|
TUARASGABHAIL.Do dineadh an Coiste Speisialta ar a raibh Sir Eadbhard Bigear, Séamas Dubhdal, Tomás O Fearáin agus Liam O Súilleabháin do cheapa le hOrdú ón tSeanad den 28° Márta, 1928, chun an Treas Sceideal agus an Ceathrú Sceideal a ghabhann le Bille na bhFiaclóirí. 1927 do bhreithniú agus chun a thuairisciú don Tigh an ceart nó nách ceart cur leis na liostaí d’ainmneacha atá sna Sceidil sin nó ainmneacha do scriosa asta nó iad d’atharú in aon-tslí eile. Do ceapadh Sir Eadbhard Bigear mar Chathaoirleach. Do bhí ceithre cruinnithe ag an gCoiste. Tá an Coiste tar éis na nithe a cuireadh fé n-a mbráid do bhreithniú agus molaid mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo. E. COEY BIGGER, Cathaoirleach an Choiste. 27° Abrán, 1928. |
||||||||||||