Committee Reports::Report - Limerick Harbour Bill, 1926 in regards to certain Amendments referred to the Joint Committee for consideration::16 June, 1926::Report

OIREACHTAS.

TUARÁSGABHAIL ON gCÓ-CHOISTE AR BHILLE CHUAN LUIMNIGHE, 1926 I DTÁOBH LEASUITHE ÁIRITHE A CUIREADH CHUN AN CHÓ-CHOISTE CHUN IAD DO BHREITHNIÚ.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE LIMERICK HARBOUR BILL, 1926 IN REGARD TO CERTAIN AMENDMENTS REFERRED TO THE JOINT COMMITTEE FOR CONSIDERATION.

1. Do horduíodh ag Dáil Eireann ar an 9adh Meitheamh, 1926, go ndéanfaí na leasuithe atá curtha síos i gcóir na Ceathrú Céime de Bhille Chuan Luimnighe, 1926, do chur chun an Chó-Choiste a bhí ar an mBille cheana chun iad do bhreithniú agus tuairisc do thabhairt ina dtaobh.


2. Do bhí suidhe ag an gCó-Choiste Dé Céadaoin, 16adh Meitheamh, 1926.


3. Bhí na baill seo leanas den Chó-Choiste i láthair:—


Brian Cúipéir, Cathaoirleach; Seán O Conláin, Liam O Daimhín agus Pádraig O Lionáin, Teachtaí; Sir Eadbhard Beilleagam, Seán O Cúnacháin agus Tomás O Fuaráin, Seanadóirí.


4. Tuairiscíonn an Có-Choiste go bhfuilid tar éis na leasuithe do bhreithniú agus molaid go nglacfar le leasuithe 1 agus 3, agus go nglacfar le leasú 2 ach an focal “may” i bhfo-alt 1, line 1, do scriosa amach agus an focal “shall” do chur ina ionad.


(Sighnithe),


BRYAN COOPER,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


16adh Meitheamh, 1926.