Committee Reports::Report - Procedure for the Triennial Election::16 June, 1925::Report

SEANAD EIREANN.

COISTE I dTAOBH NÓS-IMEACHTA DO THOGHACHÁN CINN TRÍ mBLIAN. COMMITTEE RE PROCEDURE FOR TRIENNIAL ELECTION.

1. Do ceapadh an Coiste seo le rún do rith an Seanad an 30adh Abrán, 1925, sna téarmaí seo a leanas:—


“That a Special Committee be appointed to examine and report upon the position of the Seanad as regards the first Triennial election thereto to be held pursuant to Article 32 of the Constitution. The Committee to consist of seven members to be chosen by the Committee of Selection; four to form a quorum, and at least three to be members who will vacate their seats on the 7th December next.”


Siad so baill an Choiste: an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach, agus Tomás Beinéid, Somhairle Brún, Peadar O Dubhluachra, Seán O Fearghail agus Siobhán Bean an Phaoraigh, Seanadóirí.


2. Do tháinig an Coiste le chéile, an 3°, 10° agus 16° Meitheamh, 1925, agus shocruíodar a mhola don tSeanad glaca leis an Rún a ghabhann leis seo.


(Sighnithe) GLENAVY,


Cathaoirleach an Choiste,


16° Meitheamh, 1925.


RUN.

Beartuíonn agus socruíonn an Seanad leis seo gur do réir na rialacha so a leanas a déanfar an tairisgint agus an roghnú chun ainmniúcháin maidir le hoiread de lucht an ainmliosta a ainmneoidh Seanad Eireann chun críche an chéad toghacháin eile do bhaill Sheanaid Eireann:—


1. Isé an Cathaoirleach no, má bhíonn seisean as láthair, an Leas-Chathaoirleach, a bheidh mar Cheann Comhrimh chun críche an roghnúcháin.


2. Tairgfidh an Leas-Chathaoirleach, no Seanadóir eile go mbeidh údarás aige uaidh, gach Seanadóir a bheidh ag dul as oifig agus a chuirfidh a aontú in iúl i scríbhinn. Ní mór beirt Sheanadóirí ar a luíod chun gach iarrthóir eile fé leith do thairisgint, agus aireachas cuibhe do thabhairt d’Airtiogal 33 den Bhunreacht, sa mhéid go n-achtuítear leis go ndéanfar aireachas do thabhairt don riachtanas atá le hionadaíocht do sholáthar do leasanna agus d’fhundúireachta táchtacha sa dúthaigh.


3. Déanfar gach iarrthóir nách Seanadóir a bheidh ag dul as oifig do thairisgint ar fhuirm fé leith a bheidh sna téarmaí atá curtha síos i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis seo, agus ina mbeidh na mioninnste a héilítear leis sin.


Ní bheidh teideal ag aon tSeanadóir chun níos mó ná aon iarrthóir amháin do thairisgint.


4. Cuirfidh an Cathaoirleach fé ndeár go dtabharfar páipéirí tairisginte d’aon Seanadóir go dteastóid uaidh le linn na tréimhse a thosnóidh nuair a glacfar leis an Rún so agus a chríochnóidh ar a 12 a chlog, meadhon lae, an 24adh lá de Mheitheamh, 1925, tréimhse dá ngairmtear anso “am an roghnucháin.”


5. Caithfar na páipéirí tairisginte do bheith ag an gCathaoirleach no ag pé duine eile a cheapfa sé chuige sin le linn na n-uaireanta agus ag na háiteanna san ar a socróidh an Cathaoirleach, ach ní tabharfar do iad tar éis deire ama an roghnúcháin.


6. Féadfaidh an Cathaoirleach diúlta d’aon pháipéar tairisginte a bheidh gan bhrí, toisc gan é bheith do réir mar éilíonn an Rún seo, no toisc gurb é a intinn tairisgint do dhéanamh ar dhuine ná fuil aige an cháilíocht is gá chun é do thogha mar Sheanadóir, no ar dhuine go gcuireann an Bunreacht no an dlí fé mhí-ábaltacht no fé mhí-chumas é, agus, chun gach críche, ní bheidh dul thar breith an Chathaoirligh i dtaobh brí do bheith le páipéar tairisginte no gan a bheith.


