|
TUARASGABHAIL.An Có-Choiste den Dáil agus den tSeanad do cuireadh ar bun chun a bhreithniú agus a thuairisciú ead iad na leasuithe, más ann dóibh, is gá do dhéanamh ar an Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, ar na hAchtanna leasuíonn san agus ar aon Reachtanna eile bhaineann le dlighinse shíbhialta Chúirteanna Shaorstáit Eireann, tuairiscíd mar leanas:— 1. Sa Tuarasgabháil seo leagann an Coiste amach tora a machtnaimh ar fheidhmiú ghenerálta Chúirteanna Shaorstáit Eireann uile agus fé seach i geúrsaí síbhialta, agus bheirid ina dheire liost de sna molta do rinneadar maidir le habhair ilghnéitheacha bhaineann leis na Cúirteanna fé seach. 1.—AN CHUIRT DUITHCHE.2. Sé brí na fianaise tugadh don Choiste ná go bhfuil an Chúirt Dúithche ag feidhmiú ar shlí shásuíonn eách i gcoitinne. Molann an Coiste an dlighinse atá aici fé láthar maidir le connra agus le tort, eadhon, £25 agus £10 fé seach, d’fhanúint aiei. 2.—AN CHUIRT CHUARDA.3. Bhain fianaise furmhór na bhfínné do tháinig os comhair an Choiste le dlighinse agus le hoibriú na Cúirte Cuarda agus leis an modh chun athchomhairc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte sin agus fuarthas amach gurbh éachtach an deifríocht do bhí idir tuairimí daoine deifriúla ar na ceisteanna so. Chuir an Coiste fé ndeár go leagfaí fé n-a mbráid fianaise bhreithiún, abhcóidí, atúrnaethe, ionadaithe lucht ceannaíochta agus lucht talmhaíochta, agus oifigeacha, go raibh eolas maith acu ar oibriú na Cúirte, daoine go raibh baint phearsanta ag a lán acu leis na córuis dlí do bhí i bhfeidhm sarar bunuíodh an Chúirt Chuarda. Díospóireachtaí Dháil Eireann, Iml. V., Col. 85. 4. Do bunuíodh an Chúirt Chuarda fé alt 37 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 (dá ngairmtear “Acht 1924” anso feasta) agus an dlighinse sin aici i gcásanna síbhialta a mínítear le halt 48 den Acht san agus fós an dlighinse a haistrítear chúiche le halt 51 den Acht san. Ceapadh í chun go nglacfadh sí féin agus an Chúirt Dúithche áit na Cúirte Contae do bhí ann roimhe sin, Cúirt go raibh dlighinse aici maidir le connra agus tort suas go dtí £50 agus fós “to take over so much of the High Court jurisdiction as related to the everyday legal business of the country which ought to be disposed of locally.” 5. Fé alt 37 d’Acht 1924, do roinneadh an Saorstát in ocht gCuarda do luadhadh sa Sceideal a ghabhann leis an Acht, agus do deineadh an roinnt sin i dtreo go mbeadh, mar a ceapadh, timpeal an méid céanna oibre le déanamh i ngach cuaird fé leith acu. Do foráladh fós le hAcht 1924 gur san ionad áitiúil do trialfaí cásanna do ghnáth. 6. Tá na Cúirteanna Cuarda ann anois le beagnách sé bliana. Táid ag obair, leis an tréimhse sin, gan Rialacha Cúirte agus gan aon seála orduithe de chostaisí. Is maith leis an geoiste gur féidir dóibh a rá, ag tógaint an scéil go léir le chéile, gur thug an Chúirt Chuarda féin sásamh do lucht dlí agus don phobal. D’fhás lochtaí áirithe inti, ámh, agus is féidir cuid acu do leigheas le Rialacha Cúirte, ach ní mór reachtúchán chun roinnt eile acu do leigheas. 7. Tamall gearr tar éis na Cúirte Cuarda do thosnú ar bheith ag feidhmiú fuarthas go raibh an ghnáth-obair i gCuaird Uimh. 1, cuaird ina bhfuil Cathair agus Contae Bhaile Atha Cliath, i bhfad ró-throm d’aon bhreitheamh amháin, agus isé tháinig as san ná an obair do dhul i ndiaidh láimhe go mór. Chuaidh an obair i ndiaidh láimhe sa Mheán-Chuaird chó maith, cuaird ina bhfuil sé contaethe, agus thárla an rud céanna sa Chuaird Thuaidh, cé ná raibh an scéal chó dona ansan. B’éigin, mar sin, beirt eile Bhreithiún Cuarda do cheapa ná fuil ceaptha go buan d’aon Chuaird fé leith. Beidh fear acu san ag teastáil i gCuaird Chathrach agus Chontae Bhaile Atha Cliath, agus cabhróidh an duine eile le breitheamh aon Chuarda go mbeidh gá aige le cabhair mar gheall ar bhruid oibre, ar bhreoiteacht no ar chúis eile. Ceapadh na breithiúin bhreise seo do réir alt 9 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928). 8. Tá fén gCoiste ar dtúis deighleail le dlighinse agus le hoibriú na Cúirte Cuarda agus, sa dara háit, leis an modh chun athchomhairc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda. (A) Dlighinse na cuirte cuarda.9. Fé alt 48 d’Acht 1924 do hachtuíodh go mbeadh an dlighinse seo leanas ag an gCúirt Chuarda i gcásanna síbhialta agus go bhfeidhmeoidh sí í:— (i) I gcás toilithe, gan aon teora maidir le méid an éilimh no luach na maoine bheidh i gceist sna himeachta má shighníonn gach páirtí riachtanach, sara n-éistear an cás, fuirm toilíochta orduithe ; (ii) i gcásanna connartha agus tort (lasmuich d’eisceacht no dho), nuair nách mó an t-éileamh ná £300; (iii) i gcás teidil chun tailimh agus ceartú an chláir, nuair nách mó ná £60 fé Dhlí na mBocht Luacháil na maoine bheidh i gceist ; (iv) i gcúrsaí agus in aicsin promháide agus i gcúiseanna dlí chun estáit do riara—nuair nách mó ná £1,000 luach na pearsantachta agus nách mó ná £60 Luacháil an tailimh fé Dhlí na mBocht ; (v) i gcásanna cothruim (ar a n-áirítear críochnú gnó cuideachtan) laistigh de sna teoranna céanna bhaineann le cúrsaí promháide agus le cúiseanna riaracháin, agus i gcásanna críochnuithe gnótha nuair nách mó ná £10,000 an caipital do thug an chuideachta amach ; (vi) i geúrsaí gnó-bhrise, i gCúirteanna Aitiúla Gnó-Bhrise a féadfar a bhunú fén Local Bankruptcy (Ireland) Act, 1888, in aon chuaird ; agus (vii) in imeachta áirithe a bhunóidh an Stát no aon Aire no Roinn Rialtais chun aon tsuim nach mó na £300 do bhaint amach. 10. I dteanta na dlighinse do bronnadh ar an gCúirt Chuarda le halt 48 d’Acht 1924 do haistríodh chun na Cúirte Cuarda le halt 51 den Acht san gach dlighinse ná dearnadh eiseeacht di go soiléir agus do bhí dílsithe i mBreacthóirí, i mBreithiúin Chúirte Contae, agus i gCathaoirligh Chúirteanna Ceathrú Shiosóin, no do bhí infheidhmithe acu, i dtosach feidhme an Achta, lasmuich den dlighinse sin do bhí ag Giuistísí ag Cúirteanna Ceathrú Shiosóin no mar bhaill de sna Cúirteanna san agus do bronnadh ar an gCúirt Dúithche no do haistríodh chúiche. Connra agus Tort.11. Isí cuid den dlighinse seo is mó gur tugadh fianaise ina taobh ná an chuid di bhaineann le cásanna connartha agus tort. Chun a fháil amach cé méid úsáide do rinne lucht dlí de dhlighinse leathnuithe na Cúirte Cuarda fuair an Coiste ón Roinn Dlí agus Cirt cuntas ar na cásanna connartha agus tort do hiontráladh chun a n-éistithe sa Chúirt Chuarda le linn na dtrí mblian dar chríoch Lúnasa 1929 agus iad ar n-a roinnt ina ngrúpaí do réir an mhéide do héilíodh. 12. Chífear ón gcuntas so gurb é líon iomlán na gcásanna san 34,710, agus as an méid sin nách lugha ná 26,810 an méid cásanna nár mhó ná £50 an méid do héilíodh ionta agus gur chásanna 4,710 den chuid eile gur mhó ná £50, ach nár mhó ná £100, an méid do héilíodh ionta. Chífear mar sin gur cásanna do bheadh laistigh den teora dhlighinse de £50 do bhí ag an seana-Chúirt Chontae timpeal 77 per cent. de sna cásanna connartha agus tort do hiontráladh chun a n-éistithe sna Cúirteanna Cuarda ; agus ag cuimhneamh dúinn ar laigheadú luach airgid bheadh níos mó ná 90 per cent. de sna cásanna a hiontráladh chun a n-éistithe sa Chúirt Chuarda i rith na dtrí mblian san bheidís laistigh de dhlighinse na Cúirte Contae no beagáinín os a cionn. 13. Do cheap furmhór mór na bhfínné de thug fianaise ar oibriú na Cúirte Cuarda nár cheart atharú ar bith do dhéanamh ar an dlighinse i gcásanna connartha agus tort. Isé an fáth ar cheapadar san ná gur thaithn an dlighinse leathnuithe do bhí ag an gCúirt Chuarda le lucht dlí agus leis an bpobal i gcoitinne, gur oibrigh an Chúirt Chuarda go sásúil cé ná raibh Rialacha Cúirte aice, agus go mba lugha go mór costaisí na gcásanna táchtacha sa Chúirt Chuarda ná costaisí cásanna den tsaghas chéanna san Ard-Chúirt. Cta. 4241-444, 4478-9, 4899-5028, 5059-60. Cta. 388-91, 814-26, 842-8, 918-22. 14. Ar an taobh eile den scéal do cheap a lán fínné agus ortha san na habheóidí dlí-chleachta do thug fianaise ar son Chomhairle na nAbheóidí, go raibh dlighinse na Cúirte Cuarda ró-leathan i gcásanna connartha agus tort agus go mba cheart í do chumhangú go dtí figiuir do bheadh beagnách ar aon dul le sean-dlighinse na gCúirteanna Contae, .i. cásanna nár mhó ná £100 an méid do bheadh á éileamh ionta. Isé an t-abhar ba mhó do bhí ag na fínnithe seo leis an méid sin do cheapa ná go raibh cruadh-phuíntí dlí ag baint le n-a lán de sna cásanna móra agus go raibh gá ionta le hAbhcóidí go mbeadh taithí mhaith acu, agus nárbh fhéidir deighleáil leo go sásúil in ionaid tuaithe, áiteanna ná fuil leabhair údarásacha dlí le fáil ag na hAbehóidí ná ag an mBreitheamh. B’é tuairim láidir na bhfínné seo, leis, maidir le dlighinse leathnuithe na Cúirte Cuarda mheallann abhcóidí óga chun furmhór a gcoda ama do chaitheamh sna Cúirteanna Cuarda, go raibh sí ag déanamh dochair d’fheabhas na nAbhcóidí, agus go leanfadh an scéal mar sin agus, sa deire, go ndéanfadh san dochar d’fheabhas na mBreithiún. D’admhuigh atúrnaethe céimiúla tuaithe an baol do bheith ann go ndéanfadh dlighinse leathnuithe na Cúirte Cuarda dochar d’fheabhas na nAbhcóidí ach san am gcéanna bhíodar i gcoinnibh aon chumhangú do dhéanamh ar dhlighinse na Cúirte Cuarda. 