Committee Reports::Report No. 01 - Appropriation Accounts 1925 - 1926::25 June, 1925::Report

DAIL EIREANN.

CEAD THUARASGABHÁIL CHOISTE NA gCUNTAISÍ PUIBLÍ I gCOIR NA BLIANA, 1925-6.

FIRST REPORT OF THE COMMITTEE OF PUBLIC ACCOUNTS FOR THE YEAR 1925-6.

1. Tá dul-ar-aghaidh déanta ag an gCoiste sna nithe do cuireadh fé n-a mbráid, agus tíolacaid an Chéad Thuarasgabháil leis seo.


2. Chuathas fé chaiteachas, de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas, maidir leis an Seirbhís a taisbeántar sa Sceideal a ghabhann leis seo.


3. Ní mór cead an Oireachtais d’fháil i gcóir na suime atá sa Bhreis sin.


4. Do míníodh don Choiste gur nithe a bhaineann le Fo-cheann-scríbhinn D. 3 (Ceárdaisí Tuatha) ba mhó fé ndeár an Bhreis sin. Ba léir o Fho-cheann-scríbhinní caiteachais an Vóta, lasmuich d’Fho-cheann-scríbhinn D. 3, gur spáráladh £5,841 5s. glan san iomlán, ach ba mhó ná san an Bhreis, £7,448 19s. 6d. a bhí ar Fho-cheann-scríbhinn D. 3 amhain. Sé rud fé ndeár an Bhreis sin ar Fho-cheann-scríbhinn D. 3 do bheith chó mór ná an figiúir measta, £14,000, i gcoir na Fo-cheann-scríbhinne sin, do chur isteach tré mhí-thuisgint. Maidir le cuid den tréimhse le n-ar bhain an Vóta isea a háiríodh an figiúir £14,000, agus £20,868 an figiúir có-réire ba cheart a thaisbeáint sa Vóta i gcóir na tréimhse iomláine le n-ar bhain an Vóta. Le cead an Aire Airgid dineadh spárála ar Fho-cheann-scríbhinní eile den Vóta do chur i gcoinnibh £5,841 5s. den Bhreis ar Fho-cheann-scríbhinn D. 3, agus d’fhág san £1,607 14s. 1d. le soláthar. Tairgtear go gcuirfí i gcoinnibh £1,597 14s. 6d. den méid sin roinnt d’Fháltaisí an Vóta a bhí £9,617 13s. 10d. sa bhreis ar na leithreasaí i gcabhair a húdaruíodh agus fágann san an mhion-tsuim £10 le vótáil.


5. Ní léir don Choiste éinní i gcoinnibh an tsuim seo do sholáthar le Vóta Breise.


TOMÁS MAC EOIN,


Cathaoirleach.


25 Meitheamh, 1925.