7. Chó luath agus is féidir é tar éis páipéar tairisginte le n-a bhfuil brí d’fháil ach gan bheith níos déanaí ná an 25adh lá de Mheitheamh, 1925, cuirfidh an Cathaoirleach fé ndeár go gcuirfear fógra i dtaobh na tairisginte sin go dtí gach Seanadóir, agus beidh ar an bhfógra san ainm agus sloinne an duine a tairgeadh a sheola, a cheárd no a shlí bheatha, agus ráiteas ar sheirbhís phuiblí úsáidach an duine sin no ar a cháilíocht no a bhua speisialta maidir le tréithe táchtacha de shaol an Náisiúin.


8. Aon iarrthóir a tairgeadh go cuibhe, féadfa sé le fógra i scríbhinn a shighnigh sé féin agus a thabharfa sé don Chathaoirleach a thairisgint do tharrac siar aon uair roimh dheire am an roghnúcháin, agus in aon chás den tsórt san, déanfaidh an Cathaoirleach chó luath agus is féidir é a chur fé ndeár fógra i dtaobh an tarrac siar do thabhairt amach do gach Seanadóir.


9. Is le ballóid shicréideach a déanfar an vótáil.


10. Is sa bhfuirm atá i gCuid II. den Sceideal a ghabhann leis seo a bheidh an páipéar vótála, agus is ar órdú aibítre do réir a sloinnte a cuirfear ainmneacha na n-iarrthóirí do tairgeadh.


11. Déanfar an vótáil nuair a shuidhfidh Seanad Eireann an ladh lá d’Iúl, 1925.


12. Chó luath agus is féidir é tar éis tosach an tsuidhe sin cuirfidh an Cathaoirleach fé ndeár páipéar vótála do shíne chun gach Seanadóir a bheidh i láthair ag an suidhe sin.


13. Aon tSeanadóir a loitfidh páipéar vótála de thionóisc féadfa sé é do thabhairt don Chathaoirleach agus páipéar vótála eile d’fháil.


14. Le linn an Seanad do dhul ar ath-ló no roimhe sin, agus ar a 4 a chlog tráthnóna, an ladh lá d’Iúl, 1925, an tráth is déanaí dhe, tabharfaidh gach Seanadóir a pháipéar vótála don Chathaoirleach.


15. Cuirfidh an Cathaoirleach fé ndeár go gcoimhreofar na páipéirí vótála agus go socrófar tora an roghnúcháin do réir na Rialacha atá i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.


16. Fógróidh an Cathaoirleach tora an roghnúcháin agus chuige sin cuirfe sé fé ndeár go gcuirfear ar taisbeáint in áit oiriúnach éigin ráiteas ar a mbeidh an t-eolas riachtanach do réir Rialach 12 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.


17. I gcás aon duine do roghnadh amhlaidh d’fháil bháis no do theacht fé mhí-cháilíocht idir an dáta tairisginte agus dáta an ainm-liosta chur le chéile, tuigfar gur roghnadh ina ionad an t-iarrthóir leanúnach is mó gur cuireadh éifeacht ina leith sa chomhreamh dheiridh no, mara raibh aon iarrthóirí leanúnacha sa chomhreamh san gan bheith roghnuithe, an t-iarrthóir is déanaí a cuireadh as.


18. Sa Rún so, ach amháin i gcás sighnithe Seanadóirí a dhéanfidh na hiarrthóirí do thairisgint agus na n-iarrthóirí a thoileóidh leis an tairisgint sin, signithe nach foláir a bheith i láimh-scríbhneoireacht na ndaoine a bheidh i gceist, folóidh focail le n-a dtagartar do scríobha, folóid clóbhuala, clóscríobha, agus slite eile chun focail do thaisbeaint nó do thabhairt amach i bhfuirm sho-fheicse.


19. Féadfar an Rún um Thoghachán an tSeanaid, 1925, do ghairm den Rún so.


SCEIDEAL.

Cuid I.

1. Is do réir na rialacha so a leanas a déanfar an roghnú.


2. (1) Aon vóta ion-aistrithe amháin a bheidh ag gach toghthóir.


