Committee Reports::Report and Proceedings - Ruling of the Cathaoirleach with regards to the Land Purchase (Guarantee Fund) Bill, 1935::18 December, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 18° Mí na Nodlag, 1935.

Wednesday, 18th December, 1935.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.30 a.m.


2. I láthair: An Cathaoirleach (i gCeannas), an Leas-Chathaoirleach, Somhairle Brún, Séamus Dubhglas, Pádraic O Loingsigh, Seán O Fearghail, Brian O Ruairc agus Risteárd Mac Liam.


3. Isé gnó bhí os cóir an Choiste ná an t-iarratas, fé láimh chúig Seanadóirí déag fé Bhuan-Ordú 39, le n-ar cuireadh fé bhráid an Choiste rialú an Chathaoirligh, do tugadh an 12° Mí na Nodlag, 1935, i dtaobh an Bhille Talamh-Cheannaigh (Ciste Urraíochta), 1935.


4. Dubhairt an Cathaoirleach, cé go raibh sé ullamh ar réasúin an rialuithe do rinne sé do luadh, gur bh’fhearr leis gan bheith i gceannas ná i láthair nuair a bheadh an Coiste ag breithniú a dtuarasgabhála; ach, ó thárla gur shighnigh cuid de bhaill an Choiste an t-iarratas le n-ar cuireadh an rialú san fé bhráid an Choiste, go bhféadfaí a thuisgint roimhbhreithiúntas do bheith tugtha ar an gceist acu; agus do mhol iad-san no duine acu d’imeacht as láthair in éineacht leis féin.


Dubhairt an Leas-Chathaoirleach gurbh é a mheas, mar dhuine de shighniúirí an iarratais, gur chúrsa é nár mhór don Choiste iomlán a dtuairim do thabhairt air.


Do thairg Séamus Dubhglas:—


“That, in the opinion of the Committee, neither the Cathaoirleach nor the members of the Committee who signed the requisition should be regarded as having prejudged the question to be decided by the Committee and that they accordingly should not withdraw.”


Ceist curtha, agus aontuithe.


5. Tar éis éisteacht leis an réasún do bhí ag an gCathaoirleach le n-a rialú do chinn an Coiste:—


(1) gur rialú ceart rialú an Chathaoirligh;


(2) gur cheart Buan-Ordú nua do chur leis na Buan-Orduithe i gcóir cásanna


(a) ina mbeidh réasún ag an gCathaoirleach chun a chreidiúint go bhfuil iarratas, ag iarraidh Coiste um Príbhléidí, á shighniú i gceachtar Tigh den Oireachtas;


(b) ina mbeidh an Coiste um Príbhléidí curtha ar bun.


Bhí an Leas-Chathaoirleach agus Pádraic O Loingsigh gan aontú leis sin.


6. D’órduigh an Coiste dréacht-thuarasgabháil do réir mar do haontuíodh d’ullamhú chun a breithnithe ag á gcéad chruinniú eile.


7. Do chuaidh an Coiste ar ath-ló ar 1.5 p.m.