Committee Reports::Report - Private Bill Procedure::30 November, 1924::Report

Tuarasgabháil an Chó-Choiste.

1. Do bunuíodh an Có-Choiste ar Nós-Imeachta Billí Príobháideacha leis an Rún so a leanas do rith Dáil Eireann 3 Deire Fomhair, 1923:—


“Go gceaptar Coiste ar a mbeidh chúig Teachtaí, a ainmneoidh Coiste Roghnathóireachta an tSiosóin chun Dreacht do Bhuan-Orduithe i gcóir rialuithe gnó Billí Príobháideacha d’ullamhú agus do chur os cóir ná Dála agus go n-iarrtar ar an Seanad a chó-oiread ball den tSeanad do cheapa chun gníomhú ar an gCoiste seo,”


agus le Rún do rith an Seanad 10 Deire Fomhair, 1923, á ordú do Choiste Rognathóireachta an tSeanaid cúigear ball den tSeanad do cheapa chun iad do chur leis an gcúigear ball san den Dáil.


2. D’ainmnigh Coiste Roghnathóireachta Siosóin na Dála na baill seo den Dáil a leanas:—C. O hOgáin, Tomás de Nógla, Brian Cúipéir, Pádraic O Máille agus Domhnall Mac Cárthaigh.


3. D’ainmnigh Coiste Roghnathóireachta an tSeanaid na baill seo den tSeanad a leanas:—An Tiarna Gleann Abhaigh, Séamus Dubhglas, Aindriú Mac Séamuis, Seán O Fearghail agus Pádraig Mac Cionaoith.


4. Tháinig an Có-Choiste le chéile Dé Céadaoin, 17 Deire Fomhair, 1923, agus Dé Máirt, 30 Deire Fomhair, 1923.


5. D’ullamhuigh an Có-Choiste Dreacht do Bhuan-Orduithe mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo chun Gnó Billí Príobháideacha do rialú, agus molaid do dhá Thigh an Oireachtais glaca leo.


6. Iarann an Có-Choiste go dtabharfí fé ndeara a riachtanaí atá sé, ar mhaithe le daoine gur mian leo Billí Príobháideacha do bhunú i rith an tSiosóin seo, na dátaí sin do chur siar ar a bhfuil no roimh a bhfuil fógra i dtaobh intinne le foillsiú agus lóisteáil pleananna, cóipeanna de Bhillí, etc., le déanamh fé mar a héilítear leis na Buan-Orduithe Dreachtuithe.


Sighnithe,


(Signed),


30adh Deire Fomhair, 1923.


GLENAVY,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


PÁDRAIC O MÁILLE.


JAMES G. DOUGLAS.


THOMAS NAGLE.


CONNOR HOGAN.


BRYAN COOPER.


ANDREW JAMESON.


J. T. O’FARRELL.


DOMHNALL MAC CÁRTHAIGH.