Committee Reports::Report - Appointment of Clerk of Seanad::22 February, 1924::Report

SEANAD ÉIREANN.

TUAIRISC O CHOISTE CHEAPA NA gCLÉIREACH.

REPORT OF THE COMMITTEE ON THE APPOINTMENT OF THE CLERKS.

1. Le Rún a rith an Seanad an 15adh Eanair, 1924, ceapadh Coiste Cheapa na gCléireach chun breithniú do dhéanamh i dtaobh na fuirinne bheadh in Oifig an tSeanaid feasta. Siad atá ar an gCoiste ná: an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach, Tomás Beinéid, Sir Tomás Easmonn, Tomás O Fearáin, Oiliféir Mag Fhógartaigh, Sir Seán O Gríobhtha, Aindrias Mac Séamais, Eamonn Mac Giollaiasachta, an Coirnéal Muiris O Mórdha, Micheál O Deagha, Séamas Mac Peáircín agus Siobán Bean an Phaoraigh.


2. Tháinig an Coiste Speisialta le chéile an 7adh lá d’Fheabhra, 1924, ar 11.30 a.m. Bhí na Baill seo a leanas i láthair:—An Tiarna Lannaibhidh (sa Chathaoir), Tomás Beinéid, Sir Tomás Easmonn, Oiliféir Mag Fhógartaigh, Sir Seán O Gríobhtha, an Coirnéal Muiris O Mórdha, Séamas Mac Peáircín agus Siobán Bean an Phaoraigh.


3. Bhí os cóir an Choiste na comhairlí ar a dtáinig an Có-Choiste Seasaimh i dtaobh Fuireann an Oireachtais agus tar éis roinnt díospóireachta, in ar mhínigh an Cathaoirleach gur aontuigh an Coiste Seasaimh sin gur fé údarás agus fé smacht na Dála a bheadh Baill na Có-Fhuirinne nuair a bheidís ag gabháil do ghnó na Dála agus gur fé údarás agus fé smacht an tSeanaid a bheidís nuair a bheadh gnó an tSeanaid ar siúl acu, do thairg an Coirnéal O Mórdha agus do chuidigh Tomás Beinéid leis, go molfí na comhairlí ar a dtáinig an Có-Choiste Seasaimh ach amháin chó fada is théigheann na focail deiridh d’Uimh. 5, a bhaineann le ceapa Chléireach agus Leas-Chléireach an tSeanaid. Cuireadh an tairisgint seo fé bhráid an chruinnithe ón gCathaoir agus nuair a cuireadh fén vóta í do diúltuíodh di agus do moladh comhairlí an Chó-Choiste Sheasaimh, agus d’iarr an Coirnéal O Mórdha go mbreacfí ar na miontuairiscí go raibh sé i gcoinnibh an mhír dheiridh d’Uimh. 5 do mhola.


4. Tuairiscíonn an Coiste dá réir sin.


(Sighnithe),


(Signed),


GLENAVY,


Cathaoirleach an Choiste.


Chairman of the Committee.


22adh Feabhra, 1924.