15. Molann an Coiste an dlighinse atá ag an gCúirt Chuarda i gcásanna connartha agus tort do choinneail. Ach measann an Coiste go bhféadfar cuid do sna lochtaí do fuarthas ar an dlighinse sin na Cúirte Cuarda i gcásanna connartha agus tort do leigheas tré shocruithe áirithe do dhéanamh agus feidhm dlí do thabhairt dóibh Aicsin d’Aistriú ón Ard-Chúirt.Míreanna 31 & 97. 16. Fé Airtiogal 64 den Bhunreacht tá ag an Ard-Chúirt “lánúdarás bunaidh agus comhacht chun socruithe gach cúrsa agus gach ceiste bhaineas le dlí no le fírinne, pe’ca síbhialta no coiriúil,” agus mar sin níl aon teora maidir le cineál ná le méid an éilimh. Achtuítear, ámh, le halt 25 d’Acht 1924: nuair a bheidh ar bun san Ard-Chúirt aon aicsean d’fhéadfaí a thosnú sa Chúirt Chuarda, go bhféadfaidh aon pháirtí san aicsean san, aon uair roimh sheirbheail fógra trialach ann, a iarraidh ar an Ard-Chúirt an t-aicsean do chur no d’aistriú chun na Cúirte Cuarda agus leis sin, más dó leis an gCúirt gurb aicsean é is oiriúnach le plé san Ard-Chúirt, féadfa sí an t-aicsean san do choinneail san Ard-Chúirt no, más rud é nách dó léi gurb aicsean é is oiriúnach le plé san Ard-Chúirt, féadfa sí an t-aicsean san do chur no d’aistriú chun na Cúirte Cuarda. Nuair a beifear á shocrú an cóir, in aon chás áirithe, an ceart atá ag duine fén mBunreacht chun dul go dtí an Ard-Chúirt do bhaint de, do réir dheabhraimh ba chóir don Chúirt, nuair a bheidh sí ag éisteacht iarratais fén alt so chun aicsin d’aistriú ón Ard-Chúirt go dtí an Chúirt Chuarda, féachaint chó fada agus théigheann cúrsaí breithiúnais a raibh an t-aicsean den tsaghas san do bheadh, mar adeirtear san alt, “oiriúnach le plé san Ard-Chúirt.” Do hiarradh ar an gCoiste, ámh, eás Hosie v. Lawless (1927 I.R. 470) do thabhairt fé ndeara, cás ina ndéarna an Chúirt Uachtarach, le linn dóibh breith do rinne Breitheamh san Ard-Chúirt do chlaochló, a fhógairt nárbh é seo an léiriú ceart ar alt 25 d’Acht 1924, agus, do réir “pholasaí” an Achta, nárbh é an cheist do bheadh fé bhráid na cúirte, nuair do hiarrfaí aicsean d’aistriú ón Ard-Chúirt go dtí an Chúirt Chuarda, ce’ca bhí an cheist “oiriúnach le plé san Ard-Chúirt” no ná raibh, ach “an bhfuil éinní san aicsean a chuireann lasmuich den pholasaí ghenerálta é agus a dheineann níos oiriúnaighe é le plé san Ard-Chúirt ná sa Chúirt Chuarda.” Do cuireadh in úil don Choiste gurb é tora na breithe seo go mbíonn an dlighinse go léir nách mór ar fad ag an gCúirt Chuarda anois i ngach aicsean a bhíonn laistigh dá dlighinse agus ná coinnítear san Ard-Chúirt aon aicsean a bhíonn laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda. Cé ná tugaid aon bharúil ar an gceist bhunreachtúil a thagann as an mbreith seo ceapann an Coiste, má bhíonn aicsean chó substainteach no chó táchtach go bhfuil sé réasúnta go dtosnófaí san Ard-Chúirt é, nách ceart a aistriú go dtí an Chúirt Chuarda ar an scór go bhféadfaí a thosnú agus dul chun cinn leis sa Chúirt Chuarda. Isé barúil an Choiste, mar sin, nuair a beifí á iarraidh go ndéanfaí aicsean do chur do d’aistriú ón Ard-Chúirt go dtí an Chúirt Chuarda, gurb í ceist ba cheart don Chúirt a bhreithniú ná ce’ca bheadh sé réasúnta no ná beadh, ag cuimhneamh ar gach taobh den scéal, an t-aicsean do thosnú san Ard-Chúirt, agus molann an Coiste go ndéanfaí an dlí is gá chun na críche sin. Má deirtear ina choinnibh seo go gcuirfeadh sé ualach sa mbreis ar lucht dlí is leor mar fhreagra na molta, i dtaobh costaisí, atá níos sia síos sa Tuarasgabháil seo. Nós-Imeachta I gCás Faillí.Cta. 2235-6, 2402-13, 2417-9, 5675, 5716. Cta. 1206, 2235-6, 2402, 3075-9, 3406, 3421-2, 4740-1, 5716, 5859, 6032-4. 17. Do rinne ionadaithe don lucht ceannaíochta fianaise do thabhairt don Choiste, maidir le breithiúntas d’fháil in aicsin nea-chosanta chun fiacha, no éilithe socruithe in airgead, do bhaint amach, a rá go mbaineann moill mhór leis toise a annamhaighe shuidheann an Chúirt Chuarda i líomatáistí lasmuich de chathair Bhaile Atha Cliath, mar gheall ar an méid Contae nách foláir don Bhreitheamh bheith ag obair ionta. Isé barúil an Choiste gur cheart socruithe speisialta do dhéanamh chun breithiúntaisí do mhareáil gan mhoill in aicsin chun fiacha, no éilithe socruithe in airgead, do bhaint amach, i gcásanna nár tháinig an cosantóir i láthair no, má tháinig, nár chuir sé cosaint isteach. Dubhairt cuid de sna finnithe gur cheart marcáil na mbreithiúntas do chur mar chúram ar an gClárathóir Contae. Ní aontuíonn an Coiste, ámh, leis an mbarúil seo. I gcásanna den tsórt cé ná bíonn sa ní seo, breithiúntas do mhareáil, do ghnáth ach gnáth-chúrsa oibre, is minic eiríonn ceisteanna, i dtaobh cineail an éilimh agus seirbheail an bhille shíbhialta, gur gá breith o bhreitheamh ortha. Ceapann an Coiste gur ag an mBreitheamh amháin ba cheart comhacht do bheith chun breithiúntaisí do mharcáil. Ceapaid, leis, gur cheart go bhféadfadh an Breitheamh Cuarda, le congnamh na saoráidí taistil nua-aimseartha, dul go dtí príomh-bhaile cuarda gach contae go reasúnta minic, abair uair sa mhí, chun breithiúntaisí den tsórt san do mharcáil, agus molaid socruithe do dhéanamh dá réir sin. Breithiúntaisí do Chlárú.18. (a) Nuair do bhí sé ag tabhairt fianaise don Choiste do thagair Máistir na hArd-Chúirte do nea-rialtacht do bheith ag baint leis an dlí maidir le breithiúntaisí do chlárú fé alt 336 den Bankruptcy Act, 1857, bíonn ar fhiach-éilitheoir bhreithiúntais do gheibheann breithiúntas i gceann de sna “Superior Courts” a bhreithiúntas do chlárú laistigh de lá is fiche chun go mbeadh tosaíocht ag a fhiacha breithiúntais i geás gnó-bhrise do thárlachtaint ina dhiadh sin don fhéicheamh bhreithiúntais. Ní bhaineann an t-alt so den Bankruptcy Act, 1857, ach le breithiúntaisí ó cheann de sna Superior Courts do bhí ann an uair sin no ón Ard-Chúirt atá ann anois, agus ní bhainfeadh sé le breithiúntas do ón gCúirt Chuarda, rud fhágann fiachéilitheoir breithiúntais do gheibheann breithiúntas sa Chúirt Chuarda do bheith níos fearr as ná fiach-éilitheoir breithiúntais do gheibheann breithiúntas san Ard-Chúirt, má thárlann gnó-bhrise don fhéicheamh bhreithiúntais ina dhiaidh sin. Ba cheart deire do chur leis an nea-rialtacht so tré shocrú reachtúil do dhéanamh chun go bhféadfaí breithiúntaisí ón gCúirt Chuarda do chlárú sa Phríomh-Oifig i mBaile Atha Cliath, agus tríd na leasuithe is riachtanach do dhéanamh ar an Bankruptcy Act, 1857. Ceapann an Coiste, ámh, go mba cheart, nuair a beifí ag cur an mholta so in éifeacht, deifríocht do dhéanamh idir breithiún taisí ón gCúirt Chuarda i suimeanna nách mó ná £100 agus breithiúntaisí i suimeanna is mó ná an méid sin. Mar atá ráite cheana sa Tuarasgabháil seo, ba chásanna nár héilíodh thar £100 ionta breis is 90 per cent. de sna cásanna connartha agus tort do hiontráladh chun a n-éistithe sna Cúirteanna Cuarda i rith na dtrí mblian dar críoch Lúnasa, 1929, agus dá bhrí sin, ag cuimhneamh dúinn ar laigheadú luach airgid ba chásanna iad do bheadh laistigh de dhlighinse na Cúirte Contae no beagáinín os a chionn san. Ní bhíodh aon tosaíocht ag breithiúntaisí na Cúirte Contae dá dtarlódh gnó-bhrise don chosantóir ina dhiaidh sin, agus dá dtugtaí tosaíocht, i geás gnó-bhrise, do bhreithiúntaisí ón gCúirt Chuarda i suimeanna is lugha ná £100 dob ionann san agus buntáiste do thabhairt d’aieme féichiún ná raibh an buntáiste sin acu roimh 1924. Measann an Coiste, ar an abhar san, nách ceart aon tosaíocht do thabhairt do bhreithiúntas ón gCúirt Chuarda i suimeanna nách mó ná £100, lasmuich de sna costaisí, i geás gnó-bhrise do thárlachtaint don fhéicheamh bhreithiúntais ina dhiaidh sin. (b) Molann an Coiste, leis, gan a bheith de cheart ag éinne breithiúntas do chlárú mar mhorgáiste ach amháin i geás breithiúntaisí i suimeanna is mó ná £50, lasmuich de sna costaisí. (c) Ba cheart socrú do dhéanamh chun go bhféadfaí coraíochtaí agus bannaí Stáit fé n-a raghfar sna Cúirteanna Cuarda do chlárú sa Phríomh-Oifig. (B) Athcomhairc I gCoinnibh breitheanna cuirte cuarda.19. Foráltar le halt 61 d’Acht 1924 go bhféadfar athchomharc chun beirte Breithiún den Ard-Chúirt, ina suidhe i mBaile Atha Cliath, i geoinnibh aon orduithe no breithe do bhéarfaidh an Chúirt Chuarda i geásanna síbhialta, agus gur “ar dhlí agus ar fhírinne no ar cheachtar acu” a bheidh an t-athchomharc bunuithe—ach cásanna áirithe nách fiú a luadh anso d’eisceacht. Foráltar le halt 62 d’Acht 1924 gur ar thuairise luath-scríbhneora oifigiúla a bheidh an t-athchomharc san bunuithe ach an chúirt a éistfidh an t-athchomharc san, go bhféadfa sí, más oiriúnach léi é, fianaise nua go ghlaca, do ráite béil no tré mhóid-scríbhinn. agus go bhféadfa si éinní a eireoidh as tuairise an luathscríobhnóra do chur chun an Bhreithimh Chuarda chun a thuairim air d’fháil agus go bhféadfa sí triail nua d’erdú no pé breith sa chás is oiriúnach leis an gCúirt d’iontráil. Níor thug an t-alt deiridh seo luaidhtear comhacht don Chúirt do bheadh ag éisteacht athchomhaire i gcoinnibh breithe na Cúirte Cuarda fianaise aon fhínné go mbeadh a fhianaise le fáil i dtuairisc an luath-scríbhneora d’ath-éisteacht; ach do ceartuíodh an fhaillí seo san Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1928 (Uimh. 15 de 1928). 