|
IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.Dé Máirt, 14adh Eanair, 1930.Tuesday, 14th January, 1930.1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m. 2. I láthair: Séamus Beckett, Pádraig O Caoilte, Uinseann Ríseach agus Geaspar de Bhulbh, Teachtaí; Somhairle Brún, Mícheál Comyn, Tomás O Fearáin, Pádraig Hooper, Brian O Ruairc agus Risteárd Mac Liam, Seanadóirí. 3. Toisc go raibh an Cathaoirleach as láthair, do chuaidh Somhairle Brún i gCeannas. 4. Do chuaidh an Có-Choiste i gcomhairle. 5. Do glaodhadh agus do ceistíodh Seán O hUadhaigh agus J. Uinsean O Brádaigh (Comhlachas Abhcóidí Bhaile Atha Cliath). 6. Do cuireadh an gnó ar fiunraí ar 1 p.m. ar feadh uair a’ chluig. 7. D’ath-chromadh ar an gnó ar 2 p.m. 8. Do glaodhadh agus do ceistíodh Séamus O Gamhna, B.A. (Comhlachas Abhcóidí Sheiseoin Luimnigh), Tomás O Dubhshláine (Atúrnae Stáit, Longphort) agus Hutchinson Mac Dáibhidh (Atúrnae, Béal Atha na Sluagh). 9. Do cuireadh an Có-Choiste ar ath-ló ar 5.10 p.m. go dtí 11 a.m. amáireach. |
||||||||||||