Committee Reports::Report No. 03 - Procedure and Privileges (Holidays of Obligation)::12 July, 1928::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTA AN CHOISTE.

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE.

Déardaoin 12adh Iúl, 1928.

Thursday, 12th July, 1928.

1. Do tháinig an Coiste le chéile ar 11.30 a.m. i Seomra Coiste a 106.


2. Bhí na baill seo leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (i gCeannas); Proinnsias O hAodhagáin, Gearóid O Beolláin, Seán O Broin, Brian Cúipéir, Risteárd Mac Fheorais, Eamon O Dúgáin, Peadar O Dubhghaill, Aodh O Floinn, Pádraig O Caoilte, Tadhg O Donnabháin agus Liam Thrift.


3. Suidheanna ar Laetheanta Saoire Eaglaise.


Do thairg Proinnsias O hAodhagáin:


“That it is the opinion of the Committee that the Dáil should not in future sit on any Holiday of Obligation.”


Ceist curtha; do dhin an Coiste vótáil; Tá, 5; Níl, 6.


Tá:—Proinnsias O hAodhagáin, Gearóid O Beolláin, Risteárd Mac Fheorais, Aodh O Floinn agus Pádraig O Caoilte.


Níl:—Seán O Broin, Brian Cúipéir, Eamon O Dúgáin, Peadar O Dubhghaill, Tadhg O Donnabháin agus Liam Thrift.


Do faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Do socruíodh dreacht-tuarasgabháil ar bhreith an Choiste d’ullamhú chun í do bhreithniú ag céad chruinniú an Choiste tar éis an tSosa.


6. Atha-la.


Do cuireadh an Coiste ar ath-ló ar 12.35 p.m. go dtí 12 meán lae ar an gcéad Dardaoin i nDeire Fomhair ar a suidhfidh an Dáil.