(2) Le linn do thoghthóir a vóta do thabhairt—


(a) caithfe sé an figiúir 1 do chur ar a pháipéar vótála os coinne ainme an iarrthóra go vótálann sé leis;


(b) féadfa sé ina theanta san an figiúir 2 no na figiúirí 2 agus 3, no 2, 3, agus 4 agus mar sin de, do chur ar a pháipéar vótála os coinne ainmneacha na n-iarrthóirí eile in órdú a rogha.


3. Siad na fuirmeacha atá i gCuid II. den Sceideal so, no fuirmeacha sa chéill chéanna a húsáidfear chun na gcrícheanna go n-abartar gur chúcha iad.


Paipéiri Votála gan bhrí.


4. Beidh gan bhrí agus ní comhreofar páipéar vótála—


(a) ná cuirfear air an figiúir 1 ina aonar chun céad rogha d’iarrthóir amháin éigin do theasbáint; no


(b) ar a gcuirfear, os coinne níos mó ná ainm aon iarrthóra amháin, an figiúir 1 ina aonar chun céad rogha do theasbáint; no


(c) ar a gcuirfar, os coinne ainme an iarrthóra chéanna, an figiúir 1 ina aonar chun céad rogha do theasbáint agus figiúir éigin eile ina theanta; no


(d) atá gan marc air, no gan éifeacht toisc dabhata.


Bocrú agus tomhreamh Páipéirí Vótála.


5. (1) Diúltóidh an Ceann Comhrimh d’aon pháipéirí vótála atá gan bhrí. Gheobhaidh an Ceann Comhrimh amach ansan an uimhir de Chéad Roghanna do breacadh do gach iarrthóir ar na páipéirí vótála, agus cuirfe sé ansan na hiarrthóirí ar liost (dá ngairmtear ina dhiaidh seo “an t-Ordú Rogha”) in órdú uimhir na gCéad Roghanna do breacadh do gach iarrthóir, agus an t-iarrthóir gur breacadh an uimhir is mó de Chéad Roghanna dho i dtosach. Más cóionann an uimhir de Chéad Roghanna do breacadh d’aon bheirt no do níos mó iarrthóirí (dá ngairmtear ina dhiaidh seo “iarrthóirí có-ionannacha”) gheobhaidh an Ceann Comhrimh amach na Dara Roghanna do breacadh do gach iarrthóir có-ionannach ar na páipéirí vótála uile agus cuirfe sé san Ordú Rogha ’na measc féin na hiarrthóirí có-ionannacha in órdú na Dara Roghanná do breacadh do gach iarrthóir díobh san, agus an t-iarrthóir gur breacadh an uimhir is mó de Dhara Roghanna dho i dtosach. Más có-ionann an uimhir de Chéad Roghanna is de Dhara Roghanna do breacadh d’aon bheirt no do níos mó d’iarrthóirí có-ionannacha, gheobhaidh an Ceann Comhrimh amach sa chuma chénna uimhir na dTreas Roghanna do breacadh do gach iarrthóir có-ionannach díobh san ar na páipéirí vótála uile, agus socróidh sé na hiarrthóirí sin san Ordú Rogha dá réir, agus mar sin de, chun go mbeidh na hiarrthóirí uile curtha in órdú san Ordú Rogha. Más có-ionann Céad Roghanna, Dara Roghanna, Treas Roghanna agus na roghanna eile go léir do breacadh d’aon bheirt no do níos mó iarrthóirí có-ionannacha, socróidh an Ceann Comhrimh le crannchur an t-órdú ina gcuirfear na hiarrthóirí sin san Ordú Rogha.


Cuirfidh an Ceann Comhrimh fé ndeár ansan na páipéirí vótála le n-a bhfuil brí do shocrú i mbeartanna do réir na gcéad roghanna do breacadh do gach iarrthóir.


(2) Chun gur bhfusa do dhéanfaí an obair a leagann na Rialacha so amach, tuigfear gur fiú míle gach páipéar vótála le n-a bhfuil brí.


