Committee Reports::Report - East Leinster Electricity Supply Bill, 1924, The Dublin Electricity Supply Bill, 1924, The Dublin and District Electricity Supply Bill, 1924::03 December, 1925::Report

OIREACHTAS.

TUARASGABHAIL AN CHO-CHOISTE AR BHILLE SOLATHAR LEICTREACHAIS OIRTHEARLAIGHEAN, 1924, AR BHILLE SOLATHAR LEICTREACHAIS BHAILE ATHA CLIATH, 1924, AGUS AR BHILLE SOLATHAR LEICTREACHAIS CHATHAIR AGUS CHEANNTAIR BHAILE ATHA CLIATH, 1924.

REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE EAST LEINSTER ELECTRICITY SUPPLY BILL, 1924, THE DUBLIN ELECTRICITY SUPPLY BILL, 1924 AND THE DUBLIN AND DISTRICT ELECTRICITY SUPPLY BILL, 1924.

1. B’iad so leanas baill an Chó-Choiste:—


Somhairle Brún, K.C., Cathaoirleach; Mícheál O hAoughusa, Mícheál O hIfearnáin agus Pádraig O hOgáin (An Clár), Teachtaí; Liam O Bearáin, Conn O hEireamhóin agus Sir Núinseann Everard, Seanadóirí.


2. Do bhreithnigh an Có-Choiste na Billí sin thuas i suidheanna puiblí ar na laetheanta so a leanas:—25, 26, 27, agus 28 Mí na Samhna, 1924, 2, 3, 4, 5, 9, 10, 11, 12, 16, 17, agus 18 Mí na Nodlag, 1924, 4, 5, 11, 12, 18 agus 19 Feabhra, 1925, 30 Abrán, 1925, 11, 18 agus 25 Meitheamh, 1925, 19 agus 25 Mí na Samhna, 1 agus 3 Mí na Nodlag, 1925 agus go príobháideach, 25 Feabhra, 1925, 13, 19 agus 25 Márta, 1925, agus 1, 23 agus 29 Abrán, 1925.


3. Tá an Có-Choiste á thuairisciú—


(1) gur scrúduíodar roimhráite na mBillí fé seach agus nár cruthuíodh chun sástachta dhóibh na curtha-i-leith atá i roimhrá Bhille Soláthar Leictreachais Oirthear Laighean agus i roimhrá Bhille Soláthar Leictreachais Bhaile Atha Cliath, agus gur cruthuíodh chun sástachta dhóibh na curtha-i-leith atá i roimhrá Bhille Soláthar Leictreachais Chathair agus Cheanntair Bhaile Atha Cliath ach, ar a rá ina dhiaidh sin do lucht bunuithe Bhille Soláthar Leictreachais Chathair agus Cheanntair Bhaile Atha Cliath, leis an gCó-Choiste, ná rabhdar chun dul ar aghaidh leis an mBille sin, gur dhin an Có-Choiste roimhrá Bhille Soláthar Leictreachais Oirthear Laighean agus roimhrá Bhille Soláthar Leictreachais Bhaile Atha Cliath do scrúdú tuille agus go bhfuaradar nár cruthuíodh chun sástachta dhóibh na curtha-i-leith atá i roimhrá Bhille Soláthar Leictreachais Oirthear Laighean ach gur cruthuíodh chun sástachta dhóibh na curtha-i-leith atá i roimhrá Bhille Soláthar Leictreachais Bhaile Atha Cliath;


(2) gur ghabhadar tré Bhille Soláthar Leictreachais Bhaile Atha Cliath agus gur dhineadar leasuithe air;


(3) ag breithniú na mBillí fé seach dóibh, go raibh os a gcóir acu tuarasgabhála ar na Billí ón Roinn Tionnscail agus Tráchtála, ón Roinn Rialtais Aitiúla agus Sláinte Puiblí, agus ón Roinn Iascaigh. Taisbeántar i bhFo-Scríbhinn (A), i bhFo-Scríbhinn (B) agus i bhFo-Scríbhinn (C) fé seach an tslí in ar deighleáladh le molta na Rann san i dtaobh Bhille Soláthar Leictreachais Bhaile Atha Cliath;


(4) nuair a bhí an Có-Choiste ag breithniú na n-alt den Bhille a bhaineann le huisce aon abhann no srotha no aon chuid de do stopa no do tharrac no baint leis ar aon tslí eile, gur fhéachadar, do réir B.O. 89 de sna Buan-Orduithe i dtaobh Gnótha Phríobháidigh ar mhaith an rud socrú do dhéanamh chun srothaíocht uisce do thabhairt mar chúiteamh san uisce a stopfar no a tarraiceofar no ’na mbainfar leis amhlaidh agus go bhfuilid sásta nách gá aon tsocrú den tsórt san;


(5) maidir le Risteárd O Catháin, Achuingeoir i gcoinnibh Bhille Soláthar Leictreachais Oirthear Laighean, Bhille Soláthar Leictreachais Bhaile Atha Cliath, agus Bhille Soláthar Leictreachais Chathair agus Cheanntair Bhaile Atha Cliath, go bhfuilid ar aon aigne gur cuireadh é chun costais go nea-réasúnta ag cosaint na gceart atá aige agus ’na rabhthas chun cur isteach ortha le Bille Soláthar Leictreachais Oirthear Laighean, le Bille Soláthar Leictreachais Bhaile Atha Cliath, agus le Bille Soláthar Leictreachais Chathair agus Cheanntair Bhaile Atha Cliath fé seach agus go bhfuil teideal aige chun £40 per centum d’iomlán na gcostaisí riachtanacha cearta fé n-ar chuaidh sé, go dtí 30 Abrán, 1925, agus an lá san áirithe, d’fháil ó bhunathóirí Bhille Soláthar Leictreachais Oirthear Laighean, eadhon, The Liffey Syndicate Limited ar scór cur i gcoinnibh na dtrí mBillí sin, agus £10 per centum d’iomlán na gcostaisí riachtanacha cearta fé n-ar chuaidh sé, go dtí 30 Abrán, 1925, agus an lá san áirithe, d’fháil o bhunathóirí Bhille Soláthar Leictreachais Bhaile Atha Cliath, eadhon, Sir Seán O Gríobhtha, Ailfrid Delap, Darghal Figis, Seán O Gríobhtha, agus Seoirse Hairis, ar scór cur i gcoinnibh na dtrí mBillí sin, agus £40 per centum d’iomlán na gcostaisí riachtanacha cearta fé n-ar chuaidh sé, go dtí 30 Abrán, 1925, agus an lá san áirithe, ar scór cur i gcoinnibh na dtrí mBillí sin, agus iomlán na gcostaisí fé n-ar chuaidh sé an 11 Meitheamh, 1925, agus an 18 Meitheamh, 1925, d’fháil o bhunathóirí Bhille Soláthar Leictreachais Chathair agus Cheanntair Bhaile Atha Cliath, eadhon, Tiarna Méara Onórach, Seanóirí agus Buirgéisigh Bhaile Atha Cliath (Coimisinéirí Chontae-Bhuirg Bhaile Atha Cliath anois).


(Sighnithe)


S. L. BROWN,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


3adh Mí na Nodlag, 1925.