Committee Reports::Report - Standing Orders (Private Business) on the position in Saorstat Éireann of Bills relating to Matrimonial Matters::11 July, 1924::Report

SEANAD ÉIREANN.

TUARASGABHAIL O CHO-CHOISTE NA mBUAN-ORDUITHE (GNO PRIOBHAIDEACH) AR AN gCUMA INA bhFUIL AN SCEAL I SAORSTAT EIREANN MAIDIR LE BILLI A BHAINEANN LE CURSAI POSA.

Report of the Joint Committee on Standing Orders (Private Business) on the Position in Saorstat Eireann of Bills relating to Matrimonial Matters.

1. Ar an 20adh den bhFeabhra so gabh tharainn no roimhe sin fágadh in Oifig na mBillí Príobháideacha trí hiarrataisí ag lorg ceada chun Billí Eadarscara do thabhairt isteach.


2. Chuir Scrúdóir na mBillí Príobháideacha in úil do Cho-Choiste na mBuan-Orduithe gurb é Buan-Ordú a 1 an t-aon Ordú amháin a bhaineann leis an scéal agus, mara n-ullamhuítear tuille Buan-Orduithe i dtaobh Billí den tsórt so, ná beidh aon dul as aige gan a thuairisciú go bhfuil na Buan-Orduithe có-líonta agus ansan go dtuigfar an chéad léigheamh do bheith déanta ar na Billí.


Deir Buan-Ordú a 1:—“Aireofar mar Bhille Príobháideach gach Bille a bunófar chun leasa no chun tairbhe d’éinne fé leith no a chuirfidh isteach ar mhaoin phríobháideach éinne, maran Bille chun leasa don phuiblíocht i gcoitinne é agus go mbaineann sé le polasíocht phuiblí.”


3. Bhreithnigh an Có-Choiste an scéal agus, o thárla gur chuma san no Billí Eadarscara do bheith á dtabhairt isteach gan aon chosc nách mór mheasadar gur bhfearr san a chur in úil don Oireachtas agus ráiteas do chur fé n-a mbráid ar an gcuma ina bhfuil an scéal i Saorstát Eireann fé láthair maidir le Billí a bhaineann le cúrsaí pósa agus achmaireacht ann ar stair agus ar staid na dlí mar a bhí sí sa Bhreatain Mhóir agus in Eirinn sarar dineadh an Connra.


4. Roimh an Reformation do háirítí an pósa mar Shacraimínt i Sasana nuair a dintí é cheileabhra go dleathach agus níor bhféidir don Pháirlimint féin é scaoile. Tar éis an Reformation, do lean na Cúirteanna Eaglasta d’údarás teoranta d’fheidhmiú i gcásanna pósa, mar ní raibh údarás acu ach chó fada (i.) le haitheanta do dheona i gcóir eadarscara a mensa el thoro—aitheanta ná leigean d’éinne de.sna páirtithe pósa arís; agus (ii.) le n-a fhaisnéis go raibh pósa gan brí mar gheall ar nithe bhí ann ar dháta an phósta. Ach i bhfíorbheagán cásanna roimh an mbliain 1700 agus i morán cásanna idir an dáta san agus 1857 do rith an Pháirlimint Billí chun póstaíocha do scaoile. Bhí 317 mBillí den tsórt san ann idir 1701 agus 1857.


I 1857 a tugadh údarás mar an gcéad uair do Chúirt Shasanach chun aitheanta eadarscara a vinculo matrimonii do dheona—aitheanta le n-a ndintar pósa do scaoile agus ath-phósa do cheadú. Leis an Reacht le n-ar tugadh an t-údarás san (20 & 21 Vic., c. 85) bunuíodh Cúirt i gcóir Cúiseanna Eadarscara agus Pósa agus tugadh don Chúirt sin, leis, údarás chun damáiste do mhola i gcoinnibh có-fhreagarthóra agus chun deighleáil le réitigh d’atharú agus le cúram clann an phósta. Fé Achtanna Udaráis Shasana dineadh údarás na Cúirte seo i gCúiseanna Eadarscara agus Pósa d’aistriú chun na Roinne Promháide agus Póstaíocha a bhaineann le hArd-Chúirt an Bhreithiúnais i Sasana fé láthair. Ní bhaineann údarás na Cúirte seo ach le daoine go bhfuil gnáth-chomhnaí ortha i Sasana no sa Bhreatain Bhig—sé sin le rá, le cásanna ina bhfuil gnáth-chomhnaí ar an gcéile fir i Sasana no sa Bhreatain Bhig.


