Committee Reports::Interim Report No. 01 - Appropriation Accounts 1922 - 1923::12 June, 1924::Report

DÁIL EIREANN.

AN CHÉAD THUARASGABHÁIL INTERIM Ó CHOISTE NA gCUNTAISÍ PUIBLÍ.

FIRST INTERIM REPORT OF THE COMMITTEE OF PUBLIC ACCOUNTS.

1. Tá dul-ar-aghaidh déanta ag an gCoiste i dtaobh na nithe a cuireadh chúcha, ach nílid fós i gcothrom chun Tuarasgabháil iomlán deiridh do thíolaca. Is mian leis an gCoiste áfach, an Tuarasgabháil interim seo a leanas do thabhairt uatha ar nithe d’éirigh as an scrúdú a dhineadar ar Chuntas Leithreasa Aonach Tailteann i gcóir na bliana 1922-23, toisc gur dineadh le déanaí Meastachán i gcóir na bliana reatha maidir le hAonach Tailteann do rith i gCoiste um Airgead sa Dáil. Táthar ar bruach an Rún le n-a soláthrófar an Deontas do thuairisciú, agus is dó leis an gCoiste go bhfuil sé de dhualgas ortha an Tuarasgabháil interim seo do thíolaca sara mbeifar réidh ar fad leis an Meastachán.


2. Sa chéad dul síos, ba mhaith leis an gCoiste go dtabharfadh an Dáil fé ndeara an ainm a tugtar ar an Meastachán, mar a ritheadh é ar dtúis i 1922, eadhon “Meastachán ar an méid is gá sa Bhliain dar críoch 31 Márta, 1923, mar Dheontas i gCabhair chun feabhas do chur ar Pháirc an Chrócaigh mar gheall ar Aonach Tailteann.”


3. Is mian leis an gCoiste nea-dheimhnitheacht an Deontais a deonadh amhlaidh do chur in úil agus a rá fós gur le Cumann Gaedhlach na gCleas Lúith amháin an feabhas a cuireadh ar Pháirc an Chrócaigh. Rud eile, ní léir ón scrúdú a dhin an Coiste ar an gCuntas go bhfuil an Cumann ag tógaint aon fhiachais ortha féin maidir le blianta eile ina gcomórfar Aonach Tailteann. Maidir le buaine an fheabhais a dineadh amhlaidh le cúnamh cistí puiblí, braitheann an Coiste gur cheart a chur in úil don Dáil ná fuil Cumann Gaedhlach na gCleas Lúith ag tógaint aon fhreagarthachta ortha féin lasmuich den Pháirc do thabhairt uatha i gcóir Aonach na bliana so.


4. Tá ní eile fós a tháinig as an iniúcha a dhin an Coiste ar an gCuntas so. Le linn don Ard-Scrúdóir bheith ag déanamh an scrúduithe, do leag sé fé bhráid an Choiste sliocht as na páipéirí nuachta dar dáta 18 Abrán, 1923, agus ina ndeirtar go ndubhairt Cathaoirleach Coiste Airgeadais Ard-Chomhairle Aonach Tailteann gur dhin an tArd-Scrúdóir Cuntaisí na Comhairle d’iniúcha go cuibhe agus go bhfuarthas iad do bheith sásúil ar gach slí. Níor dhin an tArd-Scrúdóir, áfach, aon iniúcha den tsórt san; agus do taisbeánadh do Choiste na gCuntaisí Puiblí co-fhreagarthas a bhí idir é agus Cathaoirleach Coiste Airgeadais Aonach Tailteann. Do taisbeánadh ann gur aontuigh Cathaoirleach an Choiste Airgeadais go hiomlán ná raibh aon bhaint ag an Ard-Scrúdóir le rith na gCuntaisí sin. Ag cuimhneamh ar na nithe sin dóibh, braitheann an Coiste go bhfuil sé d’oblagáid ortha trácht ar ní adubhairt Séamus Breathnach le linn na díospóireachta a dineadh sa Dáil le déanaí ar an Meastachán ar Aonach Tailteann i gcóir na bliana reatha. Isé adubhairt sé ná gur dhin an tArd-Scrúdóir ár gCuntaisí d’iniúcha go cuibhe, agus ba chóir go dtuigfí an puínte sin. Cuntaisí Ard-Chomhairle Aonach Tailteann na Cuntaisí a bhí i gceist aige. As na dátáín a nochtadh i bhfianaise a tugadh i láthair an Choiste is féidir don Choiste a rá nár dhin an tArd-Scrúdóir na Cuntaisí atá i gceist d’iniúcha ná do dheimhniú ar aon tslí.


(Sighnithe),


TOMÁS MAC EOIN,


Cathaoirleach an Choiste.


12adh Meitheamh, 1924.