Committee Reports::Report - Limerick Corporation Gas Undertaking (Pensions) Bill, 1928 [Private]::08 November, 1928::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHAIL ON gCO-CHOISTE AR BHILLE GHEAS-GHNOTHA BHARDAIS LUIMNIGHE (PINSIN), 1928.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE LIMERICK CORPORATION GAS UNDERTAKING (PENSIONS) BILL, 1928.

1. B’iad so leanas baill an Chó-Choiste:-Aodh Law, Teachta, Cathaoirleach: Séamus Beckett, Séamus O Mórdha agus Giolla Easbuig O Casaide, Teachtaí: Mícheál O hAnnluain, Brian O Ruaire agus Mícheál O Dubhthaigh, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille Dé Déardaoin, 8° Mí na Samhna, 1928.


3. Tá an Có-Choiste á thuairisciú gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus gur dineadh, chun sástachta dhóibh, na curtha-i-leith atá ann do chruthú, gur ghabhadar tríd an mBille agus gur dhineadar leasuithe air.


4. Le linn an Bhille do bhreithniú bhí os a gcóir ag an gCó-Choiste tuairisc agus tuairisc bhreise ar an mBille ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí. Chífar sa bhFó-Scríbhinn conus a deighleáladh leis na molta atá sna tuairiscí sin.


(Sighnithe)


Hugh A. Law.


Cathaoirleach an Chó-Choiste


Mí na Samhna, 1928.