20. Isé barúil an Choiste gurb é rún do bhí ag an Oireachtas ná athchomharc éifeachtúil a bheadh bunuithe ar fhírinne do bheith ann .i. go mbeadh an Chúirt i dteideal, le linn di athchomharc i gcoinnibh breithe na Cúirte Cuarda d’éisteacht, gan aontú le breith an Bhreithimh Chúirte Cuarda ar cheist fírinne nár cheist do bhainfeadh le rudaí do tuigfi as an bhfírinne sin. Cta. 1283-7, 1458-61, 1677-80, 1944-54, 3221-45, 4640-56, 4674, 5178-82, 5194-7, 5202-8, 5218. Mír 12. Cta. 4259-403, 4478-9, 4904-10, 4927-8, 5059-60. Cta. 4385-90, 4904. 21. Ag féachaint d’fhianaise chuid de sna fínnithe dhóibh, ámh, b’éigin don Choiste an cheist ghenerálta do bhreithniú, eadhon, ar mhaith an rud é athchomharc éifeachtúil do beadh bunuithe ar fhírinne do bheith ann, sé sin, ar cheart no nár cheart alt 61 d’athghairm agus socrú reachtúil do dheanamh le n-a leagfaí síos go soiléir, nuair a bheadh an Chúirt ag éisteacht athchomhairc i gcoinnibh breithe na Cúirte Cuarda, ná féadfadh an Chúirt deifriú leis an mBreitheamh Cúirte Cuarda ach chó fada le breith-thorthaí i gcúrsaí dlí agus i gcúrsaí rudaí do thuigsint o fhírinne. Bhí an fhianaise tugadh don Choiste go láidir i bhfábhar an ní seo .i. go mba cheart athchomharc éifeachtúil do bheith sa tír seo i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda ar cheisteanna fírinne. Cásanna ina mbíonn na suimeanna baintear amach níos lugha ná £100 isea breis is nocha per cent. de sna cásanna ar a dtugtar breith sna Cúirteanna Cuarda agus (ag cuimhneamh ar laigheadú luach airgid) do bheidís laistigh de dhlighinse na seana-Chúirteanna Contae no beagáinín os a chionn san. Maidir le cásanna bhíonn anatháchtach don lucht dlí ach ná bíonn i gceist ionta ach suimeanna airgid a bhíonn cuibhsach beag, níl gar bheith ag súil leis na ceisteanna dlí agus fírinne do phlé chó soiléir ná leis na cruthúnaisí is gá do scrúdú chó cúramach is déanfaí i gcásanna ina mbeadh suimeanna níos mó i gceist. Ar an abhar san, is minic a thárlann, ar chás do beith á éisteacht sa Chúirt Chuarda, go ndeintear mí-thriail ar an gcás gan a locht san do bheith ar an mBreitheamh, i. ná bíonn na dátáin uile ar fáil is gá chun na gceisteanna dlí uile do thriail no, ná tugtar amach iad sa bhfianaise, agus nách leor mar leigheas air sin an chomhacht a tugtar do sna Breithimh fianaise bhreise no fianaise nua do sholáthar ar éisteacht athchomhairc. Má táthar le ceart do sheasamh sa dlí i gcásanna den tsórt so is gá athchomharc éifeachtúil ar cheisteanna fírinne. Do cheap an Coiste nárbh aon leigheas mór ar an olc so aon chóras de phléideála atharuithe d’fhéadíaí do chur i mbaint le cásanna sa Chúirt Chuarda. An roimh-chomhairle is gá chun ráiteas ceart ar na ceisteanna dlí do dhéanamh agus an scrúdú cruthúnas is gá chun na fianaise cirte do sholáthar do mhéadóidís costaisí na gcásanna so ar shlí bheadh as cuimse ar fad i gcomórtas leis an méid airgid do bheadh i gceist. Measann an Coiste ar an abhar san go mba cheart go bhféadfaí athchomharc éifeachtúil ar fhírinne do dhéanamh chun na hArc Chúirte i gcoinnibh gach breithe agus orduithe dhéanfaidh an Chúirt Chuarda. Cta. 28, 139, 475. 22. Measann an Coiste, leis, nach sásúil an modh athchomhairc atá leagtha amach le halt 62 d’Acht 1924, eadhon, athchomharc bunuithe ar thuairisc luath-scríobhneora oifigiúla agus go mba cheart eirghe as. Sa chéad áit, fiú amháin dá mbeadh cead ag an mbínse athchomhairc gan aontú le breith an Bhreithimh Chúirte Cuarda ar cheist na fírinne amháin, is deacair, agus an modh athchomhairc seo ann, dul taobh thiar d’fhírinne an cháis mar a gheibheann an Breitheamh Cúirte Cuarda í, no a fháil amach a raibh an fhírinne go léir do bhain leis an scéal fé n-a bhráid. Rud eile dhe, is minic, gan a locht san do bheith ar an luath-scríbhneoir, nách féidir tuisgint cheart i bhfianaise fhínne, do bhaint as tuairisc an luath-scríbhneora, agus fiú amháin nuair is féidir, ní maith le bínse athchomhairc, ní nách iongna, gan aontú leis an mbreith, i gcúrsaí fírinne, do thug an Breitheamh Cúirte Cuarda do chonnaic agus d’éist na fínnithe, agus gur leis is fearr is féidir a n-inchreidmheacht do mheas. Rud mór eile i gcoinnibh an mhodha athchomhairc seo isea a fhaid thar meon is bhíonn tuairise an luath-scríbhneora go minic, óir an fhianais bhainfeadh do réir dheabhraimh leis na ceisteanna tarraiceofa anuas sa Chúirt Chuarda, is minic a bhainfeadh sí leo ar éisteach athchomhairc agus dá bhrí sin níorbh fhéidir leis an mBreitheamh Cúirte Cuarda diúlta dhi. Ar an siocair céanna bíonn sé riachtanach ag na habhcóidí in athchomharc iomlán tuairisc an luath-scríbhneora do chur síos ina mbríf, rud le n-a mbaineann costas mór go minic agus costas nea-riachtanach uaireanta, agus is riachtanach leis an abhcóide osclann athchomharc an tuairisc iomlán do léigheamh—rud a ceaptar is ciontach, de dheabhramh, leis an mbreis mhór ama thógann athchomhairc ar thuairisc an luath-scríbhneora seachas mar do thógadh athchomhairc fén seanamhodh ath-éisteachta. Ghá gcur i gcomórtas le cásanna do hathéistí ar athchomharc i gcoinnibh breitheanna na gCúirteanna Contae, tógann cásanna den tsórt chéanna, a héistear ar athchomharc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda, dhá oiread ama ar a laighead, agus is minic a bhíonn costaisí athchomhairc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda sna cásanna so chó hárd san gurb ionann iad is gan ceart athchomhairc do thabhairt in aon chor. Cta. 613, 1250, 1394-404, 1673, 2022, 4637, 4815-8. 23. Ar theacht don Choiste ar an gcomhairle go bhfuil an modh athchomhairc atá ann anois mí-shásúil agus go bhfuil sé chó mí-shásúil sin go mba cheart eirghe as isé céad ní eile bhí ag an gCoiste le breithniú ná cad é an modh athchomhairc ba cheart dar leo a chur ina ionad. Maidir leis an gceist seo bhí fianaise na bhfínnithe go láidir i bhfábhar Breitheamh no Breithimh den Ard-Chúirt, ina suidhe go háitiúil, d’athéisteacht an cháis ar athchomharc, agus molann an Coiste an modh so athchomhairc. Is ionann so agus, i gcásanna sa Chúirt Chuarda nach mó an méid a héilítear ionta na £100, dul siar go dtí an sean-nós, eadhon, athchomhare chun na Cúirte Ardshiosóin i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Contae. Fuarthas lochta ar an nós so, ach do ghnáth thugadh sé sásamh mór do lucht dlí agus don phobal. An locht ba mhó do fuair cuid de sna fínnithe ar athchomharc tré ath-éisteacht gurb é bheadh in éisteacht na Cúirte Cuarda go minic ná cruthúnaisí do scrúdú agus, le linn na hath-éisteachta ar athchomharc, go ndéanfadh lucht dlí claona do thabhairt don méid do bheadh ráite cheana acu, rud do chabhródh go mór chun mionna éithigh do dhéanamh níos coitianta. Níor chuir an Coiste mórán suime sa lochtú so. Daoine bochta aineolacha a thugann orduithe i geóir na n-imeachta i gcuid mhór de sna cásanna beaga sa Chúirt Chuarda, agus is éigin iad do ghlaca fá dheifre agus ní bhíonn aon scrúdú cruthúnas ann, rud fhágann ná fachtar amach, go mbíonn an cás éistithe, na poncanna dlí bhíonn i gceist dáiríribh agus an fhianaise is gá. I mórchuid de sna cásanna so ní bhionn aon tseans go seasófar ceart sa deire ar aon dóigh eile ach tré ath-éisteacht ar athchomharc, agus, i dtaca le baol na mionna éithigh do dhéanamh níos coitianta, isé barúil an Choiste gur lugha-de go mór an baol go n-eireoidh le mionna éithigh an cás do bheith á ath-éisteacht ar athchomharc. Cta. 4634-9, 5201, 5231-60. 24. B’fhéidir go ndéarfaí gur saghas nua ar fad athchomhairc a bheidh ann, i geásanna gur mó ná £100 a bheidh á éileamh ionta, má cuirtear ath-éisteacht in ionad an athchomhairc seo anois ann i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda agus é bunuithe ar thuairisc an luath-scríbhneora. Is follus an freagra air seo, eadhon, go dtug Acht 1924, sna cásanna so, ceart nua athchomhaire ar cheisteanna fírinne, agus gurb é an t-aon bhealach amháin chun éifeacht do thabhairt don cheart so ná ath-éisteacht ar athchomharc do cheadú. 25. Maidir leis an geeist, ce’ca do bhreitheamh no do bheirt bhreithiún den Ard-Chúirt ba cheart cásanna d’ath-éisteacht ar athchomharc i gcoinnibh breitheanna Cúirte Cuarda dob é barúil furmhór na bhfínné gur do bheirt bhreithiún ba cheart an ath-éisteacht do dhéanamh agus aontuíonn an Coiste leis an mbarúil seo. Athchomharc chun beirte breithiún den Ard-Chúirt isea an t-athchomharc fé alt 61 d’Acht 1924, agus í gcásanna gur mó ná £100 an méid a héilítear ionta is cinnte gur do bheirt bhreithiún ba cheart an aith-éisteacht ar athchomharc do dhéanamh. 26. Isé barúil an Choiste go mba cheart, agus molaid, gur go háitiúil, in ionaid oiriúnacha, do héistfí athchomhairc i gcoinnibh breitheanna Cúirte Cuarda tré ath-éisteacht agus san dhá uair sa bhliain ar a laighead i gceann a leithéidí sin de thréimhsí aimsire go gcuirfí in áirithe chó fada agus is féidir é go ndéanfaí gach athchomharc do bheadh ar feitheamh d’éisteacht laistigh de shé mhí ó dháta fógra an athchomhairc. 