inar deighleáladh leis na molta san.


(Sighnithe)


MICHAEL COMYN,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


13adh Meitheamh, 1935.