Committee Reports::Report No. 02 - Standing Orders ::06 March, 1924::Report

SEANAD EIREANN.

AN DARA TUARASGABHAIL O BHUAN-CHOISTE NA mBUAN-ORDUITHE.

SECOND REPORT OF THE STANDING COMMITTEE ON STANDING ORDERS.

1. Ceapadh an Coiste seo le Rún a rith an Seanad 19 Meán Fhomhair, 1923, do réir Airtiogal 104 de sna Buan-Orduithe Sealadacha atá mar leanas:—


“I dtosach gach Siosóin ceapfidh an Seanad Coiste ar Bhuan-Orduithe a bheidh có-dhéanta den Chathaoirleach agus den Leas-Chathaoirleach ex-officio agus de cheathrar Seanadóirí an chuid is mó dhe.”


Siad so a leanas na daoine atá ar an gCoiste a ceapadh amhlaidh:—An Tiarna Lannaibhidh, Séamus Dubhglas, Aindrias Mac Séamais, Seán O Fearghail, Pádraig O Cionaodha agus Sir Seán O O Catháin.


2. Chruinnigh an Coiste 6 Márta agus do shocruíodar ar a mhola go n-atharófí agus go gcuirfí leis na Buan-Orduithe mar leanas:—


(i.) Ordú 25.—Na focail “Níl aon tSeanadóir i dteideal” do scriosa amach as líne 1 agus na focail “Ní dhéanfidh aon tSeanadóir ach le cead an Tighe” do chur ina n-ionad.


(ii.) Ordú 31.—Na focail “deabha leis agus” i líne 5 do scriosa amach.


(iii.) Ordú 62.—Na focail “ná le ball eile den Rialtas dar tugadh cuire bheith i láthair fé Ordú 41a” do chuir i ndaidh an fhocail “gCoiste” i líne 6.


(iv.) Ordú 69.—Ordú nua 69ado chur díreach i ndiaidh Ordú 69, mar leanas:—


“69a. Cuirfar ón gCathaoir leasuithe i gcóir Ceathrú Céime Bille a leagadh ar an mbord thar ceann an Rialtais ag Aire den Rialtas no ag teachta a bheidh i bhfeighil an Bhille ar chuire ón Seanad fé Ordú 41aagus ní gá cuidiú leo. Ach ní bhainfidh an tOrdú so le leasuithe le n-a mbefar á iarraidh dar leis an gCathaoirleach, breith a thug an Seanad le linn céime den Bille chéanna roimhe sin do chlaochló.”


(v.) Ordú 106.—Do socruíodh a mhola go leasófí an tOrdú i dtreo go mbeadh sé mar leanas:—


“106. Léighfidh an Cathaoirleach, ar an lá ceaptha, ainm, seola agus cáilíochta gach iarrthóra a hainmníodh go cuibhe do réir an Orduithe dheiridh sin, agus raghaidh an Seanad ar aghaidh leis an toghachán láithreach bonn. Más cúigear no níos mó na hiarrthóirí a bheidh ann raghaidh an Seanad ag vótáil ar dtúis le ballóid le duine no daoine dhíobh nách líonmhaire ná triúr. Tógfar vóta le ballóid ansanchun beirt do thogha amach as an triúr ba mhó líon vótanna ’sa chéad bhallóid agus ní vótálfidh aon bhall le níos mó ná beirt den triúr san.”


(vi.) Ordú 112.—Na focail “dian-ghá do bheith leis” do scriosa amach as líne 1 agus an focal “gátair” do chur ina n-ionad.


3. Do bhreithnigh an Coiste, leis, an cheist a chuir an Seanad chúcha 12 Mí na Nodlag, 1923, eadhon, ar cheart a leigint go illceisteanna chun Airí sa tSeanad, agus do beartuíodh tar éis roinnt díospóireachta, go gclaoifeadh an Coiste leis an socrú atá ina dTuarasgabháil dar dáta 13 Márta, 1923 (le n-ar ghlac an Seanad 15 Márta, 1923), eadhon, gan san do mhola, agus san ar na habhair a tugadh sa Tuarasgabháil sin.


(Sighnithe) GLENAVY,


Cathaoirleach an Choiste.


12 Márta, 1924.