Tuigfar mar sin go bhfuil údarás iomlán ag na Cúirteanna i Sasana ón mbliain 1857, ní hamháin chun aitheanta eadarscara a vinculo matrimonii do dheona ach fós chun atharú do dhéanamh ar réiteach an chleamhnais agus chun deighleáil le cúram clann an phósta agus nár ghá dul chun na Páirliminte chun aon chríche acu san.


Roimh an mbliain 1871 bhí an scéal in Eirinn, maidir le headarscara, mar a bhí sé i Sasana roimh 1857. Bhí údarás ag na Cúirteanna Eaglasta fé mar a bhí á fheidhmiú ag na Cúirteanna Eaglasta i Sasana, i.e., ní bhaineadh sé ach le haitheanta eadarscara a mensa et thoro do dheona agus le n-a fhaisnéis go raibh pósa gan brí mar gheall ar nithe bhí ann ar dháta an phósta. Ach ní raibh aon údarás ag na Cúirteanna Eaglasta in Eirinn chun réiteach d’atharú ar mhaithe le héinne de sna páirtithe ná chun ordú do dhéanamh ina ndeighleálfí le cúram clann an phósta. Sa bhliain 1870, le hAcht a tháinig i bhfeidhm 1 Eanair, 1871, dineadh an t-údarás a bhí go dtí san dílsithe sna Cúirteanna Eaglasta in Eirinn do dhílsiú i gCúirt nua Breacacháin ar a dtugtí an Chúirt um Chúiseanna agus Cúrsaí Pósa. Bhí ag an gCúirt sin an t-údarás céanna a bhí ag na Cúirteanna Eaglasta a bhí ann roimpi agus b’in a raibh. Fé sna hAchtanna Udaráis Eireannacha do haistríodh a húdarás chun Roinn Bhínse an Rí d’Ard-Chúirt an Bhreithiúnais in Eirinn; agus fén Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924, tháinig an t-údarás san chun bheith dílsithe in Ard-Chúirt Shaorstáit Eiréann a bunuíodh leis an Acht san.


Ós rud é ná raibh sé laistigh d’údarás na gCúirteanna Eaglasta a bhí in Eirinn roimh 1871 ná d’údarás na gCúirt gur haistríodh a n-údarás san chúcha ón dáta san, eadarscara a vinculo matrimonii do dheona, bhíodh ar dhaoine go raibh gnáth-chomhnaí ortha in Eirinn agus gur mhian leo an faoiseamh san d’fháil dul chun na Páirliminte. Roimh an Aontú do rith Páirlimint na hEireann naoi mBillí Eadarscara—an nós.imeachta a leantí agus na cúiseanna ar a dtugtí an faoiseamh bhiodar díreach mar a bhíodar sa Pháirlimint Bhriotáineach. Agus is aisteach an scéal é gur dhin an Pháirlimint Bhriotáineach, i dtrí cásanna ar a luíod roimh an Aontú a comhachta d’fheidhmiú agus eadarscara a vinculo matrimonii do dheona do dhaoine go raibh gnáth-chomhnaí ortha in Eirinn. Tar éis an Aontuithe do haistríodh údarás Pháirlimint na hEireann chun na Páirliminte Impiriúla agus o am go ham anuas go dtí am bunuithe Shaorstáit Eireann, do ritheadh Billí Príobháideacha i gcóir eadarscara i Westminster ar achuinghe daoine go raibh gnáthchomhnaí ortha in Eirinn.


