Committee Reports::Report No. 03 - Procedure and Privileges (Holidays of Obligation)::11 October, 1928::Report

TRIU TUARASGABHAIL ON gCOISTE AR NOS-IMEACHTA AGUS PRIBHLEIDI.

Laetheanta Saoire Eaglaise.

1. Toisc tagairt a dineadh don scéal sa Dáil Dé hAoine, 11adh Bealtaine, 1928, do bhreithnigh an Coiste ar Nós-imeachta agus Príbhléidí ag an gcruinniú a bhí aige Déardaoin, 17adh Bealtaine, 1928, an cheist ar cheart don Dáil suidhe ar Laetheanta Saoire Eaglaise no nár cheart. Do cuireadh in úil don Choiste nár nós go dtí so don Dáil a shocrú gan suidhe ar Lá Saoire Eaglaise (lasmuich den bhFéile Náisiúnta, Lá Fhéile Pádraig) nuair a bhí na Laetheanta Saoire sin ar laetheanta ’nar ghnáth leis an Dáil suidhe do bheith aice. Agus, fós, ós rud é gur dheabhruigh sé ná bainfadh an scéal ach le suidheanna ar thrí cinn (no b’fhéidir ar cheithre cinn) de sna Laetheanta Saoire agus gur le suidheanna ar Laetheanta Saoire a bheadh ar an Dardaoin is mó a bhainfadh sé, d’aontuíodh gan éinní do dhéanamh an uair sin i dtaobh an scéil. Do socruíodh, ámh, ath-bhreithniú do dhéanamh ar an scéal dá mba léir go rabhthas go mór i bhfabhar an nós d’atharú.


2. Do tugadh an scéal anuas arís go nea-fhuirmeálta sa Dáil Dé Céadaoin, 6adh Meitheamh, 1928, nuair a fuair an Tigh miontuairisc ón gCoiste ar Nós-imeachta agus Príbhléidí ag cur a bhfuil sa mhír sin roimhe seo in úil do. Tar éis an mhiontuairisc sin d’fháil do chuir Teachtaí in iúl go rabhadar i bhfabhar an nós d’atharú, agus d’aontuíodh ansan gur cheart don Choiste ar Nós-imeachta agus Príbhléidí an scéal do bhreithniú tuille agus tuarasgabháil ina thaobh do chur fé bhráid an Tighe.


3. Do bhreithnigh an Coiste an scéal ag cruinnithe a bhí aige an 14adh Meitheamh, an 12adh Iúl agus an 11adh Deire Fomhair.


Do dhiúltuigh an Coiste, ar Vótáil, do thairisgint á leaga síos mar phrionsabal ghenerálta nár cheart don Dáil suidhe feasta ar Lá Saoire Eaglaise. Molann an Coiste, dá réir sin, nár cheart scur den nós a bhí ann go dtí so.


(Sighnithe)


MÍCHEÁL O hAODHA,


Cathaoirleach.


11adh Deire Fomhair, 1928.