(3) Déanfaidh an Ceann Comhrimh an uimhir pháipéar atá i ngach beart do chomhreamh, agus do réir fo-ailt (2) den Riail seo cuirfe sé i leith gach iarrthóra éifeacht na bpáipéar le n-a bhfuil brí agus ar ar breacadh céad rogha don iarrthóir sin.


An quota d’fháil amadi.


6. Ansan cuirfidh an Ceann Comhrimh éifeachtaí na mbeart go léir le chéile agus déanfa sé ranna den uimhir iomlán le huimhir a bheidh aon thar an uimhir fholúntas atá le líona. Isí an uimhir a bheidh aon thar tora na roinne sin, ach gan iarsma briste do bhac, an uimhir is leor chun iarrthóir do roghnú. An “quota” a tugtar ar an uimhir sin anso.


Tuigtear Iarrthóirí ag a bhfuil quota do bheith rogúnuithe.


7. Ar dheire aon chomhrimh no ar dheire aistriú aon bhirt no fho-bhirt iarrthóra do cuireadh as, más cóionann leis na más mó ná an quota an éifeacht a cuirfear i leith aon iarrthóra, tuigfear an t-iarrthóir sin do bheith roghnuithe.


Aistriú Fuighlig.


8. (1) Ar dheire aon chomhrimh má’s mó ná an quota an éifeacht a cuirfear i leith aon iarrthóra, aistreofar an fuighleach do réir fórálacha na Rialach so go dtí an t-iarrthóir leanúnach no go dtí na hiarrthóirí leanúnacha a teasbeántar ar na páipéirí vótála atá i mbeart no i bhfo-bheart an iarrthóra do roghnadh, do réir na gcéad roghanna eile breacuithe ortha atá ar fáil.


(2) (a) Más as bun-vótanna amháin a thagann an éifeacht a cuirtear i leith iarrthóra roghnuithe, scrúdóidh an Ceann Comhrimh na páipéirí uile atá i mbeart an iarrthóra roghnuithe go bhfuiltear chun a fhuighleach d’aistriú, agus socróidh sé na páipéiri ion-aistrithe i bhfo-bheartanna do réir na gcéad roghanna eile breacuithe ortha atá ar fáil agus déanfa sé fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe.


(b) Más as bun-vótanna agus vótanna aistrithe no as vótanna astrithe amháin a thagann an éifeacht a cuirtear i leith iarrthóra roghnuithe, scrúdóidh an Ceann Comhrimh na páipéirí atá sa bhfobheart is déanaí fuair an t-iarrthóir roghnuithe, agus déanfa sé a thuille fo-bheartanna de sna páipéirí ionaistrithe atá ann do réir na gcéad roghanna eile breacuithe ortha atá ar fáil, agus déanfa sé beart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe.


(c) In aon de sna cásanna dá dtagartar i míreanna (a) agus (b) sa bhfo-alt so, gheobhaidh an Ceann Comhrimh amach uimhir agus éifeacht iomlán na bpáipéirí atá i ngach fo-bheart de pháipéirí ionaistrithe agus i bhfo-bheart na bpáipéirí neamh-ionaistrithe.


(3) Más có-ionann an fuighleach, no más mó é ná éifeacht iomlán na bpáipéirí atá i bhfo-bheartanna na bpáipéirí ionaistrithe, aistreoidh an Ceann Comhrimh gach fo-bheart de pháipéirí ion-aistrithe go dtí an t-iarrthóir leanúnach atá teasbeánta ortha ag an vótálaí mar a chéad. rogha eile ar fáil, agus sé éifeacht gach páipéir le linn aistrithe ná an éifeacht do bhí leis nuair do tugadh é don iarrthóir go bhfuiltear ag aistriú a fhuighligh.


Nuair is mó an fuighleach ná éifeacht iomlán fo-bheart na bpáipéar ion-aistrithe, tuigfear go bhfuil deire le brí na bpáipéar neamh-ionaistrithe, agus cuirfear i leataoibh iad ar éifeacht a bheidh co-ionann leis an difríocht atá idír an fuighleach agus éifeacht fhobheart na bpáipéar ion-aistrithe.


