Committee Reports::Report - relating to Standing Orders::21 May, 1930::Report

SEANAD EIREANN.

TUARASGABHAIL ON gCOISTE UM NOS-IMEACHTA I dTAOBH BUAN-ORDUITHE.

1. Do ceapadh an Coiste um Nós-imeachta ar an 19° Feabhra, 1930, agus isiad atá air ná an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach (ex officio) agus Somhairle Brún, K.C., Séamas Dubhglas, Tomás O Fearáin, Tomás O Luingeacháin, Muiris O Mórdha, Coirnéal, Seosamh O Dochartaigh agus Siobhán Bean an Phaoraigh, Seanadóirí.


2. Maidir leis na Buan-Orduithe d’athscrúdú, do chuir an Seanad an cheist sin go dtí an Coiste ar an 19° Feabhra, 1930.


3. Níor deineadh aon atharú mór ar na Buan-Orduithe atá ann fé láthair ó glacadh leo ar dtúis i 1923, go luath tar éis an Seanad do bhunú. Is léir ón taithí a fuarthas as a bhfeidhmiú ó shoin gur cheart a lán atharuithe do dhéanamh ortha agus ní mór iad d’atharú tuille fós de dhruim oibriú Achtanna a bhaineann le có-dhéanamh agus le comhachta an tSeanaid. Uime sin do cheap an Cathaoirleach gur bhfearr Buan-Orduithe nua d’ullamhú ná tabhairt fé sna cinn atá ann fé láthair d’athscrúdú. Do chuir sé fé ndeár, dá réir sin, dreacht nua do chur le chéile fé n-a chúram féin, agus do cuireadh an dreacht so fé bhráid an Choiste.


4. Do bhreithnigh an Coiste an dreacht so ag na cruinnithe a bhí acu ar an 25° agus an 26° Feabhra, ar an 5°, an 13°, an 20° agus an 26° Márta, ar an 2° Abrán agus ar an 14° agus an 21° Bealtaine, 1930, agus do leasuíodar an dreacht.


5. Molann an Coiste go nglacfaí leis na Buan-Orduithe atá leagtha amach sa sceideal a ghabhann leis seo mar Bhuan-Orduithe an tSeanaid in ionad na mBuan-Orduithe atá ann fé láthair.


TOMÁS BEINÉID,


Cathaoirleach an Choiste.


21° Bealtaine, 1930.