Committee Reports::Report - Dublin Port and Docks (Bridge) Bill, 1927 [Private]::05 May, 1928::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHAIL ON gCO-CHOISTE AR BHILLE PORT AGUS DUGANNA BHAILE ATHA CLIATH (DROICHEAD), 1927.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE DUBLIN PORT AND DOCKS (BRIDGE) BILL, 1927.

1. B’iad so leanas baill an Chó-Choiste:—Liam Thrift, Teachta, Cathaoirleach; Séamus O Mórdha, Risteárd Mac Fheorais agus Osman Mac Easmuinn, Teachtaí; Tomás O Fearáin, Séamus Dubhdall agus Pádraig Hooper, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille 14adh, 15adh, 20adh, 21adh, 22adh, 27adh, 28adh, 29adh, agus 30adh Mí na Samhna; 4adh agus 5adh Mí na Nodlag, 1928.


3. Tá an Có-Choiste á thuairisciú gur chuireadar isteach sa Bhille na forálacha breise chun Droichead Iomparach do dhéanamh agus chun crícheanna eile, do cuireadh fé n-a mbráid le hOrdú ón Seanad dar dáta an 13adh Meitheamh, 1928, agus gur leasuíodar teideal an Bhille mar leanas:—


“ACHT CHUN A CHUR AR CHUMAS BORD PORT AGUS DUGANNA BHAILE ATHA CLIATH DROICHEAD BHUTT D’ATH-THOGAIL D’ATHARU AGUS D’FHAIRSINGIU; AGUS CHUN DROICHEAD IOMPARACH DO DHEANAMH TAOBH THOIR DE OS CIONN ABHA NA LIFE; CHUN CISTI DO SHOLATHAR CHUN NA HOIBREACHA SO DO DHEANAMH; CHUN RATA BREISE NO RATA IN IONAD SEAN-RATA AIRITHE D’UDARU AGUS CHUN CRICHEANNA EILE”;


gur scrúduíodar Roimh-rá an Bhille agus ar an abhar a luaidtear i mír 6 den Tuarasgabháil gur leasuíodar é trés na focail uile tar éis an fhocail “extending” i líne 56 go dtí deire na míre do scriosa amach agus gur chuireadar ina n-ionad san na focail seo leanas:—


“to and including Butt Bridge, and any reconstruction thereof and of the building, rebuilding, repairing and maintaining of such proposed Transporter Bridge should from and after the first day of April next following the passing of this Act be defrayed out of one single rate to be authorised by this Act and to be called “The Bridge Rate” and that the working of such Transporter Bridge including the payment of officers and workmen necessary for that purpose should from and after the said bridge shall have been opened for traffic be defrayed as to one moiety thereof out of the Port Fund, (as defined by Section 224 of the Act of 1869) and as to the other moiety out of the said Bridge Rate.”


gur cruthuíodh chun a sástachta na nithe ill atá sé leasuithe; gur ghabhadar tríd; an mBille agus gur dhineadar leasuithe air.


4. Tá an Có-Choiste á thuairisciú go speisialta (1) gur leasuíodar an Bille tré n-a fhoráil in alt 8, go ndéanfar na hoibreacha a údaruíonn an Bille maidir le Droichead Bhutt do chríochnú laistigh de chúig bliana tar éis rithte an Achta, agus (2) d’ainneoin éinní ina choinnibh sin maidir le teora aimsire chun oibreacha do chríochnú in Ordú 92 de sna Buan-Orduithe a bhaineas le Gnó Príobháideach gur leasníodar an Bille tré n-a fhoráil san alt chéanna go gcríochnófar an Droichead Iomparach laistigh de sheacht mbliana tar éis rithte an Achta no laistigh de thréimhse bhreise nách sia ná trí bliana agus a thosnóidh ag deire na tréimhse sin de sheacht mbliana, pé tréimhse a hordófar le hordú ón Aire Tionnscail agus Tráchtála ar a iarraidh sin do sna Bunathóirí ar an Aire.


5. Tá an Có-Choiste á thuairisciú go speisialta, leis, gurb é a dtuairim, tar éis na fianaise a tugadh ina láthair i dtaobh an scéil, gur leor an spás de 95 troithe idir an taobh íochtair de threasnáin an Droichid Iomparaí atá beartuithe agus leibheul barra taoide na hAbhann, a taisbeántar ar na Pleananna Lóisteálta, agus gur cheart déanamh in éamuis an spáis bhreise de 15 troithe a iarrann an Roinn Tionnscail agus Tráchtála ina dTuarasgabháil ar an mBille a Iomháil, no ar a laighead é d’atharú i dtreo go seachnófar muirear breise ar líomatáiste Ráta an Droichid.


6. Tá an Coiste á thuairisciú go speisialta, leis, gurb é á dtuairim go ndéanfidh an Droichead Iomprach níos mó tairbhe do thrácht inmheánach an Phuirt ná mar a dhineann droichid eile, agus do leasuíodar an Roimhrá dá réir sin mar a taisbeántar anso roimhe seo agus do chuireadar socrú sa bhille in alt 34 go n-íocfaidh na Bunathóirí amach as Ciste an Phuirt leath costaisí oibrithe an Droichid Iomparaí agus leath íocaíocht na n-oifigeach agus nabhfear is gá chun na críche sin agus go n-íocfar an leath eile de sna costaisí sin amach as Ráta an Droichid. Ag déanamh na roinnte seo dhóibh b’é tuairim an Chó-Choiste gur cheart rann-íoc do thabhairt amach as an Ród-Chiste mar íoc i hpáirt no go hiomlán sa leath san de sna costaisí atá le n-íoc amach as ráta an Droichid agus dá réir sin molaid an rann-íoc san do dhéanamh.


7. Tá an Có-Choiste á thuairisciú go speisialta, leis, go molaid aon iasacht a chruinneoidh na Bunathóirí ar urrús Ráta an Droichid do réir alt 17 den Bhille do bheith ina urrús Iontaobhais do réir bhrí an Trustee Act, 1893.


8. Ag breithniú an Bhille don Chó-Choiste, bhí tuarasgabháil os a gcóir aca ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí agus ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála fé seach. Taisbeántar i bhFo-Scríbhinn (A) agus i bhFó-Scríbhinn (B) fé seach an modh inar deighleáladh le molta na Rann san.


(Sighnithe)


W. E. THRIFT,


Cathaoirleach an Chó-Coiste.


5adh Mí na Nodlag, 1928.