27. Má atharuítear an modh atá ann fé láthair chun athchomhairc i gcoinnibh breitheanna Cúirte Cuarda agus gur tré athéisteacht a déanfar athchomharc feasta, eireoidh ceist maidir leis an luath-scríbhneoir oifigiúil do choinneail le linn cásanna síbhialta do bheith á n-éisteacht. D’éist an Coiste mórchuid fhianaise ar an gceist seo, agus ceapaid go mba cheart an luathscríbhneoir oifigiúil do choinneail. Ní hionann é seo agus a rá go mba cheart a thuairisc sin do bheith ina cuid den bhreacachán sa Chúirt Chuarda ná gur ghá go gcuirfí i mbríf don abhcóide é ná go ndéanfaí cóip de, ach ba cheart é bheith le fáil agus ba cheart go mbeadh teideal ag aon pháirtí san aicsean chun cóip de d’fháil ar íoc na dtáillí orduithe ar a shon. 28. Ba mhaith leis an gCoiste, le linn dóibh a molta ar athchomharc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda do dhéanamh, a chur in úil go daingean chó mór is bhí furmhór na bhfínnithe a thug fianaise os a gcomhair mí-shásta leis an modh athchomhairc atá ann fé láthair. Rud ana-tháchtach córas dlí na Cúirte Cuarda do bheith sásúil, ní amháin don lucht dlí, ach don phobal i gcoitinne. 3.—AN ARD-CHUIRT.(a) Có-dhéanamh.29. Tá an Ard-Chúirt bunuithe fé alt 4 d’Acht 1924, agus bíonn sí có-dhéanta de “sheisear breithiún an chuid is mó dhe, eadhon, Uachtarán agus cúigear gnáth-bhreithiún.” Tá an Ard-Chúirt có-dhéanta fé láthair de sheisear breithiún, agus tá duine aca san (Liam Wylie, Breitheamh) nách féidir a iarraidh air aon dualgaisí chólíona ach an méid a bhaineann le hobair bhreithiúntais agus riaracháin Choimisiún na Talmhan. I dteanta gnáth-obair na hArd-Chúirte do dhéanamh bíonn ar bheirt den chúigear breithiún a bhíonn le fáil bheith ina gCúirt Athchomhairc Choiriúla gach uair a shuidheann sí ; bíonn ar dhuine aca bheith i gceannas suidheanna na Príomh-Chúirte Coiriúla a bhíonn ann ceithre huaire sa bhliain, agus a bhíonn an-fhada go minic agus bíonn beirt acu, agus, uaireanta, ceathrar acu, gnóthach ar feadh iomad seachtainí le chéile ag éisteacht athchomharc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda. Cta. 5111-21, 5127-9. Cta. 5113-4, 5128-33, 5145-8, 5251. 30. Bhí d’ádh ar an gCoiste gur chualadar fianaise analuachmhar ar oibriú na hArd-Chúirte ó Uachtarán na Cúirte sin, fear go bhfuil an post san aige o bunuíodh an Chúirt i 1924. Do réir barúla an Uachtaráin b’é an t-aon locht amháin do bhí in oibriú na hArd-Chúirte ná locht do tháinig as uireasbhaidh foirne, rud ba chiontach le moill do chur ar ghnó agus le roinnt áirithe mí-shásaimh mar gheall ar an moill sin. Agus b’é a bharúil, dá mbeadh a dóthain d’fhoirinn ó thús aici, ná beadh aon ghearán ann i dtaobh oibriú na hArd-Chúirte. Toisc gan go leor breithiún do bheith ann chun an ghnótha do dhéanamh, bhí riaráistí troma san Ard-Chúirt i ndeire na bliana 1926. I gcás athchomharc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda agus sa chás san amháin, a thárla na riaráistí seo, agus bhí ní ba mbó ná 700 acu sa liost an uair sin gan éisteacht. Chun na riaráistí seo do ghlana do ceapadh ceathrar coimisinéirí fén Acht um Athchomhairc Chúirte Cuarda, 1927 (Uimh. 10 de 1927). Shuidh na coimisinéirí seo o thús Abráin, 1927, go dtí an 24adh Mí na Samhna, 1927, ach amháin i rith na saoire dlíthiúla, agus ghlanadar na h-athchomhairc uile, i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda, a bhí ar feitheamh ar dháta rithte an Achta (31adh Márta, 1927). D’éisteadar 527 n-athchomhairc, mar tarraingeadh siar no buaileadh amach an chuid eile de sna hathchomhairc do bhí ar feitheamh an uair sin. Is léir o chuntas do thug an Roinn Dlí agus Cirt don Choiste go raibh 212 cheann d’Athchomhairc Chúirte Cuarda ag feitheamh le n’éisteacht i ndeire na bliana 1929, agus cuid acu, do reir gach deabhraimh, ar an liost le breis is bliain. Níor thaithn leis an gCoiste an cruatan mór do cuireadh ar lucht dlí tríd an moill mhóir do bhain leis na hathchomhairc seo d’ath-éisteacht. Cásanna nách mó ná £100 an méid do héilíodh ionta dob ea 9 gcinn as 10 gcinn de sna cásanna so. Daoine gan puinn de mhaoin an tsaoil acu furmhór an lucht dlí sna cásanna so agus is ar éigin is acfuinn dóibh moill is ionann go minic agus diúlta cirt d’fhulag. Pé fuirm ina mbeidh an t-athchomharc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda, is léir go gceapann an Coiste go mba cheart socrú cuibhe do dhéanamh chun athchomhairc i gcoinnibh breitheanna Cúirte Cuarda d’éisteacht go tapaidh agus go regleálta. Má coinnítear an modh athchomhairc, i gcoinnibh breitheanna Cúirte Cuarda, atá ann fé láthair ba cheart gur ag na hathchomhairc seo do bheadh an chéad éileamh ar am na beirte breithiún den Ard-Chúirt ainmneoidh an tUachtarán o am go ham chuige sin. Mar go mbíonn tuairim is 300 athchomharc éifeachtúil gach bliain ann agus ná deineann beirt bhreithiún ina suidhe le chéile ach trí no ceathair d’athchomhairc do chríochnú sa lá do ghnáth, thógfadh sé idir 75 agus 80 lá Cúirte, no tuairim is ceithre mhí den bhliain dlíthiúil chun na n-athchomharc so do choinneail gan dul i riaráiste. Ag cuimhneamh dóibh ar na figiuirí seo aontuíonn an Coiste le hUachtarán na hArd-Chúirte go mbeidh gá aige le breitheamh amháin eile, ar a laighead, agus b’fhéidir le beirt, má coinnítear an modh atá anois ann chun athchomhairc, i gcoinnibh breithcanna na Cúirte Cuarda, atá ann anois, d’fhonn is obair na Cúirte do dhéanamh in am. Ar an taobh eile den scéal, má deintear an modh athchomhairc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda d’atharú ina ath-éisteacht in ionaid áitiúla is léir go mbeidh gá le tuille Breithiún Ard-Chúirte. Ní thógfadh athchomhairc tré ath-éisteacht oiread ama chun a n-éistithe is thógfadh athchomhairc ro réir tuairisce luath-scríbhneora ; ach, ar an taobh eile, is dócha go mbeidís níos líonmhaire. Ghá chur i gcás gur beirt Bhreithiún do bheadh ag éisteacht na n-athchomharc so agus go mbeadh na cuarda athchomhairc ann fé dhó ar a laighead gach bliain, meastar go mairfeadh gach cuaird timpeal mí. Más ceart an méid sin do thógfadh na cuarda, chun athchomhairc i gcoinnibh breitheanna Cúirte Cuarda d’éisteacht, am breithiúntais cheathrair de sna Breithiúin Ard-Cúirte ar feadh dhá mhí den bhliain dlíthiúil, agus do bheadh gá mar sin le hoiread breithiún Ard-Chúirte agus bheadh ag teastáil dá leantaí den mhodh atá anois ann chun athchomhairc i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda. Fiú amháin dá mb’fhéidir a iarraidh ar an mBreitheamh a dheineann gnó breithiúntais is riaracháin Choimisiún na Talmhan cabhrú i ngnáth-obair na hArd-Chúirte, is deimhin leis an gCoiste ná tabharfadh sé sin aon fhaoiseamh mór don Ard-Chúirt an fhaid a bheadh obair Thalamh-Cheannaigh gan críochnú. Molann an Coiste ar an abhar san go ndéanfaí gan mhoill pé breis is gá do chur le líon Breithiún na hArd-Chúirte chun go bhféadfaidh an Chúirt sin a cuid oibre go léir do dhéanamh gan aon riaráistí do theacht. (b) Feidhmiú.Cta. 4505-7. 31. Cuireadh síos anso cheana mola an Choiste maidir le haicsin áirithe do tosnófaí san Ard-Chúirt agus do bheadh laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda do choinneail san Ard-Chúirt. Tá, leis, saghas aicsean ann a tugtar isteach go minic san Ard-Chúirt agus atá laistigh de dhlighinse na Cúirte Cuarda, sé sin, aicsin chun fiacha no éilithe socruithe in airgead do bhaint amach. Isé is mó bhíonn sna haicsin seo ná éilithe ar fhiacha gnáth-chonnartha bhíonn dlite ar son earraí do díoladh agus do seachadadh. Measann an Coiste gurb ionann agus mí-úsáid do dhéanamh den Ard-Chúirt éilithe fíor-bheaga den tsórt san do phlé sa Chúirt sin agus gur minic a chuireann sé cruatan ar chosantóir go mbíonn cosaint mhaith aige ach gur shaoire leis an t-éileamh d’íoc ná dul i mbaol costaisí Ard-Chúirte. Ag cuimhneamh dóibh ar an gceart a tugtar sa Bhunreacht chun dul go dtí an Ard-Chúirt, agus fós go mb’fhéidir, ina lán cásanna, go mbeadh sé ní ba chaothúla do sna daoine dul chun dlí san Ard-Chúirt, isé tuairim an Choiste go mba cheart saoráidí do bheith ann chun aicsin den tsórt a hainmnítear thuas do chur chun cinn san Ard-Chúirt. In aicsin san Ard-Chúirt chun fiacha no éilithe socruithe in airgead do bhaint amach, sé sin aicsin nách mó ná £25 an tsuim a baintear amach ionta, molann an Coiste go mba cheart a shocrú ná bainfeadh an gearánaí amach níos mó ná costaisí aicsin den chineál chéanna sa Chúirt Dúithche, pé cuma ina mbeadh an scéal. Agus in aicsean den tsórt chéanna san Ard-Chúirt, nár mhó ná £100 an tsuim do bainfí amach, ba cheart a shocrú ná bainfeadh an gearánaí amach níos mó ná costaisí aicsin den tsórt chéanna sa Chúirt Chuarda. 32. San am chéanna, ní dó leis an gCoiste go mba chóir aicsean san Ard-Chúirt chun fiacha no éilithe socruithe in airgead do bhaint amach d’aistriú chun na Cúirte Cuarda maran deimhin leis an gCúirt go bhfuil cosaint mhaith ar an aicsean no ar chuid éigin de ag an gcosantóir no gur nocht sé pé dátáin a tuigtear is leor chun é chur i dteideal cosanta. 33. Maidir le haicsean san Ard-Chúirt mar gheall ar fhiacha no éilithe socruithe in airgead is iníoctha ag an gcosantóir, sé sin, aicsean do bunófaí ar ghairm achmair go ndéanfadh an cosantóir teacht-i-láthair d’iontráil ann, agus ina mbeadh cead ag an ngearánaí a iarraidh ar an gCúirt, ar thairisgint, saoirse do thabhairt dó chun breithiúntais deiridh d’iontráil i suim a éilimh, isé tuairim an Choiste nách ceart an t-aicsean d’aistriú chun na Cúirte Cuarda mara gcuiridh an cosantóir ina luighe ar an gCúirt go bhfuil cosaint mhaith aige ar an aicsean no ar chuid éigin de, no mara nochta sé pé dátáin a tuigfear is leor chun é chur i dteideal cosanta. 