(4) Más lú an fuighleach ná éifeacht iomlán na bpáipéar ionaistrithe, aistreoidh an Ceann Comhrimh gach páipéar sa bhfobheart san de pháipéirí ion-aistrithe go dtí an t-iarrthóir leanúnach atá teasbeánta ortha ag an vótálaí mar a chéad rogha eile ar fáil, agus gheobhfar amach cad is éifeacht gach páipéir aistreofar, ach ranna do dhéanamh den bhfuighleach le huimhir iomlán na bpáipéar ionaistrithe agus gan na hiarmhair bhriste fhanann do bhac, ach amháin go ndéanfar nóta ar Leathán an Tora i dtaobh an chailliúint éifeachta do thárla dá dheascaibh.


(5) Fuighleach a thárluíonn ar dheire aon chomhrimh, roinnfear é sara roinnfear fuighleach a thárlóidh ag comhreamh ’na dhiaidh.


Nuair a thárluíonn dhá fhuighleach no níos mó de bharr an chomhrimh chéanna, sé an ceann is mó a roinnfear ar dtúis agus roinnfear na cinn eile in órdú a méide.


Más có-ionann an fuighleach ag beirt no ag’ níos mó iarrthóirí de bharr an chomhrimh chéanna, roinnfear ar dtúis fuighleach an iarrthóra gur cuireadh an éifeacht is mó ’na leith ag an gcomhreamh ba thúisce nár chó-ionann na héifeachtaí do cuireadh i leith na n-iarrthóirí seo.


Nuair is có-ionann na héifeachtaí do cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin ag gach comhreamh, roinnfidh an Ceann Comhrimh ar dtúis fuighleach an iarrthóra gur breacadh san órdú rogha gurb é do fuair an uimhir ba mhó de chéad roghanna.


arrthóiri geur as.


9. (1) Má thárluíonn ar dheire aon chomhrimh, ná fuil fuighleach ag aon iarrthóir agus go bhfuil folúntas amháin no níos mó le líona, déanfaidh an Ceann Comhrimh an t-iarrthóir go bhfuil an éifeacht is lú ’na leith do chur as agus a pháipéirí d’aistriú go dtí an t-iarrthóir leanúnach no na hiarrthóirí leanúnacha atá teasbeánta ag an vótálaí mar a chéad rogha eile ar fáil ar na páipéirí vótála atá i mbeart no i bhfo-bheartanna an iarrthóra do cuireadh as, agus cuirfe sé éifeacht na bpáipéirí aistrithe i leith an iarrthóra leanúnaigh no na n-iarrthóirí leanúnacha.


(2) (a) Aistreofar ar dtúis an beart ’na bhfuil bun-vótanna, agus is é éifeacht aistrithe gach páipéir ná míle.


(b) Aistreofar ansan na fo-bheartanna ’na bhfuil vótanna aistrithe san órdú agus ar an éifeacht gur tugadh iad don iarrthóirdo cuireadh as.


(c) Chun a shocrú pe’ca iarrthóir leanúnach iarrthóir no nách ea tuigfear gur comhreamh fé leith aistriú gach birt no fo-bhirt.


(3) Le linn gach beart no fo-bheart d’aistriú, déanfar fo-bheart fé leith de sna páipéirí neamh-ionaistrithe, agus cuirfear iad san i leataoibh ar an éifeacht ar ar tugadh iad don iarrthóir do cuireadh as.


(4) Má thárluíonn, nuair is gá iarrthóir do chur as fén Riail seo, gurb é an éifeacht chéanna atá i leith beirte no níos mó iarrthóirí agus gurb iad is lú, féachfar chun iomláineéifeachta na mbun-vótanna do cuireadh i leith gach iarrthóra dhíobh san, agus is é an t-iarrthóir ag a bhfuil an éifeacht iomlán is lú a cuirfear as, agus nuair is có-ionann na héifeachtaí iomlána, féachfar chun na n-éifeachtaí iomlána do cuireadh i leith na n-iarrthóirí seo ag an gcomhreamh is túisce nár chó-ionann a n-éifeachtaí, agus is é an t-iarrthóir ag a raibh an éifeacht is lú ag an gcomhreamh san a cuirfear as.


