Committee Reports::Report - Workmen's Compensation (Increase of Compensation) Bill, 1929::17 April, 1929::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

1 Márta, 1929:—Orduithe, An Bille um Chúiteamh Lucht Oibre (Méadú Cúitimh), 1929, do bhreithniú i gCoiste den Dáil uile Dé hAoine, 8adh Márta, 1929 (Uinseann Ríseach).


8 Márta, 1929:—Orduithe, Go gcuirtar ar ceal Ordú na Dála den ladh Márta, 1929, ag cur an Bhille um Chúiteamh Lucht Oibre (Méadú Cúitimh), 1929, chun Coiste den Dáil uile (Uinseann Ríseach);


Orduithe: Go gcuirtar an Bille um Chúiteamh Lucht Oibre (Méadú Cúitimh), 1929, chun Coiste Speisialta ar a mbeidh seachtar Teachtaí a ainmneoidh an Coiste Roghnath- óireachta; go gcomórfar an chéad chruinniú den Choiste Speisialta Déardaoin, 14adh Márta, agus gur ceathrar a bheidh mar quorum don Choiste (Uinseann Ríseach).


13 Márta, 1929:—Do hainmníodh dá réir sin Coiste ar a raibh Séamas Beckett, Aodh O Culacháin, Seán Good, Seán Lemass, Uinseann Ríseach, Pádraig Ruithléis agus an Rúnaí Páirliminte don Aire Tionnscail agus Tráchtála.


CLAR.


 

leathanach

1.

Orduithe Tagartha

...

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

iii

3.

Imeachta an Choiste

...

iv