Committee Reports::Report - Local Authorities (Officers and Employees) Act 1926::20 February, 1930::Report

TUARASGABHAIL

An Rogha-Choiste a ceapadh chun a fhiosrú agus a thuairisciú ar bhfearr no nár bhfearr, agus an méid atá ar colas anois i dtaobh oibriú Acht na nUdarás nAitiúil (Oifigigh agus Fostaithe), 1926, aon leasú do dhéanamh ar an Acht san dineann sé a thuairisciú mar leanas:—


1. Ní raibh aon fhoráil i dtéarmaí tagartha an Choiste ag tabhairt comhachta don Choiste fios do chur ar dhaoine, ar pháipérí agus ar bhreacacháin. Ar an abhar san níorbh fhéidir don Choiste fianaise béil a ghlaea. Shocruigh an Coiste mar sin féin a chur in úil do sna “húdaráis áitiúla,” mar a mínítear san Acht iad, gur cuireadh an Coiste ar bun agus cadiad na téarmaí tagartha a tugadh do, agus a iarraidh ortha aon tuairimí a bhainean leis an téarmaí tagartha agus ba mhaith leo a nochta do chur chun an Choiste i scríbhinn. Mar fhreagra ar an gcuire sin, fuarthas memorand o chéad agus seacht gcinn déag den dá chéad, dachad a naoi d’údaráis áitiúla chun ar scríobhadh. Bhí seacht n-údaráis n-áitiúla sásta le hoibriú an Achta, bhí trí cinn is fiche acu is gcoinnibh príonsabail an Achta, mhol seacht gcinn seasead acu leasuithe ba mhaith leo a déanfaí ar an Acht no ar an nós-imeachta fé, agus dubhairt fiche ceann acu ná raibh dada le rá acu.


2. Leanadh den nós-imeachta céanna i gcás-chumann le n-a mbaineann oibriú an Achta. Fuarthas memorand o Chumann Oifigeach Rialtai Aitiúla na hEireann, o Choiste Dochtúrí na hEireann, o Chomhlachas na nDochtúirí Oifigiúla Eitinne, o Chomhlachtas Fiaclórí na hEireann, o Chumann Banaltraí na hEireann agus o Chomhlachas Banaltraí na hEireann, ag mola leasuithe ba mhaith leo a déanfaí ar an Acht no ar an nósimeachta fé. Dubhairt Cumann Cóguiseorí na hEireann agus an Comhlachas Miondíolaíocha Druganna i mBaille Atha Cliath agus sna Cúigí go rabhdar sásta le hoibriú an Achta.


3. Mar bhreis ar an gcó-fhregarthas a luaidhtear sna míreann san roimhe eo, do chur Rúnaí Chomhlachas Cumann Tráchtála Shaorstáit Eireann litir chun an Choiste á rá go raibh a Chomhlachas sásta le hoibriú an Achta.


4. Ar iarrtas an Choiste do chuir na Coimisinéirí um Cheapacháin Aitiúla memorandum isteach ag taisbeáitn a nós-imeachta fén Acht.


5. Molann an Coiste na nithe seo leans:—


(i) Gurb iad na Coimisinéirí a caepadh fé Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1924 (Uimh. 5 de 1924) a chólíonfaidh feasta na feidhmeanna a ceapadh fén Acht do sna Coimisinéirí um Cheapacháin Aitiúla.


(ii) Mara nglactar leis an Mola san roimhe seo molann an Coiste ná beidh éinne ach duine i Stát-Sheirbbhís Shaorstáit Eireann incheaptha mar Choimisinéir fén Acht.


(iii) Go ndéanfar fo-alt (1) d’Alt 5 den Acht d’athghairm agus árduithe céime chó maith le ceapacháin nua do chur fé chúram an Choimisiúin um Cheapacháin Aitiúla.


(iv) Go leasófar Alt 7 i slí go bhforálfar leis go nadéfar na rialacháin ag ordú na gcáilíocht do gach oifig is oifig d’aon chineál, aieme no grád áirithe le n-a mbaineann an tAcht do leaga fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis na rialacháin sin do dhéanamh.


(v) (a) Go ndéanfar socrú chun scrúdú comórtais, tré scríbhinn, do bheith ann do gach ceapchán chun na seirbhíse puiblí nách ceapachán ’nar gá cáilíochtaí gairme no céirde ina chóir.


(b) Go ndéanfaidh an Coimisiún Cheapacháin Aitiúla, ag gníomhú dho tré Bhuird Roghnathóireachta a ceapfar chuige sin, scrúduithe do chur ar siúl do cheapacháin ’nar gá cáilíochtaí gaorme no céirde ina gcóir; go dtabharfaidh na Buird Roghnathóireachta san, le linn dóibh iarrthóirí do mhola chun a gceaptha, áird ar na teastaisí iarchéimneacha no na teastaisí den tsórt san a bheidh ag na hiarrthóirí agus fós ar an taithí a bheidh aca, agus gur tré scrúdú praiticiúil a gheobhfar méid na taithí sin amach.


(c) Gur cheart a ordú go reachtúil do Bhuird Roghnathóireachta ná déanfaid, nuair a bheid ag cur pearsanacht na n-iarrthóir i gcó-mheas le n-a chéile, marcanna do thabhairt ach i dtaobh cuma pearsanta agus iompair ghenerálta, agus ná raghaidh méid maximum na marc a hordófar chuige sin thar 5 per cent. d’iomlán na mare is féidir a fháil.


(vi) Go ndéanfaidh na Coimisinéirí um Cheapacháin Aitiúla chun ceapacháin ’nar gá cáilíochtaí gairme no céirde ina gcóir do líona, liostaí d’iarrthóirí cáilithe do chur le chéile chó minic is bhéas gá leo de dhruim an méid folúntas le n-a mbeifear ag súil ach gan san a dhéanamh níos minicí ná ceithre huaire sa bhliain; gurb é an nós-imeachta maidir le scrúduithe ag Buird Roghnathóireachta a leagtar amach sa Mhola ag (v) (b) agus (c) a bheidh mar bhunús leis na liostaí sin; gurb é bhéas i ngach liost den tsórt san ná liostaí méid iarrthóirí cáilithe is gá chun an méid folúntas do líona a measfar a thiocfaidh san aicme áirithe de cheapacháin sa tréimhse ina dhiaidh sin; agus éinne bheidh á iarraidh go gcuirfí ar an liost san é beidh séi i dteideal a fháil amach cá háit a fuair sé san ordú feabhais a cheap na Coimisinéirí sin.


(vii) Go raghfar i gcomhairle le heolgaigh na Roinne Stáit le n-a mbainfidh an scéal chun gach Bord Roghnathóireachta do bhunú a chuirfidh na Coimisinéirí bun chun iarrthóirí do thogha d’fhonn iad a mhola chun ceapacháin fén Acht.


(viii) Má thárlann in aon chás ná molfaidh na Coimisinéirí go gceapfaí an t-iarrthóir a fuair an chéad áit san ordú feabhais ón mBord Roghnathóireachta, go n-ineosaidh na Coimisinéirí don Bhord Roghnathóireachta an fáth nár mholadar go gceapfaí an t-iarrthóir sin.


(Sighnithe) O. GRATTAN ESMONDE.


Cathaoirleach.


20adh Feabhra, 1930.