Má thárluíonn do bheirt no do níos mó iarrthóirí bheith ar deire agus gurb é an éifeacht chéanna do cuireadh i leith gach duine aca, ag gach comhreamh, déanfaidh an Ceann Comhrimh an t-iarrthóir gur breacadh san órdú rogha go bhfuair sé an uimhir ba lú de chéad roghanna do chur as.


illéírí illoint éis aistrithe.


10. Pé uair a déanfar aon aistriú fé aon cheann de sna Rialacha roimhe seo, cuirfear gach fo-bheart de pháipéirí aistreofar ar bharr an bhirt no an fho-bhirt, má bhíonn ann, de pháipéirí an iarrthóra gur chuige a déanfar an t-aistriú, agus cuirfear éifeacht a gheobhfar amach do réir na Rialacha so i leith an iarrthóra san.


illfolúntaísí illlíona. ill


11. (1) Má thárluíonn ar dheire aon chomhrimh gur có-ionann na hiarrthóirí roghnuithe agus uimhir na bhfolúntas atá le líona, ní déanfar aon aistriú eile.


(2) (a) Nuair is có-ionann uimhir na n-iarrthóirí leanúnacha agus uimhir na bhfolúntas atá gan líona, tuigfear ansan go bhfuil na hiarrthóirí leanúnacha roghnuithe.


(b) Nuair ná fuil ach folúntas amháin gan líona agus gur mó an éifeacht atá curtha i leith iarrthóra leanúnaigh amháin ná iomlán na n-éifeachtaí atá curtha i leith na n-iarrthóirí leanúnacha eile, mar aon le haon fhuighleach nár haistríodh, tuigfear ansan an t-iarrthóir sin do bheith roghnuithe.


(3) Nuair is féidir na folúntaisí deireanacha do líona fén Riail seo, ní déanfar aon aistriú eile.


leathán u Tora,


12. Breacfidh an Ceann Comhrimh iomlán na n-éifeachtaí a cuirfear i leith gach iarrthóra ar dheire gach comhrimh. Beidh sa bhreaca san—


(i) Eifeacht na bpáipéar neamhionaistrithe go bhfuil deire le n-a mbrí; agus


(ii) An chailliúint éifeachta toisc gan iarmhair do chomhreamh agus féadfaidh an breaca san bheith do réir na fuirme atá i gCuid II. den Sceideal so, no i bhfuirm den tsórt chéanna.


13. Tuigfear na hiarrthóirí do bheith roghnuithe san órdú inar haistríodh a bhfuighligh.


Iarrthóir go gcuirfear ina leith ar dheire chómhrimh éifeacht atá díreach có-ionann leis an quota, tuigfear gur aige a bheidh an fuighleach is lú ag an gcomhreamh san chun críche na Rialach so.


Nuair a tuigfear beirt no níos mó d’iarrthóirí bheith roghnuithe fé Riail 11 (2) (a) tuigfear na hiarrthóirí sin do bheith roghnuithe do réir órdú na n-éifeachtaí do cuireadh ina leith fé seach ag an staid sin, an t-iarrthóir gur cuireadh an éifeacht ba mhó ’na leith ag an staid sin, tuigfear é bheith roghnuithe ar dtúis imeasc na n-iarrthóirí sin agus mar sin de, agus má cuirtear éifeachtaí có-ionannacha í leith beirte no níos mó d’iarrthóirí ag an staid sin, gheobhfar amach órdú roghnúcháin a leithéidí d’iarrthóirí có-ionannacha ar an gcuma chéanna do gheobhfaí amach órdú a leithéidí d’iarrthóirí do chur as fé Riail 9 (4), leis an difríocht so, gurb iad a tuigfear bheith roghnuithe ar dtúis imeasc na n-iarrthóirí có-ionannacha san ná na hiarrthóirí is déanaí do cúirfí as fén Riail sin, agus gurb é an t-iarrthóir is túisce do cuirfí as an t-iarrthóir is déanaí a tuigfear bheith roghnuithe.


14. Sna Rialacha so—


(1) Cialluíonn an abairt “iarrthóirí leanúnacha” aon iarrthóir ná tuigtear bheith roghnuithe ná curtha as.


