Committee Reports::Report - Seanad Amendments to Bills::24 January, 1924::Report

SEANAD EIREANN.

TUARASGABHAIL ON gCO-CHOISTE AR NOS-IMEACHTA MAIDIR LE LEASUITHE ON SEANAD AR BHILLI.

REPORT OF JOINT COMMITTEE ON PROCEDURE IN REGARD TO SEANAD AMENDMENTS TO BILLS.

Le Rúin a rith an Dáil agus an Seanad an 16adh lá agus an 24adh lá d’Eanair, 1924, fé seach, isea bunuíodh an Có-Choiste. Bhí cúig cruinnithe ag an gCoiste agus tháinig sé chun na gconclúidí atá leagtha amach thíos:


(i.) Do breithníodh an cás ina ndéanfadh Tigh cur i gcoinnibh leasú ar Bhille a dhéanfadh an Tigh eile ar an scór go raibh an leasú lasmuich de scóip an Bhille. Nuair ná haontódh Tigh díobh le leasú ón dTigh eile is dó leis an gCoiste gur chóir gur réasún éigin eile seachas réasún a bhainfadh le ceist ordathachta gurbh ea an réasún a tabharfí leis an neamh-aontú san.


(ii.) Do breithníodh, leis, an cheist a bhaineann le breiseanna áirithe chur leis na Buan-Orduithe atá ag gach Tigh fé leith i dtaobh an nós-imeachta is inleanta maidir le leasuithe a dhéanfadh an Tigh eile ar Bhillí. Molann an Có-Choiste gach Tigh fé leith díobh do ghlaca leis na Buan-Orduithe atá sa bhfo-scríbhinn a ghabhann leis seo.


(Sighnithe)


(Signed)


MICHEÁL O hAODHA,

GLENAVY.

Cathaoirleach an Chó-Choiste.

J. G. DOUGLAS.

TOMÁS MAC EOIN.

A. JAMESON.

PATRICK McGILLIGAN.

P. W. KENNY.

RISTEÁRD MAC LIAM.

J. T. O’FARRELL.

EAMON O DÚGÁIN.

 

FO-SCRIBHINN.

APPENDIX.

Dreacht do Bhuan-Orduithe i gcoir na Dala.

Nós-imeachta i dtaobh Leasuithe óu Seanad.


Féadfidh an Dáil Leasú a dhin an Seanad ar Bhille do ghlaca fé leasuithe no gan leasuithe no diúltú dho. Ní tairgfar leasú ar Leasú ón Seanad mara bhfuil fíor-bhaint aige leis, ná ní féadfar aon leasú eile ar an mBille do thairsgint mara mbeidh sé ag leanúint as Leasú ón Seanad do ghlaca no do leasú no as diúltú dho.


Códhála idir an dá Thigh.


(i.) I gcás easaontais idir an Dáil agus an Seanad i dtaobh aon Bhille, féadfidh an Dáil a thairsgint go mbunófar códháil idir bhaill a ionadóidh an dá Thigh chun na puintí easaontais do phlé. Luafar in aon tairsgint um chódháil cad chuige an chódháil agus an méid ionadaithe ón Dáil a tairgtar a cheapa. Nuair a ghlacfidh an Seanad leis an tairsgint um chódháil ainmneoidh an Dáil na baill a ionadóidh an Tigh ar an gcódháil, agus isé an Ceann Comhairle a ainmneoidh am agus áit na códhála.


(ii.) Nuair a gheobhfar ón Seanad Teachtaireacht le n-a dtairgtar códháil do bhunú cuirfar síos an ní sin ar an gcéad Riar Oibre eile a hullamhófa: ina dhiaidh sin. Má glactar le tairsgint an tSeanaid ainmneoidh an Dáil roinnt Teachtaí, chó mór líon leis na Seanadóirí a thairgfidh an Seanad a ainmniú, chun an Dáil d’ionadú ar an gcódháil sin agus cuirfar san in úil don tSeanad.


Déanfar i ngach cás conclúidí na códhála san do thuairisciú don Dáil.


Dreacht do bhuan-Orduithe i gcoir an tSeanaid.

Nós-imeachta i dtaobh Leasuithe ón Dáil.


Féadfidh an Seanad Leasú a dhin an Dáil ar Bhille do ghlaca fé leasuithe no gan leasuithe no diúltú dho. Ní tairgfar leasú ar Leasú ón Dáil mara bhfuil fíor-bhaint aige leis, ná ní féadfar aon leasú eile ar an mBille do thairsgint mara mbeidh sé ag leanúint as Leasú ón Dáil do ghlaca no do leasú no as diúltú dho.


Códhála idir au dá Thigh.


(i.) I gcás easaontais idir an Seanad agus an Dáil i dtaobh aon Bhille, féadfidh an Seanad a thairsgint go mbunófar códháil idir bhaill a ionadóidh an dá Thigh chun puíntí easaontais do phlé. Luafar in aon tairsgint um chódháil cad chuige an chódháil agus an méid ionadaithe ón Seanad a tairgtar a cheapa. Nuair a ghlacfidh an Dáil leis an tairsgint um chódháil ainmneoidh an Seanad na baill a ionadóidh an Tigh ar an gcódháil, agus isé an Cathaoirleach a ainmneoidh am agus áit na códhála.


(ii.) Nuair a gheobhfar ón Dáil Teachtaireacht le n-a dtairgtar códháil do bhunú cuirfar síos an ní sin ar an gcéad Riar Oibre eile a hullamhófar ina dhiaidh sin. Má glactar le tairsgint na Dála ainmneoidh an Seanad roinnt Seanadóirí, chó mór líon leis na Teachtaí a thairgfidh an Dáil a ainmniú, chun an Seanad d’ionadú ar an gcódháil sin agus cuirfar san in úil don Dáil.


Déanfar i ngach cás conelúidí na códhála san do thuairisciú don Seanad.