Committee Reports::Report - Dundalk Harbour and Port Bill, 1924::12 March, 1925::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHÁIL ÓN gCÓ-CHOISTE AR BHILLE CHUAN AGUS PHORT DHÚN DEALGAN, 1924.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE DUNDALK HARBOUR AND PORT BILL, 1924.

1. B’iad so leanas baill an Chó-Choiste:—


Art Mac Siacais, Seanadóir, Cathaoirleach; Risteárd O Maolchatha, Risteárd Mac Fheorais agus Conchubhar O hOgáin, Teachtaí; Tomás O Luingeacháin, Tomás O Fearáin agus Seoirse Nesbitt, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste an Bille Dé Máirt 10 Márta, 1925, agus Déardaoin, 12 Márta, 1925, leis.


3. Tá an Có-Choiste á thuairisciú gur scrúduíodar Roimhrá an Bhille agus gur dineadh, chun sástachta dhóibh, na curtha-i-leith atá ann dó chruthú, agus gur ghabhadar tríd an mBille agus gur dhineadar leasuithe air.


4. Le linn an Bhille do bhreithniú bhí os a gcóir ag an gCó-Choiste tuairiscí ar an mBille ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála agus ón Roinn Iascaigh. Maidir leis na molta os na Ranna san chífar i bhFo-Scríbhinn (A) agus i bhFo-Scríbhinn (B) fé seach conus a deighleáladh leo.


(Sighnithe)


ARTHUR JACKSON,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


12adh Márta, 1925.