(2) Cialluíonn an abairt “céad rogha” an figiúir 1 ina aonar; cialluíonn an abairt “dara rogha” an figiúir 2 ina aonar i ndiaidh an fhigiúra 1, agus cialluíonn an abairt “treas rogha” an figiúir 3 ina aonar i ndiaidh na bhfigiúirí 1 agus 2 os coinne ainme aon iarrthóra, agus mar sin de.


(3) Cialluíonn an abairt “an chéad rogha eile ar fáil” dara rogha no rogha do thagann ina dhiaidh a breactar ar órdú uimhreach i ndiaidh a chéile d’iarrthóir leanúnach, gan comhreamh do dhéanamh ar an gcéad rogha eile thagann in órdú ar an bpáipéar vótála d’iarrthóirí go dtuigtear cheana iad do bheith roghnuithe no curtha as.


(4) Cialluíonn an abairt “páipéar ionaistrithe” páipéar vótála ar a ndintear, tar éis chéad rogha, dara rogha no rogha ina dhiaidh sin do bhreaca ar órdú uimhreach i ndiaidh a chéile d’iarrthóir leanúnach.


(5) Cialluíonn an abairt “páipéar neamh-ionaistrithe” páipéar vótála ná fuil aon dara rogha ná rogha ’na dhiaidh breacuithe air d’iarrthóir leanúnach:


Ach tuigfear gur páipéar neamhionaistrithe páipéar—


(a) nuair atá ainmneacha beirte no níos mó d’iarrthóirí (is cuma iad do bheith ar leanúint no gan a bheith) marcálta leis an uimhir chéanna agus gurb iad is túisce arís san órdú rogha; no


(b) nuair a marcáltar ainm an iarrthóra is túisce arís san órdú rogha (is cuma é do bheith ar leanúint no gan a bheith)—


(i) le huimhir ná leanann i ndiaidh a chéile uimhir éigin eile ar an bpáipéar vótála; no


(ii) le dhá uimhir no níos mó; no


(c) nuair atá sé gan éifeacht toisc dabhata.


(6) Cialluíonn an abairt “bunvóta” i dtaobh aon iarrthóra, vóta do fuarthas ó pháipéar vótála gur breacadh céad rogha air don iarrthóir sin.


(7) Cialluíonn an abairt “vóta aistrithe” i dtaobh aon iarrthóra, vóta do fuarthas ó pháipéar vótála ar ar breacadh dara rogha no rogha ’na dhiaidh don iarrthóir sin.


(8) Cialluíonn an focal “fuighleach” an uimhir thar an quota in éifeacht iomlán na vótanna, idir bun-vótanna agus vótanna aistrithe, a cuirtear i leith aon iarrthóra.


(9) Cialluíonn an focal “comhreamh”—


(a) gach ní is gá do dhéanamh i gcomhreamh na gcéad roghanna a breactar d’iarrthóirí; no


(b) gach ní is gá do dhéanamh chun fuighleach iarrthóra roghnuithe d’aistriú; no


(c) gach ní is gá do dhéanamh chun vótanna iarrthóra a cuirtear as d’aistriú.


(10) Isé brí na habairte “tuigfear bheith roghnuithe” ná go dtuigfear bheith roghnuithe chun críche an chomhrimh, ach gan dochar do thora an roghnúcháin d’fhógairt.


(11) Cialluíonn an abairt “socrú le crann-chur” i Riail a 5 socrú do réir na dtreor so leanas:—


Scríobhfar ainmneacha na n-iarrthóirí le n-a mbaineann sé ar bhlúirí páipéir có-mhar a chéile, agus fillfear na blúirí chun ná haithneofar iad thar a chéile, agus meascfar iad agus tarraiceofar iad gan ordú gan eagar; déanfar na hiarrthóirí le n-a mbaineann sé do chur ar an Ordú Rogha do réir an órdú ’na dtarraiceofar na blúirí ar a bhfuil a n-ainmneachaag tosnú leis an iarrthóir go mbeidh a ainm ar an mblúire a tarraiceofar ar dtúis.


CUID II.

FUIRM I. FUIRM PHAIPEIR TAIRISGINTE.

