Committee Reports::Report - Proceedings and Minutes of Evidence - Exclusion of Certain Duly Authorised Visitors::06 March, 1934::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé MáirtMárta, 1934.

Tuesday, 6th March, 1934.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. I láthair: An Cathaoirleach (i gCeannas), an Leas-Chathaoirleach, Siobhán Bean an Phaoraigh, Séamus Dubhglas, Tomás Mac Eoin, Muiris O Mórdha, Brian O Ruaire agus Risteárd Mac Liam.


3. Chuir an Coiste fé bhreithniú an ní do cuireadh fé n-a mbráid tré rún do ritheadh sa tSeanad an 28° Feabhra, eadhon, póilíní míleata do choimeád amach cuairteoirí dar thug an Cathaoirleach ticéidí chun bheith ag an suidhe den Tigh, Dé Céadaoin, 21° Feabhra, 1934.


4. Chinn an Coiste fínnéithe do cheistniú gan iad do chur fé mhionn.


5. Chinn an Coiste a iarraidh ar an Seanadóir Caitlín de Brún agus ar Mhaoirseoir an Oireachtais fianaise do thabhairt uatha agus freisin cuireadh do thabhairt don Aire Cosanta fianaise do thabhairt uaidh agus d’orduigh don Chléireach a chur in úil go pearsanta do sna daoine do hainmníodh go raibh san dá iarraidh ortha.


6. Ceistníodh an Seanadóir Caitlín de Brún.


7. Chuaidh an Coiste ar ath-ló 5.20 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Céadaoin, 7° Márta.