Committee Reports::Interim and Final Report - Demise of Certain Mining Rights::02 July, 1935::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

25 Meitheamh, 1935:—Orduithe: Go ndeintear Rogha-Choiste, d-aon Teachta déag a cheapfaidh an Coiste Roghnathóireachta agus ag a mbeidh comhacht chun fios do chur ar dhaoine agus ar pháipéirí agus ar scríbhinní, do bhunú chun fiosruithe do dhéanamh go puiblí agus tuarasgabháil do thabhairt don Dáil ar na nithe seo leanas adubhairt Pádraig MacGiollagáin, Teachta:—


An t-aistriú ar na cearta Mionadóireachta Stáit maidir le tailte áirithe i gCo. Chill Mantán, do dheon an tAire Tionnscail agus Tráchtála an ladh Mí na Samhna, 1934, tré léas breithnithe no lorgaireachta do Mhícheál Comyn, K.C., Seanadóir, agus do Riobárd Brioscú, Teachta—


(a) gur deonadh é do Mhícheál Comyn, Seanadóir, agus do Riobárd Brioscú, Teachta, toisc gur cópháirtithe polaitíochta don Aire iad,


(b) gur deonadh é fé rún, agus


(c) gur deonadh é tráth do bhí a fhios ag an Aire dream no dreamanna eile do bheith chun a iarraidh go n-aistreofaí na cearta céanna chúcha ar théarmaí ba thairbhighe don Stát;


agus gur ghníomh mí-cheart ar thaobh an Aire an t-aistriú san do dheonadh;


agus fós chun fiosruithe do dhéanamh go puiblí agus tuarasgabháil do thabhairt don Dáil ar na fíora agus na cúrsaí uile bhaineann agus a ghabhann leis an iarratas ar an léas san agus le deonadh an léasa san, agus ar na fíora agus na cúrsaí uile bhaineann agus a gabhann leis an gcó-aontú do rinne na léasuithe chun a gcearta agus a n-oblagáidí fén léas san do shannadh. [Aire Tionnscail agus Tráchtála.]


27 Meitheamh, 1935:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste ar a raibh Séamus Coburn, Seán Mac Coistealbha, Tomás Dubhdal, Deasmhumhain Mac Gearailt, Séamus Mac Gearailt-O Cionnaith, Rúnaí Páirliminte don Aire Airgid, Séamus Mag Eochagáin, Seán Good, Séamus O Mórdha, Liam de Nortún agus Oscar Mac Tréinfhir.


9 Iúl, 1935:—Orduithe: Seacht mbaill de bheith mar quorum don Rogha-Choiste ar Aistriú ar Chearta Airithe Mianadóireachta Stáit, agus comhacht do thabairt don Choiste chun an quorum d’atharú o am go ham. [Liam de Nortún.]


Orduithe: Ordú Curtha-fé-bhráid an Rogha-Choiste do leathnú chun go bhféadfar Abhcóide thar ceann fínnithe d’éisteacht más oiriúnach leis an gCoiste é agus a shocrú cadé an nós imeachta bhainfidh leis sin. [Liam de Nortún.]


Orduithe: Ordú Curtha-fé-bhráid an Rogha-Choiste do leathnú chun go bhféadfar ceisteanna bhaineann le nós imeachta do shocrú ná fuil socair cheana leis na Buan-Orduithe. [Liam de Nortún.]


CLAR.


 

 

leathnach

1.

Orduithe Tagartha

...

...

ii

2.

Tuarasgabhála an Choiste:

 

 

Tuarasgabháil Interim

iv

 

Tuarasgabháil Deiridh

iv

3.

Imeachta an Choiste

...

liii

4.

Díospóireacht i gCoiste

...

ciii

5.

Liost na bhFinnithe

...

cxliv

6.

Miontuairisc na Finnéachta

1

7.

Fó-scríbhinní

...

...

...

397

8.

Treor

...

...

...

...

415