Dinimíd-ne, A. B. agus C. D. go bhfuil ár n-ainmneacha leis seo agus sinn inár Seanadóiri an duine seo leanas do thairsgint, leis seo, mar dhuine is cóir a chur ar an ainm-liost atá le cur le chéile do réir Airtiogal 33 de Bhunreacht Shaorstáit Eireann.


Sloinne.

Ainmneacha eile.

Aois.

Ait chomhnuithe agus Céard no Slí bheatha.

Faisnéis ar sheirbhís phuiblí úsáideach no ar cháilíocht no bua speisialta i dtaobh tréithe táchtacha de shol an Náisiúin.

Devereux

Alasdair

41

Imál, Baile an Bhóthair Ceimiceoir Deighilteánach.

Uachtarán Chomhlachas Tráchtála. Bunathóir an I.I.D.A.

Agus dearbhuímíd fós gur saoránach de Shaorstát Eireann Alasdair Devereux sin, go bhfuil sé cáilithe chun bheith ina bhall de Sheanad Eireann, ná fuil sé fé aon mhí-chumas ná mí-ábaltacht do réir Bunreacht Shaostáit Eireann ná do réir Dlí.


Sighnithe,

A.B.

,,

C.D.

Dinim-se, ...................................... go bhfuil m’ainm leis seo, a dhearbhú leis seo, na mion-innste a tugtar thuas do bheith go firínneach beacht chó íada lem’ eolas, agus go dtoilím leis an tairisgint seo.


Sighnithe,

......................................

......................................

FUIRM II. FUIRM PHÁIPÉIR VÓTÁLA.

Marcáltar Ordú Roghanna sna háiteanna thíos

Ainmneacha na n-Iarrthóirí.

 

Mac ADAIM, Pádraig Mac Adaim, Na Leamháin, Portláidh, Bancaer.

 

DE BURCA, Máirtín de Búrca, 52 Sráid Einri, Dún Laoghaire, Ollamh Ceimice.

 

O COGARÁIN, Eamon O Cogaráin, Páirc an Bhaile, Cúl an tSúdaire, Feirmeoir.

 

DEVERELL, Seán Deverell, An tSráid Mhór, Gráig Chuinn, Duine Uasal.

 

O FOGHLUDHA, Bréandán O Foghludha, Tigh Mhóta, Loch Garmain, Brócaer Airgid.

TREORACHA DO VÓTÁLAITHE.

Chun Vótála:—


(a) Cuireann an Vótálaí an figiúir i os coinne ainme an iarrthóra is fearr leis.


Iarrtar air leis—


(b) An figiúir 2 do chur os coinne ainme a dhara rogha.


(c) An figiúir 3 do chur os coinne ainme a threas rogha agus mar sin de, agus figiúir do chur os coinne pé méid iarrthóirí is maith leis in órdú a rogha. Ní chuireann uimhir na bhfolúntas teora le huimhir na roghanna.


FUIRM III. FUIRM LEATHÁN AN TORA.

Leathan an tora.


An méid vótanna le n-a bhfuil brí ......................................


Eifeacht iomlán na vótanna le n-a bhfuil brí ......................................


An méid ball atá le roghnú ......................................


Quota (an éifeacht is leor chun iarrthóir do roghnú) ......................................


Ainmneacha na n-Iarrthóirí.

Céad Chomhreamh.

Dara Comhreamh.

 

 

Ainmneacha na n-Iarrthóirí roghnuithe agus órdú a roghnuithe

Eifeacht Vótanna.

Aistriú Vótanna.

Tora

Aistriú Vótanna.

Tora

Aistriú Vótanna.

Tora.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Eifeacht na bpáipéirí neamh-ion-aistrithe go bhfuil deire le na mbrí.

 

 

 

 

 

 

 

 

Eifeacht na bpáipéirí neamh-ion-aistrithe go bhfuil deire le na mbrí.

 

 

 

 

 

 

 

 

Cailliúint éifeachta de bharr iarmhair d’fhágaint as.-

 

 

 

 

 

 

 

 

Iomlán

 

 

 

 

 

 

 

 

Sighnithe ......................................


Ceann Comhrimh.