34. D’ainneoin forálacha alt 25 d’Acht 1924 a thugann teideal do pháirtí ar bith, in aicsean ar bith d’fhéadfaí a thosnú sa Chúirt Chuarda, a iarraidh, aon am roimh sheirbheail fógra trialach, go ndéanfaí an t-aicsean do chur thar n-ais no d’aistriú chun na Cúirte Cuarda, do hiarradh ar an gCoiste breathnú ar chás áirithe, Smith v. Offaly County Council (1929 I.R. 618), in arbh é breith Uachtaráin na hArd-Chúirte, maidir le tairisgint chun aicsin do tosnuíodh le gairm achmair ag éileamh suime socruithe agus gur hiontráladh fógra teacht-i-láthair mar gheall uirthi, nách féidir i do thabhairt os comhair na Cúirte sara gcuirfidh an gearánaí an ghairm síos chun go n-éistfeadh an Máistir é fén nós imeachta atá orduithe le hOrdú XV, Riail 1 de Rialacha na hArd-Chúirte. Glacann an Coiste go hómósach leis an mbreith seo mar fhíor-léiriú ar alt 25 agus ar Rialacha na hArd-Chúirte agus is dó leo, maidir le hiarratas ar aicsean do chur thar n-ais no d’aistriú ón Ard-Chúirt chun na Cúirte Cuarda, go mba cheart go ndéanfadh aon pháirtí é chun breithimh den Ard-Chúirt aon uair le linn no tar éis seirbheail fógra trialach agus roimh no i ndiaidh an Gearánaí do chur na gairme síos chun a héistithe i láthair an Mháistir. Measann an Coiste go mba cheart a cheadú an tairisgint chun aistrithe do dhéanamh chó luath in Eirinn agus is féidir é chun na bpáirtithe do shaora o chostaisí is féidir do sheachaint. (c) Dlighinse an Mháistir.25adh Bealtaine, 1923. Ct. 4508. 35. Do moladh i dTuarasgabháil an Choiste Bhreithiúntais go mba cheart líon mór iarrataisí chun na hArd-Chúirte luaidhtear ansan do bheith “heard and determined by the Chief Official or Master of the Central Office” ; agus do cuireadh an mola so in éifeacht, i bpáirt mhóir, le Rialacha Cúirte do rinneadh fé Acht 1924 agus do dheabhruigh bheith ag tabhairt na gcomhacht a luaidhtear ionta do Mháistir na hArd-Cúirte. Comhachta breithiúnacha no leath-bhreithiúnacha cuid de sna comhachta so, agus d’eirigh an cheist: ag féachaint d’Airtiogal 64 den Bhunreacht a raibh a lán de sna horduithe do rinne an Máistir ultra vires? Tuigtear go bhfuil an cheist seo sub judice fós. Dubhradh leis an gCoiste nách féidir míniú generálta ar bith do thabhairt ar “judicial power,” go gcaithfear gach aon chás do ghlaca leis féin agus rialú do dhéanamh ortha ina gceann is ina gceann. Agus san amhaidh ba dheacair ar shlí do Choiste deighleáil le dlighinse Mháistir na hArd-Chúirte. Chun go mba shaoire agus go mba luaithe do seasófaí ceart, is gá gurb é an Máistir, in ionad na Cúirte, do dheighleálfadh le roinnt de sna hiarrataisí caithfear, b’fhéidir, a dhéanamh le linn na n-imeacht in aicsean. Agus measann an Coiste go bhfuil an ní seo chó táchtach san go mba cheart an reachtúchán is gá dhéanamh chun go bhféadfaí é dhéanamh do réir dlí. San am chéanna ceapann an Coiste go mba cheart gan baint do bheith ag an dlighinse do bhéarfaí don Mháistir ach le hiarrataisí bhaineann le nós imeachta, agus nár cheart go mbainfeadh sí le haon iarratas ’na socróidh a thora ceart no fiachas aon pháirtí (má cuirtear ina choinnibh) maidir leis an bhfaoiseamh dlí no cothruim a bheidh á éileamh san aicsean no in aon chuid de. 36. Isé barúil an Choiste, leis, go mba cheart iarrataisí chun aicsin do chur thar n-ais no d’aistriú ón Ard-Chúirt chun na Cúirte Cuarda do choinneail amach as dlighinse an Mháistir. 4.—AN CHUIRT UACHTARACH.37. Le halt 5 d’Acht 1924 achtuítear go mbeidh an Chúirt Uachtarach có-dhéanta de thriúr breithiún agus an Prímh-Bhreitheamh ina Uachtarán uirthi. Tá Uachtarán na hArd-Chúirte ex officio ina bhreitheamh bhreise den Chúirt Uachtaraigh (alt 6) agus má bhíonn breitheamh no breithimh den Chúirt Uachtaraigh breoite etc., féadfaidh an Prímh-Bhreitheamh a iarraidh ar aon ghnáth-bhreitheamh no gnáth-bhreithimh den Ard-Chúirt suidhe le linn éisteachta aon athchomhairc sa Chúirt Uachtaraigh (alt 7). Fé alt 8 féadfaidh an Prímh-Bhreitheamh, o am go ham, a iarraidh ar bheirt ghnáthbhreithiún, no níos mó, den Ard-Chúirt, suidhe in éineacht leis féin no le breitheamh den Chúirt Uachtaraigh mar Chúirt Athchomhairc Choiriúla. 38. Foráltar le halt 66 den Bhunreacht, gan dochar do pé rialacha agus maille le pé eisceachtaí a cinnfear le dlí (lasmuich d’aon chás do thabharfadh ceist dlisteanachta aon dlí anuas) go mbeidh dlighinse athchomhairc ag an gCúirt Uachtaraigh ar gach breith den Ard-Chúirt, agus le halt 18 d’Acht 1924 achtuítear: “fé réir a bhforáltar san Acht so aistreofar chun na Cúirte Uachtaraí an t-údarás a bhí dílsithe i seana-Chúirt Athchomhairc Chúirt Uachtarach an Udaráis in Eirinn no in aon bhreithimh no bhreitheamh di.” 39. Foráltar le halt 66 den Bhunreacht, leis: “ní bheidh dul thar breith na Cúirte Uachtaraighe in aon chás agus ní déanfar aith-bhreithniú ná ní féadfar aith-bhreithniú do dhéanamh ar an mbreith sin ag aon Chúirt, Binse ná Udarás eile ar bith: Ar choiníoll ná déanfaidh éinní sa Bhunreacht so baint ó cheart aon duine chun cead speisialta d’achuiní ar a Shoillse chun a chúis do thabhairt fé aith-éisteacht ón gCúirt Uachtarach go dtí a Shoillse i gComhairle ná baint ó cheart a Shoillse chun a leithéid de cheart do dheonú.” Cta. 4517-22, 4551-4, 5104-7. Cta. 5108-10, 4545, 4559. 40. Isí ceist ba mhó do bhí ar an gCoiste do bhreithniú maidir leis an gCúirt Uachtaraigh ná có-dhéanamh na Cúirte sin. I ngach ceann de sna Tiarnaisí eile bíonn an Chúirt is ionann agus an Chúirt Uachtarach i Saorstát Eireann, bíonn sí có-dhéanta de chúigear ball seasmhach ar a laighead. I gCanada bíonn an Supreme Court có-dhéanta de sheisear breithiún ; san Astráil bíonn an Federal High Court có-dhéanta de sheisear breithiún agus in Aontas na hAifriee Theas bíonn an Roinn Athchomhairc den Supreme Court có-dhéanta den Phrímh-Bhreitheamh agus de cheathrar ball seasmhach eile. Maidir le hAontas na hAifrice Theas, adeirtear is cosúile le Saorstát Eireann ná na hAontaisí eile, maidir le n-a Bhunreacht, is fiú a thabhairt fé ndeara ná raibh an Roinn Athchomhaire den Supreme Court có-dhéanta ach den Phrímh-Bhreitheamh agus de bheirt bhall seasmhach eile nuair do bunuíodh í i 1909 ; agus i 1920 fuarthas nárbh fholáir líon na mball do mhéadú go dtí cúigear, eadhon, an Prímh-Bhreitheamh agus cearthrar ball seasmhach eile. Tá sé le tabhairt fé ndeara leis go bhfuil fós, i ngach ceann de sna tiarnaisí sin, athchomharc éifeachtúil chun an Privy Council. Agus san amhlaidh bhí ar an gCoiste a bhreithniú an bhfuil sé sásúil gan ach triúr ball seasmhach do bheith i gCúirt Uachtarach Shaorstáit Eireann is ionann agus Cúirt deiridh Athchomhairc. Ag breithniú na ceiste seo dhóibh, bhí d’ádh ar an gCoiste fianaise an Phrímh-Bhreithimh agus Uachtaráin na hArd-Cúirte do chloisint. Tá an bheirt bhreithiún árd-chlú so ar an mbarúil go mba cheart an Chúirt Uachtarach do bheith có-dhéanta de níos mó ná triúr Breithiún. Mar bhall den Choiste Bhreithiúntais do chomhairligh an Ard-Chomhairle maidir leis na Cúirteanna Breithiúntais do bhunú i Saorstát Eireann i 1923, do mhol an Prímh-Bhreitheamh go mba cheart cúigear do bheith mar líon ball don Chúirt Uachtaraigh, ach do diúltuíodh dá mhola mar gheall ar an méid do chosnódh sé. Sa bhfianaise do thug sé os comhair an Choiste seo dubhairt an Prímh-Bhreitheamh arís gurbh fhearr cúigear breithiún ná líon níos lú, agus b’é a bharúil nár chóir an Chúirt Uachtarach do bheith có-dhéanta de níos lugha ná ceathrar breithiún. Thug sé le tuisgint, leis, go mb’ fhéidir, agus Cúirt Uachtarach triúir ann, go mbeadh an buadh ag breith na caol-choda nuair a déanfaí an t-athchomharc i gcoinnibh beirt Bhreithiún Ard-Chúirte. Rud eile, ní fhágann cúirt triúir aon duine go bhféadfaí tuitim siar air dá dtagadh breoiteacht ar dhuine éigin eile no dá mbeadh cuid den fhuirinn ag gabháil d’obair éiginn eile, e.g., sa Chúirt Athchomhaire Choiriúla. B’é a thuairim, leis, dá mba de chúigear breithiún do bheadh an Chúirt Uachtarach có-dhéanta, go mba cheart socrú do bheith ann gur leor ceathrar mar quorum. B’é tuairim Uachtarán na hArd-Chúirte, leis, má bhíonn an Chúirt Uachtarach ina Cúirt deiridh Athchomhairc, go mba cheart í dhéanamh chó láidir agus is féidir é, agus do mheas sé go mbeadh Cúirt Uachtarach do bheadh có-dhéanta de chúigear breithiún níos fearr ná cúirt ná bheadh có-dhéanta ach de cheathrar. Dubhairt sé, leis, agus bhí an Prímh-Bhreitheamh ar aon intinn leis, nár cheart glaoch ar bhreithiúin den Chúirt Uachtaraigh chun cabhruithe in obair na hArd-Chúirte. 41. Thug an Coiste togha is rogha a machtnaimh don cheist seo. Tá sé cinnte ina n-aigne go mbeidh síocháin agus creidiúint na tíre ag brath, thar éinní eile, ar riara éifeachtúil nea-chlaon na dlí i gcúirteanna go mbeidh muinghin ag an bpobal agus ag dligheadóirí asta agus meas acu ortha. Maidir leis an gCúirt Uachtarach do bheith ina Cúirt deiridh Athchomhaire sa tír seo, dá fheabhas atá sí anois agus a bheidh sí feasta ní mheasaid gur cheart gan ach triúr ball do bheith inti. 5.—FAILLI I mBLIANACHTA D’IOC LE COIMISIUN NA TALMHAN.Cta. 3303, 6186, 6327, 6351. 42. Do nochtadh fianaise i láthair an Choiste go mbíonn costaisí aithne, i gcás fiacha beaga alos blianacht is iníoctha le Coimisiún na Talmhan, as cuimse ar fad i gcomórtas le méid na bhfiach agus go gcuirid an bun-fhiachas i méid go ró-mhór. Deirtear go gcosnann aithne i 13s. 4d. tuairim is 11s. agus go gcosnann aithne i £2 9s. tuairim is £1 3s. Ní séantar an fiachas ach i bhfíor-bheagán cásanna ; admhuítear na fiacha agus ní bhíonn le breithniú ach neamhacfuinn no neamh-fhonn an bhlianachtóra maidir le n-a oblagáidí do chólíona. Braitheann an Coiste gur mór an cruatan a thagann as an scála de chostaisí atá ann fé láthair do chur i bhfeidhm sna cásanna so, agus molaid go ndéanfaí, le reachtúchán, scála de chostaisí do bheadh i bhfad ní b’ísle do shocrú agus é do chur i bhfeidhm i gcásanna nea-chosanta chun suimeanna nách mó ná £10 do bhaint amach. 