|
IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.Déardaoin, 21 Márta, 1929.Thursday, 21 March, 1929.1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m. 2. I láthair: Risteárd Antoine, Brian Cúipéir, P. S. O Dubhghaill, Seán Mac an tSaoi, Seósamh O Murchadha, Pádraig Ruithléis agus Pádraig Seaghach, Teachtaí; Tomás Beinéid, Liam O Maolmhuaidh agus Séamus Mac Peáircín, Seanadóirí. 3. Cuireadh in úil nár bh’fhéidir don Chathaoirleach bheith i láthair. Tairisgint déanta (Brian Cúipéir). “That Deputy P. S. Doyle be Chairman of this meeting of the Joint Committee.” Ceist curtha agus aontuithe. Chuaidh P. S. O Dubhghaill, Teachta, i gCeannas dá réir sin. 4. Ceistíodh an tAthair S. O Maoltuile, Riarthóir, an ArdEaglas, Baile Atha Cliath (ag ionadú na hEaglaise Catoilice in Eirinn); an tOirmh. E. J. Mac Aoidh, LL.D., agus Cathal Mac Aodha, M.A. (ag ionadú na hEaglaise Presbitrighe in Eirinn); agus an tAn-Oirmh. H. B. O Cinnéide, B.D., Déadhan ar Theampall Chríost, Baile Atha Cliath, agus an tOirmh. D. H. de Hál, B.D. (ag ionadú na hEaglaise Eireannaighe). 5. Cuireadh an Có-Choiste ar athló ar 1 p.m. go dtí Déardaoin, 11adh Abrán. |
||||||||||||