Committee Reports::Final Report - Betting Act 1926, and the Law relating to the Business of Bookmaking::05 February, 1929::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Dé Máirt, 5 Feabhra, 1929.

Tuesday, 5 February, 1929.

1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m.


2. I láthair: Risteárd Antoine, Brian Cúipéir, P. S. O Dubhghaill agus Seán Mac an tSaoi, Teachtaí; Tomás Beinéid, Séamus Mac Peáircín agus Seán Mac Lochláinn, Seanadóirí.


3. Cuireadh in úil nárbh’fhéidir don Chathaoirleach bheith i láthair.


Tairisgint déanta (Peadar O Dubhghaill):


“That Senator Bennett be Chairman of this meeting of the Joint Committee.”


Ceist curtha agus aontuithe.


Chuaidh Tomás Beinéid, Seanadóir, i gCeannas dá réir sin.


4. Ceistíodh P. J. O Cuinn (Uachtarán Chumann na Múinteoirí Náisiúnta) agus T. P. Mac an Ghoill (Cathaoirleach an Phríomh-Choiste Coigiltis) (le n-a raibh an tAthair Seán O Flanagáin, P.P., L. Mac Naoimh agus H. A. Míolóid, B.L.).


5. Cinneadh a iarraidh ar ionaduithe don Eaglais Chatoilice, d’Eaglais na hEireann, don Eaglais Phresbitrigh agus don Eaglais Mhethodistigh fianaise do thabhairt uatha.


6. Cuireadh an Có-Choiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí an Mháirt seo hugainn.