Committee Reports::Interim and Final Report - Demise of Certain Mining Rights::02 July, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN ROGHA-COMMITTEE.

PROCEEDINGS OF THE SELECT COMMITTEE.

Dé Máirt, 2adh Iúl, 1935.

Tuesday, 2nd July, 1935.

1. Chruinnigh an Coiste ar 5.30 p.m.


2. I láthair: Séamus Coburn, Seán Mac Coistealbha; Tomás Dubhdal, Deasmhumhain Mac Gearailt, Séamus Mac Gearailt-O Cionnaith, Séamus Mag Eochagáin, Séamus O Mórdha, Liam de Nortún, Oscar Mac Tréinfhir agus an Rúnaí Páirliminte don Aire Airgid.


3. Tairisgint déanta (Séamus Mag Eochagáin):


“That Deputy Norton be Chairman of the Committee.”


Tairisgint déanta (Seán Mac Coistealbha):


“That Deputy Fitzgerald be Chairman of the Committee.”


Ceist curtha:


“That Deputy Norton be Chairman of the Committee.”


Do dhin an Coiste vótáil: Tá, 5; Níl, 4.


Tá—Tomás Dubhdall, Séamus Mag Eochagáin, Séamus O Mórdha, Oscar Mac Tréinfhir agus an Rúnaí Páirliminte don Aire Airgid.


Níl—Séamus Coburn, Seán Mac Coistealbha, Deasmhumhain Mac Gearailt agus Séamus Mac Gearailt-O Cionnaith.


Do faisnéiseadh gur glacadh leis an gceist.


Do chuaidh Liam de Nortún i gCeannas dá réir sin.


2. Orduithe: Imeachta uile an Choiste do thuairisciú verbatim agus leigint do lucht na bpáipéar nuachta bheith i láthair ag gach cruinniú.


3. Orduithe: Seacht mbaill do bheith ma quorum don Choiste.


4. Orduithe: Finnithe thiocfaidh i láthaír an Choiste do cheistniú fé mhionn.


5. Orduithe: A ordú do Rúnaithe na Roinne Tionnscail agus Tráchtála agus na Roinne Airgid no d’oifigigh cuibhe-údaruithe eile do sna Ranna san go bhfuil eolas acu ar an gcúrsa teacht i láthair an Choiste agus gach scríbhinn leo atá ar seilbh no ar fáil no fé n-a gcomhacht acu agus a bhaineann le habhar an fhiosrúcháin seo, agus a iarraidh ortha 20 cóip de gach scríbhinn fé leith do thabhairt leo.


6. Orduithe: Ordú d’iarraidh ar an Dáil—


(a) An tOrdú Curtha-fé-bhráid do leasú tríd an quorum do cheapadh do réir Bhuan-Orduithe Uimh. 65,


(b) a shocrú gur seacht mbaill is quorum ann, agus


(c) comhacht do thabhairt don Choiste chun an quorum d’atharú o am go ham.


7. Orduithe: Ordú d’iarraidh ar an Dáil—An tOrdú Curtha-fébhráid do leathnú chun go bhféadfar abhcóide thar ceann fínnithe d’éisteacht más oiriúnach leis an gCoiste é agus a shocrú cadé an nós imeachta bhainfidh leis sin.


8. Orduithe: Ordú d’iarraidh ar an Dáil—An tOrdú Curtha-fé-bhráid do leathnú chun go bhféadfar ceisteanna bhaineann le nós imeachta do shocrú ná fuil socair cheana leis na Buan-Orduithe.


9. Tuarasgabháil Interim.


Do thug an Cathaoirleach i lathair Dreácht Thuarasgabháil Interim.


Tairisgint déanta (Deasmhumhain Mac Gearailt):


“That the Chairman’s Draft Interim Report be the Interim Report of the Committee.”


Ceist curtha, agus aontuithe.


Orduithe: Do thuairisciú dá réir sin.


10. An Chéad Chruinniú Eile. Le gairm ag an gCathaoirleach chun teacht le chéile ar dháta ceapfar nuair a bheidh na scríbhinní luaidhtear i Mir 5 ar fáil.


11. Do chuaidh an Coiste ar ath-ló ar 6.40 p.m.