Committee Reports::Report - Cork Harbour Bill, 1932 ::29 November, 1932::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHAIL ON gCO-CHOISTE AR BHILLE CHUAN CHORCAIGHE, 1932.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE CORK HARBOUR BILL, 1932.

1. B’iad so leanas baill an Chó-Choiste:—Mícheál O hAnnluain, Seanadóir, Cathaoirleach; Riobárd Brioscú, Séamus Eabhróid agus Séadna Minch, Teachtaí; Mícheál O Fainín, Seán O Fearghail agus Dáithí Mac Róín, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille Dé Máirt, 29adh Mí na Samhna, 1932.


3. Tuairiscíonn an Có-Choiste gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus gur leasuíodar é tré sna míreanna do bhualadh amach as ina luaidhtear a oiriúnaí bheadh sé comhachta do dheonadh do Choimisinéirí Chuan Chorcaighe chun dleachta agus éilithe méaduithe, agus rátaí tonnáiste speisialta méaduithe, do ghearradh agus tré mhír do chur ina n-ionad san ag tabhairt comhachta don Aire Tionnscail agus Tráchtála ath-scrúdú do dhéanamh ar rátaí, ar éilithe, ar chustuim, ar dhleachta, ar chíosa, agus ar airgead agus ar fháltaisí eile a húdaruítear leis na Cork Harbour Acts, 1820 to 1917, agus fós tré sna míreanna, maidir le comhachta breise chun airgid d’fháil ar iasacht agus maidir le faoiseamh d’fháil ón oblagáid i dtaobh ballasta do chur ar fáil, do bhualadh amach as mar nithe ná fuil gá leo; gur cruthuíodh chun a sástachta na nithe adeirtear sa Roimhrá, mar atá sé leasuithe; gur ghabhadar tríd an mBille agus go ndearnadar leasuithe air; agus gur leasuíodar an Teideal mar leanas:—


“ACHT CHUN LEASU DO DHEANAMH AR CHOMHACHTA CHOIMISINEIRI CHUAN CHORCAIGHE MAIDIR LE RATAI, DLEACHTA AGUS EILITHE AGUS CHUN SLI NIOS FEARR AGUS NIOS CAOTHULA DO CHEAPADH CHUN CUNTAISI NA gCOIMISINEIRI SIN DO CHOIMEAD AGUS D’INIUCHADH.”


4. Ag breithniú an Bhille don Chó-Choiste bhí os a gcóir tuarasgabháil ar an mBille ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála. Taisbeántar sa bhFoscríbhinn an tslí in ar deighleáladh le molta na Roinne sin.


(Sighnithe)


M. F. O’HANLON.


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


29adh Mí na Samhna, 1932.