Committee Reports::Report - Dublin General Cemeteries Company's Bill, 1933 ::08 June, 1933::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHAIL ON gCO-CHOISTE AR BHILLE CUIDEACHTAN ROILIGE GENERALTA BHAILE ATHA CLIATH, 1933.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE DUBLIN GENERAL CEMETERY COMPANY’S BILL, 1933.

1. B’iad so leanas baill an Chó-Choiste:—Pádraig O hOgáin (Leas-Cheann Comhairle), Cathaoirleach; Earnán Altún Séamus Mag Uidhir agus Pádraig Mac Gabhann, Teachtaí; Cáitlin Brún, Tomás O Fuaráin agus Muiris O Mórdha, Coirnéal, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille Déardaoin, 8adh Meitheamh, 1933.


3. Tá an Có-Choiste á thuairisciú gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus go ndearnadh, chun sástachta dhóibh, na curtha-i-leith atá ann do chruthú, agus gur ghabhadar tríd an mBille agus go ndearnadar leasuithe air.


4. Le linn an Bhille do bhreithniú bhí os a gcóir ag an gCó-Choiste tuairisc ar an mBille ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí. Maidir leis na molta ón Roinn sin chífear sa bhFo-Scríbhinn conus a deighleáladh leo.


(Sighnithe)


PATRICK HOGAN.


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


8adh Meitheamh, 1933.