Committee Reports::Report No. 02 - Temporary Accommodation of the Oireachtas [Seanad Éireann]::05 June, 1924::Report

SEANAD EIREANN.

AN DARA TUARASGABHÁIL Ó’N gCÓ-CHOISTE AR ÁRUS SEALADACH DON OIREACHTAS.

SECOND REPORT OF THE JOINT COMMITTEE ON THE TEMPORARY ACCOMMODATION OF THE OIREACHTAS.

1. Do rith an Seanad an Rún so a leanas 1 Bealtaine, 1924:—


“Gurb é tuairim an tSeanaid ná fónfadh sé chun aon dea-chríche Tuarasgabháil an Chó-Choiste ar Arus Sealadach don Oireachtas do chur tharnais chúcha chun alt 3 de mhír 4 d’ath-bhreithniú, ach go mbeartuíd leis seo an Tuarasgabháil do chur tharnais chun ath-bhreithniú generálta do dhéanamh uirthi. Ra mhaith leo, leis, a chur ina luighe ar an Rialtas go bhfuil géarghá le hárus oiriúnach do sholáthar don tSeanad agus dá n-oifigigh” agus


Do rith an Dáil an Rún so a leanas 8 Bealtaine, 1924:—


“Go gcuirtar an Tuarasgabháil tharnais chun an Chó-Choiste chun ath-bhreithniú generálta do dhéanamh uirthi.”


Ag géille do sna Rúin sin dóibh, dhin an Có-Choiste lán-ath-bhreithniú ar an ní gur hiarradh ortha Tuarasgabháil do thabhairt air.


2. Ní bhfuair an Có-Choiste, o tíolacadh an chéad Thuarasgabháil uatha, aon chomhairle d’aon tsaghas fhónta ach an chomhairle a thug Liam Thrift, comhairle as a dtiocfadh Tigh Laighean do thréigean ar fad agus foirgintí sealadacha do thógaint ar Fhaithche Laighean no neachtar aca ar thalamh Chearnóg Mhuirbhthean no ar ionad éigin eile a bheadh oiriúnach. Bhí breithniú déanta cheana féin ag an gCó-Choiste ar an tairisgint sin-agus bhí diúltuithe acu dhi sa mhéid gur bhain sí le Faithche Laighean amháin ach, ag géille do thuairim an Teachta san, bhreithníodar an tairisgint arís fé mar a chuir seisean i bhfuirm í le cúnamh pleananna a sholáthair sé don Chó-Choiste agus a mhínigh sé i bpearsain dóibh. Chonnacthas don Chó-Choiste go raibh na pleananna san tarraicthe go cliste agus ba dheimhin leo go mbeidís oiriúnach, fé mar a bhíodar ceaptha amach, chun árus sealadach a bheadh oiriúnach agus dóthanach do sholáthar don Oireachtas agus dá bhfuirinn agus ina theanta san do sna hAirí agus dá n-oifigigh. Níor hullamhuíodh aon mheastachán ar an gcostas ach do ghlac an Có-Choiste le háireamh Liam Thrift: go bhféadfí na déanmhachtaí do chríochnú laistigh de bhliain, agus ná raghadh an costas ar fad thar £70,000 agus go mb’fhéidir go mbeadh sé gearaid do £50,000. Níor fhéad an Có-Choiste, áfach, a mhola go nglacfí le haon scéim den tsaghas san. Gan an mhoill agus an costas a bhainfadh léi go cinnte do bhac, ba chóir go seasódh déanmhachtaí, den tsórt atá ceaptha sna pleananna, go ceann deich mblian ar a luíod, ach ba cheart an cheist i dtaobh buan-árus don Oireachtas do shocrú i bhfad roimhe sin agus nuair a bheadh sí socair níor mhór déanmhachtaí sealadacha den tsórt san do scrapáil agus dá dheascaibh sin bheadh costas a dtógála imithe gan mhaith, suim go bhféadfí úsáid ní b’oiriúnaí dhéanamh di mar chúiteamh do Chúmann Ríoga Bhaile Atha Cliath in aon airgead a chaillfid siad.


3. Tugann an Có-Choiste fé ndeara go ndubhairt Uachtarán na hArd-Chomhairle agus é ag trácht sa Dáil ar an gCéad Thuarasgabháil ón gCó-Choiste, nár thug an Có-Choiste mion-chuntas ina dTuarasgabháil ar na nithe a bhí acu i gcoinnibh an tOspidéal Ríoga i gCill Mhaighneann d’úsáid, ach do bhraith an Có-Choiste, agus braithid fós, nuair a dhineadar achmaireacht ar na nithe sin tré thagairt a dhéanamh don chostas, don mhoill agus don nea-chaothúlacht a bhainfadh leis an bplean san, gur thugadar uatha gach eolas ba ghá chun a dTuarasgabháil ar an ionad áirithe sin do bhreithniú agus do phlé.


4. Dhin an Có-Choiste an scéal go léir d’athscrúdú go haircach agus ní bhfuaradar aon réasún chun dul i gcoinnibh an ní a mholadar cheana, eadhon, an t-áitreabh go léir. Tigh Laighean, do thógaint mar árus sealadach don Oireachtas ach an Rialtas do sholáthar áitreibh oiriúnaigh no d’íoc as áitreabh oiriúnach ina bhféadfí gach cóir taithneamhachta a bhí ag Cumann Ríoga Bhaile Atha Cliath do chimeád réasúnta slán idir an dá linn agus sán ar coiníoll go soiléir go bhfágfí Tigh Laighean chó luath is d’fhéadfí árus buan d’fháil don Oireachtas.


5. Má diúltuítear don mhola san, isé Caisleán Bhaile Atha Cliath an t-aon áit eile is féidir don Chó-Choiste a mhola mar áit oiriúnach. Tá le rá i bhfabhar do go bhfuil a shúidheamh caothúil agus comhngarach, go bhfuil neart foirgintí ann nách gá a dheisiú agus gurb uiriste é mhéadú no cur leis. De bhárr atharuithe a dineadh air le déanaí tá sé nách mór ullamh ar fad chun dul isteach ann go luath agus ba beag le rá an costas agus an mhoill a bhainfadh le tuille oiriúnuithe dhéanamh air i gcomórtas leis an moill agus leis an gcostas a leanfadh as glaca le haon tairisgintí eile ab fhiú machtnamh ortha dar leis an gCoiste. Staonaid óna mhola o thárla ná fuil aon árus eile ceaptha i gcóir na gCúirt fós ach bíodh go dtuigid go dian-mhaith an cheataí a bhainfadh go cinnte leis na Cúirteanna d’aistriú go hárus sealadach éigin eile isé a dtuairim gur ceataí í sin ’na mbeadh lucht na dlí agus an phuiblíocht ullamh agus nar chóir dóibh bheith ullamh ar í fhulang, d’fhonn leasa an Stáit, dá bhfaghdís geallúint ón Rialtas go dtosnófí go luath ar na Ceithre Cúirteanna d’athnuachaint.


(Sighnithe),

 

 

GLENAVY, Cathaoirleach an Choiste.

 

BRYAN COOPER.

TOMÁS DE NÓGLA.

 

DONNCHA O GUAIRE.

MICHAEL O’DEA.

 

PEADAR O hAODHA.

JOHN T. O’FARRELL.

 

ANDREW JAMESON.

SIOBHÁN BEAN AN PHAOIRAIGH.

 

LIAM MAG AONGHUSA.

 

5 Meitheamh, 1924.