6.—LUATH-SCRIBHNEOIRI CUIRTE.43. Pléidheadh obair na Luath-scríbhneoirí Cúirte le n-a lán fínnithe. B’é an tuairim choitiann go ndeintear é go hanamhaith do ghnáth, ach bhítheas mí-shásta toisc ná fuil i gcuid de sna luath-scríbhneoirí ach fostaithe páirt-ama. Dubhradh gur thárla i roinnt cásanna nár mhaith an rud é sin agus gur fhág sé go mb’fhéidir go dtiocfadh nea-rialtachtaí as. Molann an Coiste status oifigiúil ceart do thabhairt do sna luath-scríbhneoirí agus iad do bheith ar lán-aimsir agus i seirbhís speisialta leo féin agus, ar bheith amhlaidh dóibh, iad do bheith ionaistrithe, go buan no go sealadach, chun cúirte ar bith ina mbeidís ag teastáil. 7.—MOLTA ILGHNEITHEACHA.(i) Cúirt Dúithche.Cáilíocht ag duine chun a cheaptha mar Bhreitheamh Dhúithche. 44. Go gcuirtear an focal “deich” in ionad an fhocail “sé” in alt 69 d’Acht 1924. Aois chun dul as oifig. 45. Go scriostar amach, in alt 72 d’Acht 1924, na focail uile o thosach an ailt go dtí na focail “Ach i gcás” agus go gcuirtear na focail “Is 72 bhliain an aois chun dul as oifig do Bhreithimh den Chúirt Dúitche” ina n-ionad. 46. (a) Go ndeintear socrú go gcuirfear Breithimh Dhúithche, maidir le ceart pinsin, ar aon dul le Breithimh Chuarda. (b) Maidir le Breithimh Dhúithche atá ann anois agus ná beidh seirbhís chúig mblian déag tugtha acu ar shlánú na haoise chun dul as oifig dóibh, go mbeid i dteideal pé pinsean do gheobhaidís dá mbeadh seirbhís chúig mblian déag críochnuithe acu. Seirbheail ar chóluchtaí corparáideacha. 47. Go ndeintear socrú chun billí síbhialta faillí do sheirbheail ar chóluchtaí do hionchorparuíodh fé sna hAchtanna Cuideachtan agus ar chorparáidí agus gurb é modh ar a ndéanfar an tseirbheail sin an modh do horduíodh leis an Companies Consolidation Act, 1908. Malairt seirbheála. 48. Go ndeintear socrú, i gcásanna nach cásanna ar an nós imeachta bhaineann le faillí, chun go ndéanfaí malairt seirbheála nuair nárbh fhéidir no ná beadh sé caothúil seirbheail phearsanta do dhéanamh pe’ca mar gheall ar na nithe sin é dá dtagartar i Riail 76 de sna Rialacha Cúirte Dúithche dar dáta 9adh Iúl, 1926 no mar gheall ar a dheacracht dul chun tighe chomhnuithe an Chosantóra no ar aon leor-chúis mhaith eile shásóidh an Breitheamh Dúithche. Dlighinse d’fheidhmiú. 49. Go leasuítear alt 79 d’Acht 1924 i slí (a) go socrófar, i gcásanna connartha, gurb é fheidhmeoidh an dlighinse dílsítear sa Chúirt Dúithche agus a haistrítear chúichi leis an Acht san ná Breitheamh Dúithche bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina ndearnadh an connra no ina mbeidh gnáth-chomhnaí ar an gcosantóir no ar dhuine de sna cosantóirí no ina mbíonn sé ag gabháil d’aon ghairm, gnó no slí bheatha ; agus, i gcásanna ná beidh gnáth-chomhnaí ar an gcosantóir ná ná bíonn ag gabháil d’aon ghairm, gnó ná slí bheatha i nDúthaigh ar bith no—má bhíonn níos mó ná cosantóir amháin ann—ná beidh gnáth-chomhnaí ar éinne de sna cosantóirí ná ná bíonn sé ag gabháil d’aon ghairm, gnó ná slí bheatha i nDúthaigh ar bith, gurb é fheidhmeoidh an dlighinse ná Breitheamh Dúithche bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina bhfuighfear an cosantóir no duine de sna cosantóirí, agus (b) go socrófar, i gcásanna tort, gurb é fheidhmeoidh an dlighinse dilsítear sa Chúirt Dúithche agus a haistrítear chúichi leis an Acht so ná Breitheamh Dúithche bheidh ceaptha de thurus na huaire don Dúthaigh ina ndearnadh an tort no ina mbeidh gnáth-chomhnaí ar an gcosantóir no ar dhuine de sna cosantóirí no ina mbíonn sé ag gabháil d’aon ghairm, gnó no slí bheatha, agus (c) go socrófar, i gcásanna dí-shealbhaíochta, gurb é fheidhmeoidh an dlighinse dílsítear sa Chúirt Dúithche agus a haistrítear chúichi leis an Acht san ná Breitheamh Dúithche bheidh ceaptha don Dúthaigh ina mbeidh suidhe ar an áitreabh a beifear ad’ iarraidh d’fháil no ina mbeidh gnáth-chomhnaí ar an gcosantóir no ar dhuine de sna cosantóirí no ina mbíonn sé ag gabháil d’aon ghairm, gnó no slí bheatha. Mionn-scríbhinn um fhaillí. 50. Go mbeidh an mhionn-scríbhinn um fhaillí ina fianaise prima facie ar na dátáin a bheidh inti d’ainneoin fógra bheith tugtha go bhfuiltear chun cosanta dhéanamh. Cothromú agus frith-éileamh. 51. Go mbronntar comhacht reachtúil chun cothromú agus frith-éileamh fé seach do dhéanamh. Comhairle Chontae, etc., Comhacht chun dul chun dlí i dtaobh rátaí. 52. Go leasuítear Alt 77 d’Acht 1924 tré mhír eile do chur i ndeire míre (iv), ag tabhairt comhachta do Chomhairlí Contae, do Chomhairlí Bailecheanntair agus do Choimisinéirí Baile dul chun dlí i dtaobh rátaí. 53. Maidir le tairsce eallaigh, go n-athghairmtear an teora atá leis an méid is féidir do mhola, mar a forchuirtear é le hAlt 20 den Summary Jurisdiction Act, 1851, agus fós na coiníollacha eile is gá chun an cháis do thabhairt fén alt san—mar a moltar i dTuarasgabháil an Choiste Bhreithiúntais dar dáta 25adh Bealtaine, 1923. Acht um Fheidmiú Orduithe Cúirte, 1926. 54. (a) Go leasuítear Alt 18 den Acht um Fheidhmiú Orduithe Cúirte 1926 (Uimh. 18 de 1926) chun a shocrú go bhféadfaidh Breitheamh Dúithche, ar iarratas chun coimiteála, tuille fianaise thógaint ón bhféicheamh maidir leis an acfuinn a bheidh aige an uair sin agus go n-ordóidh sé an féicheamh san do chur i bpríosún mara gcruthóidh an féicheamh san chun sástachta an Bhreithimh nách féidir leis íoc agus nách tré n-a ghníomh ná a iompar ná a fhaillí féin nách féidir leis íoc. (b) Go leasuítear an t-alt san tuille chun a shocrú, i dtaobh féichimh do gabhadh agus / no do cuireadh i bpríosún fén alt, go mbeidh sé i dteideal go leigfí saor láithreach é ar íoc pé tráthchuic no tráthchoda bheidh dlite in am an iarratais ar choimiteail maille le costaisí. (c) Go n-oibreoidh sé mar chosc ar fheidhmiúchán athchomhare do lóisteail i gcoinnibh orduithe do rinneadh fé alt 17 no fé alt 18 den Acht. Comhacht Choimisinéirí Ioncuim. 55. Go dtugtar cead do Bhreitheamh den Chúirt Dúithche chun a shocrú mar is rogha leis, laistigh de theorainn chinnte, eadé an tréimhse phríosúntachta féadfar do ghearra mar gheall ar gan suim d’íoc no mar gheall ar gan go leor earraí do bheith le fáil in aghaidh na suime sin, sé sin, suim a socrófar tré chiontú fé aon reacht no de bhua aon reachta bhaineann le hioncum atá fé smacht na gCoimisinéirí Ioncuim. Aithne Chúirte Dúithche do bheith i bhfeidhm ar feadh sé mblian. 56. Go mba cheart forálacha Riail 88 den sna Rialacha Cúirte Dúithche dar dáta 9adh Iúl, 1926, d’achtú go reachtúil. Fínnithe do theacht i láthair. 57. Ag feidhmiú a dhlighinse i gcásanna síbhialta dho, go mbeidh ag Breitheamh Dúithche na comhachta céanna chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair sa Chúirt Dúithche agus bhíonn dílsithe ann agus é ag feidhmiú a dhlighinse i geásanna coiriúla. Urrús ar chostaisí. 58. Go bhféadfaidh an Cosantóir a éileamh, má chomhnuíonn an gearánaí lasmuich de Shaorstát Eireann, go ndéanfar, sara raghfar chun cinn leis an geás, na costaisí bhainfidh le caitheamhamach do lóisteail leis an gCléireach Cúirte Dúithche. Na costaisí do bhain le caitheamh-amach eile. 59. Má glaodhtar cás agus go dtaisbeánfaidh an cosantóir caitheamh-amach no caithte-amach do fuair sé i gcoinnibh an ghearánaí (no i gcoinnibh éinne go mbeidh an gearánaí ag éileamh dá dhruim no fé) ar an gcúis chéanna aicsin, ná beidh cead ag an ngearánaí dul chun cinn leis an geás go dtí go mbeidh méid an chaithte-amach no na gcaithte-amach san íoctha aige leis an gcosantóir no sásamh tugtha aige dho ann. Comhacht chun cás do bhuala amach maille le costaisí. 60. Go dtugtar feidhm le reachtúchán d’fhorálacha Riail 179 de sna Rialacha Cúirte Dúithche dar dáta 9adh Iúl, 1926. 61. Go ndeintear socrú le reachtúchán go bhféadfar aon mhionn-scríbhinn a bheidh le húsáid sa Chúirt Dúithche do mhionnú os comhair Coimisinéara Mhionn no Breithimh Dhúithche no Feadhmannaigh Shíochána go ndlighinse don líomatáiste Chúirte ina mionnófar an mhionn-scríbhinn. Athchomhare i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Dúithche. 62. Go leasuítear alt 84 d’Acht 1924 tré sna focail “’na luigheann Dúthaigh no aon chuid de Dhúthaigh an Bhreithimh” do scriosa amach agus na focail “ina mbeidh an Chúirt Dúithche sin suidhte” do chur ina n-ionad. (ii) An Chúirí Chuarda.An aois do Bhreithimh Chuarda chun dul as oifig. 63. Go leasuítear alt 40 d’Acht 1924 tré sna figiuirí agus an focal “70 bliana” do scriosa amach agus na figiuirí agus an focal “75 bliana” do chur ina n-ionad. Dlighinse maidir le toiliú. 64. Go leasuítear Acht 1924, Alt 48 (i) i slí go bhfolófar toiliú ar ar socruíodh le linn na cúise bheith ar siúl. Dlighinse phromháide. 65. Go leathnuítear dlighinse i ngnóthaí agus in aicsin phromháide chun Contaethe Bhaile Atha Cliath, na Midhe agus Chill Dara. Dlighinse chothruim. 