Committee Reports::Report - relating to Standing Orders::26 June, 1930::Report

SEANAD EIREANN.

TUARASGABHAIL ON gCOISTE UM NOS-IMEACHTA I dTAOBH BUAN-ORDUITHE.

1. Ag an gcruinniú a bhí ag an Seanad ar an 19° Meitheamh, 1930, do deineadh cinn áirithe de sna Buan-Orduithe nua tairgthe atá sa Sceideal a ghabhann le Tuarasgabháil an Choiste dar dáta 21° Bealtaine, 1930 do chur thar n-ais chun an Choiste chun iad d’athbhreithniú.


2. Siad Buan-Orduithe a cuireadh thar n-ais amhlaidh ná uimhreacha 3, 30, 34, 44, 51, 57, 69, 89 agus 104.


3. D’athbhreithnigh an Coiste na Buan-Orduithe seo ag an geruinniú a bhí aea an 26° Meitheamh, 1930, agus do chinn gan aon atharú do mhola i mBuan-Orduithe 3 agus 34. Maidir leis an gcuid eile, molaid na leasuithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo.


TOMÁS BEINÉID,


Cathaoirleach an Choiste.


26° Meitheamh, 1930.