|
IMEACHTA AN CHO-CHOISTE.PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE.Déardaoin, 29adh Márta, 1928.Thursday, 29th March, 1928.1. Chruinnigh an Có-Choiste ar 11 a.m. 2. I láthair: An Ceann Comhairle (i gCeannas), Cathaoirleach an tSeanaid; Eamon de Valera, Domhnall O Muirgheasa agus Mícheál O Tighearnaigh, Teachtaí; Tomás Beinéid, Séamas Dubhglas, Aindrias Mac Séamais, Seán O Fearghail agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí. 3. Toghachan chun an tSeanaid. Tairisgint déanta (Cathaoirleach an tSeanaid): “That the Joint Committee recommends that the Seanad be elected by the Dáil and Seanad, each House electing one-half the number of members to be elected, on principles of Proportional Representation.” Tairisgint, fé chead, tairgthe siar. Tairisgint eile déanta (Eamon de Valera): “That the Joint Committee recommends that the members of the Seanad be elected by the members of the Dáil voting on principles of Proportional Representation.” Leasú tairgthe (Mícheál O Tighearnaigh): “To delete the word ‘voting’ and add after the word ‘Dáil’ the words ‘and Seanad voting together.”’ Ceist curtha; do dhin an Có-Choiste vótáil; Tá, 7; Níl, 2. Tá: Cathaoirleach an tSeanaid; Mícheál O Tighearnaigh, Teachta; Tomás Beinéid, Séamas Dubhglas, Aindrias Mac Séamais, Seán O Fearghail agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí. Níl: Eamon de Valera agus Domhnall O Muirgheasa, Teachtaí. Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glaca leis an leasú. Bun-Cheist, mar do leasuíodh, curtha; do dhin an Có-Choiste vótáil; Tá, 7; Níl, 2. Tá: Cathaoirleach an tSeanaid; Mícheál O Tighearnaigh, Teachta; Tomás Beinéid, Séamas Dubhglas, Aindrias Mac Séamais, Seán O Fearghail agus Mícheál O hAnnluain, Seanadóirí. Níl: Eamon de Valera agus Domhnall O Muirgheasa, Teachtaí. 4. Do cuireadh an Có-Choiste ar ath-ló ar 1 p.m. go dtí 3 p.m. Dé Máirt seo chughainn. |
||||||||||||