Committee Reports::Report - Bank of Ireland Bill, 1935::02 May, 1935::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHÓ-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.

Déardaoin, 2adh Bealtaine, 1935.

Thursday, 2nd May, 1935.

1. Do chruinnigh an Có-Choiste ar 10.30 a.m.


2. I láthair: Mícheál Comyn, K.C., Seanadóir, Cathaoirleach; Séoirse Beinéid, Alastar Haslett, agus Beircheart Mag Uidhir, Teachtaí; Sir Eadbhard Bigear, Séamus Dubhdal agus Tomás Mac Eóin, Seanadóirí.


3. Tháinig T. O Marnáin, Abhcóide, agus C. Rutherfoord, Gníomhaire Páirliminte, i láthair thar ceann na mBunuitheoirí, Gobharnóir agus Cuideachta Bhanc na hEireann.


4. Do héisteadh le T. O Marnáin ag labhairt ar thaobh Roimh-rá an Bhille agus do thug sé fianaise ar áird.


5. Do tiomnadh Tomás O hAonghusa, Príomh-Bhainisteoir Conganta Bhanc na hEireann agus ceistníodh é.


Do folmhuíodh an Seomra. Chuaidh an Coiste ar suidheachan.


6. Do cuireadh an Cheist:—“Go bhfuil an Roimh-rá cruthuithe”: Vótáil an Coiste: Ar a taobh, 4; Ina haghaidh, 2.


Ar a taobh:—Seoirse Beinéid agus Alastar Haslett, Teachtaí; Sir Eadbhard Bigear agus Séumas Dubhdal, Seanadóirí.


Ina haghaidh:—Beircheart Mag Uidhir, Teachta agus Tomás Mac Eoin, Seanadóir.


Do faisnéiseadh dá réir sin gur haontuíodh leis an gCeist.


7. Do glaodhadh isteach na Páirtithe agus cuireadh breith an Chó-Choiste in úil dóibh.


8. Do breithníodh agus do leasuíodh na hailt agus do haontuíodh leo.


9. Do léigheadh an tuarasgabháil agus do haontuíodh léi.


10. Do horduíodh tuairisciú don dá Thigh.


11. Do horduíodh an fhianaise do chlóbhualadh do réir B.O. 81 (Gnó Príobháideach).