Committee Reports::Report - Land Bill (No. 2), 1926::07 December, 1926::Report

TUARASGABHAIL.

1. Do bhreithnigh an Coiste na téarmaí tagartha agus do shocruíodar gan éinní do phlé ach molta chun leasuithe dhéanamh go mbeadh baint acu leis an Acht Talmhan, 1923, agus leis an mBille atá i gceist fé láthair.


2. Dá réir sin do bhreithníodar leasuithe adubhradh ba cheart a dhéanamh ar an mBille mar a tugadh isteach é agus ina theanta san do scrúduíodar tairisgintí a bhí ceaptha chun scóip forálacha an Bhille do leathnú agus do mhéadú.


3. B’iad na prímh-nithe le n-ar deighleáladh ná deontaisí feirm-dhílse, gaháltaisí comhnaithe, tionóntaithe dí-shealbhuithe, cirt iascaigh agus gabháltaisí muilinn ná húsáidtear anois.


4. Tá molta á dhéanamh i dtaobh gach ní acu san ach amháin gabháltaisí comhnaithe. Tá na molta leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo i bhfuirm leasuithe ar an mBille (chó fada agus is féidir é) agus iad uimhrithe.


Deontaisí feirm-dhílse: Do breithníodh roinnt tairisgintí dar bhrí atharú do dhéanamh ar status deonaithe feirm-dhílse agus sealbhóirí léasanna fada lasmuich de chontaethe na gceanntar gcumhang. Tá molta an Choiste leagtha amach ag Uimhreacha 34 agus 35 den Sceideal.


Gabháltaisí comhnaithe: Ní raibh an Coiste sásta glaca le tairisgintí a bhí ceaptha chun an míniú ar ghabháltaisí comhnaithe do theorannú. Dá bhrí sin níl aon mhola á dhéanamh i dtaobh an scéil seo.


Tionóntaithe dí-shealbhuithe: Ag Uimhreacha 13 agus 14 den Sceideal tá molta leagtha amach i dtaobh bontáistí Ceannach Talmhan do thabhairt do thionóntaithe dí-shealbhuithe.


Cirt Iascaigh: Moltar (Uimhir 30 den Sceideal) comhacht do thabhairt do Choimisiún na Talmhan chun cirt iascaigh ar thailte tionóntaithe do dhíol leis na tionóntaithe do cheannuigh na tailte sin.


Gabháltaisí muilinn ná húsáidtear: Moltar leis (Uimhir 5 den Sceideal) a chur ar chumas tionóntaithe gabháltaisí muilinn ná húsáidtear a ngabháltaisí do cheannach.


5. Tá leagtha amach sa Sceideal, leis, roinnt molta eile gur le hatharuithe focal agus le leasuithe de shaghas theicniciúil is mó bhainid.


(Sighnithe),


JAMES DWYER,


Cathaoirleach an Rogha-Choiste.


7adh Mí na Nodlag, 1926.