Committee Reports::Report - Limerick Harbours Tramsways Bill, 1930::03 March, 1931::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHAIL ON gCO-CHOISTE AR BHILLE THRAMBHEALAIGH CHUAN LUIMNIGHE, 1930.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE LIMERICK HARBOUR TRAMWAYS BILL, 1930.

1. B’iad so leanas baill an Chó-Choiste:—Proinnsias O Fathaigh, Cathaoirleach; Máirtín O Conláin, Liam O Daimhín agus Séamus O Mórdha, Teachtaí; Mícheál Fainín, Tomás O Fearáin agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille Dé Máirt, 3adh Márta, 1931.


3. Tuairiscíonn an Có-Choiste gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus gur leasuíodar é tríd an bhforáil i dtaobh suime nách mó ná £35,000 d’fháil ar iasacht i gcóir na n-oibreacha a húdaruítear leis an mBille do bhuala amach as mar ní ná fuil gá leis agus tré fhoráil do chur isteach ann chun go bhféadfar cuid den airgead do fuarthas no do gheobhfar ar iasacht chun crícheanna Acht Chuan Luimnighe, 1926, do chur chun crícheanna an Bhille; gur cruthuíodh chun a sástachta na nithe adeirtear sa Roimhrá mar atá sé leasuithe; gur ghabhadar tríd an mBille agus go ndearnadar leasuithe air; agus gur leasuíodar an Teideal mar leanas:—


“ACHT CHUN A UDARU DO CHOIMISINEIRI CUAIN LUIMNIGHE TRAMBHEALAIGH DO DHEANAMH O PHORT AGUS CHUAN LUIMNIGHE GO DTI BOITHRE IARAINN CHUIDEACHTA MHORBHOITHRE IARAINN AN DEISCIRT AGUS CHUN COMHACHTANNA BREISE DO BHRONNA AR CHOIMISINEIRI CUAIN LUIMNIGHE CHUN AIRGID D’FHAIL AR IASACHT AGUS CHUN A CHUR IN AIRITHE GO n-AISIOCFAR AIRGEAD DO GHEOBHFAR AR IASACHT CHUN CRICHEANNA ACHT CHUAN LUIMNIGHE, 1926, AGUS CHUN A CHUR AR CHUMAS CHOIMISINEIRI CUAIN LUIMNIGHE CUID DEN AIRGEAD SAN DO CHUR CHUN CRICHEANNA AN ACHTA SO.”


4. Ag breithniú an Bhille don Chó-Choiste bhí os gcóir tuarasgabháil ar an mBille ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála agus ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí fé seach. Taisbeántar i bhFo-scríbhinn (A) agus i bhFo-scríbhinn (B) fé seach an tslí in ar deighleáladh le molta na Roinne sin.


(Sighnithe)


PROINNSIAS O FATHAIGH,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


3adh Márta, 1931.