Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1933 - 1934::29 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 29 Bealtaine, 1935.

Wednesday, 29 May, 1935.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


I láthair: Deasmhumhain Mac Gearailt (i gCeannas), Domhnall Mac Meanman, Pádraig O Murchadha agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí.


3. Do hathchromadh ar bhreithniú na gCuntaisí Leithreasa i gcóir na bliana 1933-34. Críochnuíodh na Cuntaisí seo a leanas:—Bun-Oideachas, Páipéarachas agus Clódóireacht, Measadóireacht agus Suirbhéireacht Teorann, Suirbhéireacht an Ordonáis, Foraoiseacht, Coimisiún na Talmhan, Gnóthaí Coigríche, Cumann na Náisiún, Oifig na nOibreacha Puiblí, Oibreacha agus Foirgintí Puiblí agus Longlann Inis Sionnach.


4. Ceistníodh Tomás O Muirgheasa (Leas-Rúnaí, An Roinn Oideachais), S. B. O Faoilleacháin (Stiurthóir, Oifig an tSoláthair), Seán O hIarfhlatha (Coimisinéir Luachála), Mícheál O Duibhginn (Rúnaí, An Roinn Tailte), Seán O Murchadha (Leas-Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Coigríche), C. S. Almond (An Roinn Airgid), Tomás Dagg (An Roinn Airgid), Seán O Loinn (An Roinn Airgid), Piaras Ceannt (Coimisinéir na nOibreacha Puiblí) agus an tArd-Scrúdóir.


5. Cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 1 p.m. go dtí Dé Céadaoin seo chughainn.