66. Go ndeintear na hailt d’Acht 1924 a mhíníonn dlighinse na Cúirte Dúithche i gcásanna síbhialta do leasú i slí go bhforálfar go soiléir go ndéanfaidh an Chúirt Chuarda, fé réir na dteoranta a forchuirtear leis an Acht, dlighinse uile na hArd-Chúirte d’fheidhmiú go háitiúil i gcásanna síbhialta maidir le dlí agus le cothrom. Dlighinse maidir le críochnú gnótha cuideachtan, le gealtacht, agus le mion-aoisigh. 67. Nár cheart go bafeidhmeodh an Chúirt Chuarda dlighinse maidir le críochnú gnótha cuideachtan, le gealtacht agus le mionaoisigh. Dlighinse i gcásanna do cuireadh chun cúirte eile. 68. I geás aicsin um dhamáistí nea-shocruithe do bheith curtha chun Cúirte eile, go mbeidh ag an gCúirt chun ar cuireadh é an dlighinse chéanna dob fhéidir don Chúirt, in ar bunuíodh an t-aicsean san ar dtúis, d’fheidhmiú. Ceart chun breise do thabhairt suas. 69. Go mbeidh de cheart ag an ngearánaí breis do thabhairt suas— (a) roimh an éisteacht ach ráiteas go bhfuil an gearánaí chun na breise do thabhairt suas do chur ar an scríbhinn tionnseantach maraon le geallúint go nglacfa sé leis an suim a mholfaidh an Chúirt mar lán-tsásamh agus mar lán-íoc sa tsuim adeirtear a bheith dlite ; (b) le linn na héisteachta ach an gearánaí do thabhairt geallúna don chúirt go nglacfa sé leis an suim a mholfaidh an Chúirt mar lán-tsásamh agus mar láníoc sa tsuim adeirtear a bheith dlite. Comhacht chun cáis do bhuala amach maille le costaisí. 70. Go mba cheart forálacha Riail 179 de sna Rialacha Cúirte Dúithche dar dáta 9adh Iúl, 1926, d’achtú go reachtúil ach iad do chur in oiriúint don Chúirt Chuarda fé mar is gá é. Dlighinse d’fheidmiú. 71. (a) Go mba cheart alt 52 d’Acht 1924 do leasú chun a shocrú gurb é fheidhmeoidh, i gcásanna tort, an dlighinse dílsítear sa Chúirt Chuarda agus a haistrítear chúichi leis an Acht san ná an Breitheamh a bheidh ceaptha de thurus na huaire don Chuaird ina ndearnadh an tort no ina mbeidh gnáth-chómhnaí ar an gCosantóir no ar dhuine de sna Cosantóirí no ina mbíonn sé ag gabháil d’aon ghairm, gnó no slí bheatha. (b) Go mba cheart provísó do chur le halt 52 d’Acht 1924 sa chéill ná déanfaidh éinní san alt san athghairm ar fhoráll in aon Acht eile éilíonn no cheaduíonn aicsean nó imeacht do bhunú in aon ionad áirithe. 72. Go mba cheart comhacht reachtúil do bhronna ar an gCúirt Chuarda chun an ionaid d’atharú go dtí líomatáiste eile Cúirte Cuarda. Glaca le seir, bheail. 73. Go mba cheart comhacht do bheith ag atúrnae an pháirtí, i gcás gnáth-bhillí síbhialta agus i gcás dí-sheaibhaíocht tré bhillí síbhialta, glaca le seirbheail maraon le geallúint go dtiocfar i láthair—geallúint ’na dtiocfaidh as í bhrise go ndlighfear an páirtí do ghabháil. Malairt seirbheála. 74. Go ndeintear socrú, i gcásanna nách cásanna ar an nósimeachta bhaineann le faillí, chun go ndéanfaí malairt seirbheála nuair nárbh fhéidir no ná beadh sé caothúil seirbheail phearsanta do dhéanamh pe’ca mar gheall ar na nithe sin é dá dtagartar i Riail 76 de sna Rialacha Cúirte Dúithche dar dáta 9adh Iúl, 1926 no mar gheall ar a dheacracht dul chun tighe chomhnuithe an Chosantóra no ar aon leor-chúis mhaith eile shásóidh an Breitheamh Cuarda. Seirbheail ar chóluchtaí corparáide. 75. Go ndeintear socrú chun billí síbhialta faillí do sheirbheail ar chóluchtaí do hionehorparuíodh fé sna hAchtanna Cuideachtan agus ar chorparáidí, agus gurb é an modh ar a ndéanfar an tseirbheail sin an modh do horduíodh leis an Companies Act, 1908. 76. Go bhféadfaidh an cosantóir a éileamh, má chomhnuíonn an gearánaí lasmuich de Shaorstát Eireann, go ndéanfar, sara raghfar chun cinn leis an gcás, na costaisí bhainfidh le caitheamhamach do lóisteail leis an gClárathóir Contae. Na costaisí do bhain le caitheamh-amach eile. 77. Má glaodhtar cás agus go dtaisbeánfaidh an cosantóir caitheamh-amach no caithte-amach do fuair sé i gcoinnibh an ghearánaí (no i gcoinnibh éinne go mbeidh an gearánaí ag éileamh dá dhruim no fé) ar an gcúis chéanna aicsin, ná beidh cead ag an ngearánaí dul chun cinn leis an gcás go dtí go mbeidh méid an chaithte-amach no na gcaithte-amach san íoctha aige leis an gcosantóir no sásamh tugtha aige dho ann. 78. Más mó ná £50 an méid a héilítear i gconnra no i dtort, go mba cheart go mbeadh sa scríbhinn tionnscantach pléideail is leor chun an chúis no na cúiseanna aiscin do nochta agus fós pé mion-innste is gá do leaga amach i ráiteas éilimh san Ard-Chúirt agus dáta na héisteachta. Ba cheart glaoch ar an gcosantóir chun ráiteas cosanta, i gcosúlacht an chinn is gá san Ard-Chúirt, do chur isteach laistigh de thréimhse chinute. l gcásanna cothruim ba cheart ráiteas cosanta den tsórt chéanna do bheith riachtanach. Mionn-scríbhinn um fhaillí. 79. Go mbeidh an mhionn-scríbhinn um fhaillí ina fianaise prima facie ar na dátáin a bheidh inti d’ainneoin fógra bheith tugtha go bhfuiltear chun cosanta do dhéanamh. Aithne no caitheamh-amach do bheith i bhfeidhm ar feadh dhá bhlian déag. 80. Go mba cheart forálacha Riail 88 de sna Rialacha Cúirte Dúithche dar dáta 9adh Iúl 1926 d’achtú go reachtúil ach iad do chur in oiriúint i pé slí is gá chun go mbainfidís leis an gCúirt Chuarda agus an focal “twelve” do chur in ionad an fhocail “six” i ngach áit ina bhfuil an focal deiridh sin. Scála de chostaisí. 81. Go mba cheart scála einnte de chostaisí do bheith ann maran mó suim aithne ná £100 no, i gcás caithte-amach, maran mó an méid a héilítear ná £100 ; ba cheart na costaisí do mheasiniúcha i ngach cás eile. Caithteachaisí fínnithe d’áireamh mar chostaisí. Rogha ag an mBreitheamh maidir le costaisí. 82. Go ndeintear socrú le reachtúchán go ndéanfaí Riail (no Rialacha) sa chéill— (i) go mbeidh costaisí le fáil ag an té go n-eireoidh leis sa chúis mara n-ordóidh an Breitheamh a mhalairt mar gheall ar chúis speisialta luadhfar san ordú. Luighfidh athchomhare i gcoinnibh an orduithe seo do dheona no i gcoinnibh diúlta d’é dheona ; (ii) má bhíonn beirt no níos mó cosantóirí ann agus go n-eiroidh leis an ngearánaí in agaidh duine no daoine acu ach go dteipfidh air maidir le duine no daoine eile acu, féadfar a ordú don chosantóir nár eirigh leis ní hamháin costaisí an ghearánaí d’íoc, ach fós costaisí an chosantóra no na gcosantóirí gur cirigh leis no leo. In aon chás den tsórt san féadfaidh an Breitheamh aithne maille le costaisí do dheona i gcoinnibh aon duine no daoine de sna cosantóirí agus caitheamh-amach do dheona maidir leis an duine eile no leis na daoine eile de sna cosantóirí, maille le costaisí no ina n-éamuis, pe’ca aca is dó leis is ceart ; (iii) i gcás le n-a mbaineann an scála de chostaisí ní bheidh teora, ach fé mar is rogha leis an mBreitheamh, le méid costaisí na bhfínnithe. (Maidir leis seo moltar 27 & 28 Vict. c. 99 alt 52 agus an méid de 14 agus 15 Vict. c. 57 alt 101 a bhaineann le costaisí fínnithe d’athghairm). 83. Ná beidh gá le haon cheadúnas nua dheonfaidh an Chúirt Chuarda do dhaingniú ach nuair a dheonfaidh an Chúirt Chuarda an ceadúnas san fé réir a dhaingnithe i gCúirt Chuarda ar dháta nách déanaí ná bliain o am deonta an cheadúnais sin. 84. Go ndeintear socrú le reachtúchán go bhféadfar aon mhionn-scríbhinn a bheidh le húsáid sa Chúirt Chuarda do mhionnú os comhair Coimisineura Mhionn no Clárathóra Chontae no Feadhmannaigh Shíochána go ndlighinse sa líomatáiste Chúirte ina mionnófar an mhionn-scríbhinn. Cosc ar fheidhmiú. 85. Ná hoibreoidh fógra athchomhairc mar chose ar fheidhmiú maran rud é, i gcás gur cosantóir is athchomhareach go dtabharfar leor-urrús ar an suim do baineadh amach agus ar na costaisí no, i gcás nár baineadh amach aon tsuim, ar na costaisí do moladh no, i gcás gur gearánaí is athchomharcach, go dtabharfar leorurrús ar na costaisí do moladh d’íoc. Ba cheart an t-urrús a moltar do thabhairt, i bhfuirm choraíochta go leor-urraithe, sé sin pé urraithe le n-a mbeidh an Clárathóir Contae sásta, i pé suim a shocróidh an Breitheamh Cuarda no an Clárathóir Contae, no é thabhairt tré pé suim a shocróidh an Breitheamh Cuarda no an Clárathóir Contae do lóisteail. D’ainneoin an mholta roimhráite ba cheart go gcimeádfaí forálacha alt 69 de Deasy’s Act i bhfeidhm. Cásanna Cúitimh Lucht Oibre. 86. Nách chun na hArd-Chúirte ba cheart athchomhare do dhéanamh i gcásanna cúitimh lucht oibre, ach, mar deintí roimhe seo, chun na Cúirte Uachtaraighe, agus gan a dhéanamh ach amháin i dtaobh puinte dlí. Labourers (Ireland) Acts. 87. Go mba cheart ná féadfaí aon athchomharc do dhéanamh i gcoinnibh an orduithe do dhéanfadh an Chúirt Chuarda ar n-athehomhare i gcoinnibh Orduithe Shealadaigh do dhéanfadh an Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí fé sna Labourers (Ireland) Acts no fé sna Housing of the Working Classes Acts. 88. Go ndéanfaidh an Breitheamh Cúirte Cuarda, ar iarratas páirtí ar bith in aon imeacht a bheidh os a chomhair agus le toil na bpáirtithe uile, aon cheist dlí eireoidh in aon chás a bheidh os a chomhair do chur chun na hArd-Chúirte chun breithe do thabhairt uirthi, agus ní bheidh dul thar breith na hArd-Chúirte ná ní féadfar athchomhare ina coinnibh ach amháin le cead na hArd-Chúirte. (iii) Cúirt Athchomhairc Chuarda.89. Go mbeidh comhacht ag an mBreitheamh no ag na Breithimh Ard-Chúirte bheidh ag éisteacht athchomhare i gcoinnibh breitheanna na Cúirte Cuarda eás d’aithris don Chúirt Uachtarach agus go mba cheart gurb é seo an t-aon mhodh amháin chun athehomhare do dhéanamh i gcoinnibh breitheanna an bhínse sin. Scála de chostaisí. 