Committee Reports::Report No. 02 - Joint Restaurant Committee::07 March, 1929::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

19 Deire Fomhair, 1927. Beartuithe ag an Dáil: Go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste a bheidh códhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad do bhunú chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bidh an Oireachtais. [Rúnai Páirliminte don Uachtarán].


Orduithe: Teachtaireacht do chur chun an tSeanaid á chur san in úil dóibh.


16 Mí na Samhna, 1927. Beartuitheag an Seanad: Go n-aontuíonn an Seanad go bhfuil sé oiriúnach Có-Choiste a bheidh códhéanta do chúigear ball den Dáil agus do chúigear ball den tSeanad do bhunú chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bidh an Oireachtais: go bhfágtar fén gCoiste Roghnathóireachta baill an tSeanad do roghnú: agus go gcuirtear teachtaireacht chun na Dála dá réir sin.


23 Mí na Samhna, 1927. Orduithe ag an Dáil: Go mbunuítear Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bidh an Oireachtais; teachtaireacht do chur chun an tSeanad á chur san in úil dóibh: go n-ainmneoidh an Coiste Roghnathóireachta cúigear Teachtaí chun fónamh ar an gCó-Choiste.


30 Mí na Samhna, 1927. Orduithe ag an Seanad: Go mbunuítear Có-Choiste a bheidh có-dhéanta de chúigear ball den Dáil agus de chúigear ball den tSeanad chun congnamh agus comhairle do thabhairt don Cheann Comhairle agus don Chathaoirleach i dtreora agus i stiúra Seomra Bidh an Oireachtais.


Coiste ainmnithe dá réir sín ar a raibh:—


24 Mí na Samhna, 1927. (1) Seán Mac Brádaigh, Ailfrid O Broin, Giolla Easpuig O Casaide, Peadar S. O Dubhghaill agus Seán de Faoite, Teachtaí.


30 Mí na Samhna, 1928. (2) Tomás O Fearáin, Séamus Mac Eóin, Mícheál Fainín, Proinnsias Mac Aonghusa agus Tomás O Tuathail, Seanadóirí.


4 Ní na Nodlaig, 1928. Do scuir Ailfrid O Broin, Teachta, de bheith ina bhall den Chó-Choiste ar n-a thogha chun an tSeanaid.


27 Feabhra, 1929. Sir Séamus Craig, Teachta, ceaptha.


CLAR.


 

Leathnach

1.

Orduithe Tagartha

...

...

ii

2.

Tuarasgabháil

...

...

iv

3.

Cuntas

...

...

...

...

v