5. Ag breithniú an scéil mar atá sé i Saorstát Eireann fé láthair, ba cheart go dtuigfí go soiléir an teora atá le comhacht na gCúirt. Níl comhacht acu ach (a) chun aitheanta eadarscara a mensa et thora do dheona agus (b) chun a fhaisnéis go bhfuil pósa gan brí ar chúiseanna a bhí ann ar dháta an phósta. Ní féidir do sna Cúirteanna, ar mhaithe le héinne de sna páirtithe, atharú dhéanamh ar réiteach cleamhnais a feidhmíodh le linn an phósta ná ní féidir dóibh deighleáil le cúram clann an phósta ach amháin tré urbhaigh Cúirte do dhéanamh díobh—is minic nách maith an rud é sin. Mar sin de, ina lán cásanna ina ndeonann na Cúirteanna aitheanta eadarscara a mensa et thoro, is dócha go bhfuighidh na páirtithe le n-a mbaineann an scéal nách mór dóibh Bille Príobháideach do chur fé bhráid an Oireachtais, nuair a éilíonn ceart an cháis go ndéanfaí atharú ar réiteach cleamhnais no go socrófaí i dtaobh cúram na cloinne, pe’ca lorgaid eadarscara a vinculo matrimonii no ná lorgaid.


6. I Sasana bíonn na Billí a bhaineann le Cúrsaí Pósa fé réir Buan-Orduithe Speisialta a chuireann teora leis an saghas cásanna ’na dtugtar cead chun Billí ina dtaobh do thabhairt isteach.


Foráltar, imeasc nithe eile, ná féadfar an Bille do scrúdú i gCoiste sara ndéanfar breacachán na n-imeachta agus na breithe in aicsean dlí do sholáthar agus an roimhrá do chruthú le fianaise béil. Coiste speisialta isea a bhreithníonn na Billí sin agus féachtar chuige ná bíonn caoi ag éinne chun cásanna mí-mhacánta ná cásanna calaoiseacha do thabhairt os cóir na Páirliminte.


7. Tá an Coiste tar éis an cheist ar fad do scrúdú go cúramach ach níor éirigh leo aon bhreith chruinn do thabhairt uirthi. Tuigid an méid barúil atá ann ina taobh, agus cé go bhfuil saoránaigh sa tSaorstát ná fuil do réir coinsiais éinní acu i gcoinnibh eadarscara a vinculo matrimonii do dheona i gcásanna áirithe agus a chreideann gur ceart na saoráidí céanna ina thaobh so do bheith ar fáil anois agus a bhí ar fáil sarar dineadh an Connra, tuigeann an Coiste gurb é tuairim an mhóráirimh go bhfuil imeachta den tsórt san contrárdha dá gcreideamh agus nách ceart eadarscara maraon le ceart dlíthiúil chun pósa arís do cheadú.


Ach sé tuairim an Choiste gur cheart don Oireachtas teacht ar shocrú cruinn i dtaobh na dteorann is cóir a chur le tabhairt-isteach Billí a bhaineann le Cúrsaí Pósa maraon le socrú ar ce’ca glacfar le hiarrataisí chun Billí eadarscara a vinculo matrimonii do thabhairt isteach no ná glacfar.


8. Cé nách mian leis an gCoiste breith do thabhairt roimh ré ar an socrú ar a dtiocfidh an tOireachtas is cóir dar leo a chur in úil go bhfuil an scéal mí-shásúil fé mar atá sé fé láthair, is cuma conus a féachfar air, mar níl aon teora leis an gcomhacht a tugtar fé Bhuan-Ordú a 1 chun Billí Eadarscara do thabhairt isteach san Oireachtas fiú amháin i gcásanna ná beidh breith chúirt dlí fachta ina dtaobh roimh ré. Isé a dtuairim gur ceart Buan-Orduithe breise, i dtaobh Billí a bhaineann le Cúrsaí Pósa, d’ullamhú., Is cóir, leis, dar leo a chur in úil, más rud é go socróidh an tOireachtas nách ceart Billí eadarscara a vinculo matrimonii do thabhairt isteach, go mbeidh an scéal go hait sa tslí seo, go bhféadfidh fear ar a bhfuil gnáth-chomhnaí sa tSaorstát a ghnáthchomhnaí d’aistriú go Sasana no go Tuaisceart Eireann agus ansan go mbeidh sé i dteideal eadarscara d’fháil maraon le ceart chun pósa arís, ach ná féadfidh bean, gur sa tSaorstát atá a gnáthchomhnaí de bharr a pósta, a gnáth-chomhnaí d’aistriú dá deoin féin, agus ar an abhar san ní fhéadfa sí eadarscara a vinculo matrimonii d’fháil in aon chor.


(Sighnithe),


JAMES G. DOUGLAS,


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


11adh Iúl, 1924.