90. Go mba cheart scála cinnte de chostaisí do bheith ann maran mó suim aithne ná £100 no, i gcás caithte-amach, maran mó an méid a héilítear ná £100 ; ba cheart na costaisí do mheasiniúcha i ngach cás eile. Caithteachaisí fínnithe d’áireamh mar chostaisí. Rogha ag an mBreitheamh maidir le costaisí. 91. Go ndeintear socrú le reachtúchán go ndéanfaí Riail (no Rialacha) Cúirte sa chéill (i) go mbeidh costaisí le fáil ag an té go n-eireoidh leis sa chúis mara n-ordóidh an Breitheamh no na Breithimh a mhalairt ar chúis speisialta luadhfar san ordú. Luighfidh athchomharc i gcoinnibh an orduithe seo do dheona no i gcoinnibh diúlta d’é dheona ; (ii) má bhíonn beirt no níos mó cosantóirí ann agus go n-eireoidh leis an ngearánaí in aghaidh duine no daoine acu, ach go dteipfidh air maidir le duine no daoine eile acu, féadfar a ordú don chosantóir nár eirigh leis ní hamháin costaisí an ghearánaí d’íoc ach fós costaisí an chosantóra no na gcosantóirí gur eirigh leis no leo. In aon chás den tsórt san féadfaidh an Breitheamh no na Breithimh aithne maille le costaisí do dheona i gcoinnibh aon duine no daoine de sna cosantóirí agus caitheamh-amach do dheona maidir leis an duine eile no leis na daoine eile de sna cosantóirí, maille le costaisí no ina n-éamais, pe’ca aca is dó leis no leo is ceart ; (iii) i gcás le n-a mbaineann an scála de chostaisí ní bheidh teora, ach fé is rogha leis an mBreitheamh no leis na Breithimh, le méid costaisí na bhfínnithe. (iv) An Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach.Aois chun Breithiún do dhul as oifig. 92. Go leasuítear alt 12 d’Acht 1924 tré sna figiuirí agus an focal “72 bhliain” do scriosa amach agus na figiuirí agus an focal “75 bliana” do chur ina n-ionad. Luathscríbhnóir oifigiúil. 93. (a) Go nglactar leis an mola so leanas atá i dTuarasgabháil an Choiste Bhreithiúntais dar dáta 25adh Bealtaine 1923:— “An official stenographer should report the proceedings at every sitting of the High Court when engaged in the trial of cases, civil or criminal, with witnesses, whether with or without a jury. The official transcript in the former case to include the Judge’s charge and any directions or advice to the jury, with all objections taken or requisitions made, and in the latter his judgment, but omitting in both the speeches of counsel. “Such report to be available to the parties upon such terms as to payment as the Rule-making Authority shall prescribe.” (b) Go mba cheart seirbhísí luath-scríbhneora oifigiúla do bheith ar fáil don Chúirt Uachtaraigh chun breithiúntaisí do chur síos agus cóip do dhéanamh díobh. Ba cheart an chóip do chur fé bhráid na mBreithiún le n-a mbainfeadh chun í cheartú agus í bheith le feiscint ag an bpuiblíocht ina dhiaidh sin. 94. Go ndeintear Rialacha na hArd-Chúirte do chódú. 95. Go mba cheart socrú do dhéanamh chun éileamh percentáiste gráduithe do bheith ann ar son estáit mhion-aoiseach do riara ; agus go nglactar le cuairteanna do thabhairt ar mhionaoisigh, fé mar a deintear i gcás daoine nách slán meabhair. Feidhm bhreithiúntas do leathnú, etc. 96. (a) Go mba cheart beart do dhéanamh chun a thabhairt chun críche go ndéanfaí reachtúchán i Saorstát Eireann, i dTuaisceart Eireann agus sa Bhreatain Mhóir mar a chéile chun go bhféadfaí feidhm bhreithiúntais chúirte árd-chéime in aon tír de sna tíortha san do leathnú chun aon tíre eile acu gan a bheith riachtanach aicsean nua do bhunú alos an bhreithiúntais sin sa tír eile sin. (b) Go ndeintear an rud céanna maidir le riarachán estáití daoine marbha i slí is go bhféadfar deontas promháide no litreacha riaracháin in aon tír de sna tíortha so d’ath-shéalú in aon cheann de sna cinn eile gan a bheith riachtanach deontas nua d’iarraidh sa tír eile sin. 97. Go n-athghairmtear alt 126 agus 243 de 16 & 17 Vic. c. 113, alt 97 de 19 & 20 Vic. c. 102 agus na focail seo leanas in alt 53 de 40 & 41 Vic. c. 57, sé sin le rá:— “And provided also, that in all actions for libel where the jury shall give damages under forty shillings, the plaintiff shall not be entitled to more costs than damages,” agus, ina ionad san, go mba cheart achtachán reachtúil do bheith ann chun na nithe seo leanas do shocrú— (i) i ngach aicsean tort no brise geallúna pósta gur lú ná £100 an méid a bainfear amach, ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí ná damáistí mara ndeimhnighidh an Breitheamh go bhfuil an t-aicsean chó substainteach no chó táchtach san go raibh sé réasúnta é bhunú san Ard-Chúirt ; luighfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh an deimhnithe seo do dheona no i gcoinnibh diúlta d’é dheona ; (ii) i ngach aicsean chun fiacha no éilithe nea-shocruithe in airgead do bhaint amach, maran mó ná £25 an méid a bainfear amach ionta ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó ná costaisí aicsin den chineál chéanna sa Chúirt Dúithche agus in aicsin den tsórt chéanna nách mó ná £100 an méid a bainfear amach ionta ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó ná costaisí aicsin den chineál chéanna sa Chúirt Chuarda ; (iii) i ngach aicsean a bheidh bunuithe ar chonnra, no chun damáiste d’fháil mar gheall ar bhrise chonnartha, ach mar atá in (i) no in (ii) maran mó ná £300 an méid a bainfear amach ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí ná mar do bhainfeadh sé amach dá mba sa Chúirt Chuarda do bunófaí an t-aicsean mara ndeimhnighidh an Breitheamh go bhfuil an t-aicsean chó substainteach no chó táchtach san go raibh sé réasúnta é bhunú san Ard-Chúirt ; luigfidh athchomharc chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh an deimhnithe seo do dheona no i gcoinnibh diúlta d’é dheona ; agus (iv) i ngach aicsean dí-shealbhaíochta ina bhféadfadh an gearánaí dul chun dlí sa Chúirt Chuarda, ní bheidh an gearánaí i dteideal níos mó costaisí do bhaint amach ná in aicsean den chineál chéanna sa Chúirt Chuarda mara ndeimhnighidh an Breitheamh go bhfuil an t-aicsean chó substainteach no chó táchtach san go raibh sé réasúnta é bhunú san Ard-Chúirt ; luighfidh athchomhare chun na Cúirte Uachtaraighe i gcoinnibh an deimhnithe seo do dheona no i gcoinnibh diúlta d’é dheona. Rogha ag an mBreitheamh maidir le costaisí. 98. Go ndeintear socrú le reachtúchán go ndéanfaí Riail (no Rialacha) Cúirte sa chéill (i) go mbeidh costaisí le fáil ag an té go n-eireoidh leis sa chúis mara n-ordóidh an Breitheamh no na Breithnimh a mhalairt ar chúis speisialta luadhfar san ordú. Luighfidh athchomhare i gcoinnibh an orduithe seo do dheona no í gcoinnibh diúlta d’é dheona ; (ii) má bhíonn beirt no níos mó cosantóirí ann agus go n-eireoidh leis an ngearánaí in aghaidh duine no daoine acu, ach go dteipfidh air maidir le duine no daoine eile acu, féadfar a ordú don chosantóir nár eirigh leis ní hamháin costaisí an ghearánaí d’íoc ach fós costaisí an chosantóra no na gcosantóirí gur eirigh leis no leo. In aon chás den tsórt san féadfaidh an Breitheamh no na Breithimh aithne maille le costaisí do dheona i gcoinnibh aon duine no daoine de sna cosantóirí agus caitheamh-amach do dheona maidir leis an duine eile no leis na daoine eile de sna cosantóirí, maille le costaisí no ina n-éamais, pe’ca aca is dó leis no leo is ceart ; (iii) i gcás le n-a mbaineann an scála de chostaisí ní bheidh teora, ach fé mar is rogha leis an mBreitheamh no leis na Breithimh, le méid costaisí na bhfínnithe. (v) Generálta.Costaisí Dí-shealbhaíochta. 99. Go leasuítear Deasy’s Act, 23 agus 24 Vic. c. 154, alt 60 tré sna focail “together with......shillings” do scriosa amach agus na focail “and costs” do chur ina n-ionad. Sighniú atúrnae ar bhille shíbhialta. 100. Go n-athghairmtear an fhoráil de 14 & 15 Vic. c. 57, alt 60 go sighneoidh atúrnae ainm ar bhille shíbhialta. Mion-innste ar tháillí. 101. Go n-athghairmtear 27 & 28 Vic. c. 99, alt 8 (“Particulars of Fees, etc., to be printed on decrees”). Coistí Déanta Rialacha. 102. (a) Go dtionólfar Coistí Déanta Rialacha na Cúirte Uachtaraighe, na hArd-Chúirte, na Cúirte Cuarda agus na Cúirte Dúithche fé seach uair amháin ar a laighead sa bhliain, pé lá no laethe shocróidh an tAire Dlí agus Cirt, chun oibriú na nAcht uile agus fé seach a bhaineann leis na Cúirteanna san fé seach agus oibriú rialacha na gCúirt sin fé seach a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire do bhreithniú agus fós oibriú na n-oifig uile agus fé seach agus oibriú na socruithe bhaineann le dualgaisí oifigeacha na gCúirt sin fé seach ; agus chun fiosrú agus scrúdú do dhéanamh ar aon lochtaí dheabhróidh bheidh i nós-imeachta no i riara na dlí sna Cúirteanna san fé seach ; agus tuairisceoid don Aire gach bliain cadiad na leasuithe no na hatharuithe (más ann dóibh) ba cheart, do réir a mbarúla san, do dhéanamh sna hAchtanna san no ar aon tslí eile maidir le riara cirt, agus cadiad na socruithe eile (más ann dóibh) nách féidir a chur in éifeacht gan údarás an Oireachtais agus do bheadh oiriúnach le déanamh chun gurbh fhearr a déanfaí ceart do riara. (b) Go leasuítear ailt 36, 65 agus 90 d’Acht 1924 chun a shocrú go gcuirfí ar an gCoiste, dá dtagartar sna hailt sin fé seach, beirt daoine nách dligheadóirí, agus iad ina n-ionadaithe don phobal i gcoitinne, ar n-a n-ainmniú don Aire Dlí agus Cirt chun an Choiste sin. (Sighnithe) DANIEL MORRISSEY, Cathaoirleach. 6adh Mí na Samhna, 1930. |
||||||||||||