Committee Reports::Interim Report - Standing Committees::26 February, 1923::Report

SEANAD ÉIREANN.

Tuarasgabháil Tacair ón gCoiste Spesíalta ar Bhuan-choistibh.

(Interim Report of Special Committee on Standing Committees.)

Do ceapadh an Coiste seo do réir an rúin seo leanas, do cuireadh i bhfeidhm ag an Seanad ar an 10 Mí Eanair, 1923:—


(a) “Coiste do cheapa chun an cheist sin do léirmheas .i. ar bh’fearrde Buan-choisti do chur ar bun ag an Seanad dóibh féin, nú ag an Seanad is ag an Dáil araon, agus chun tuarasgabháil do chur chun an tSeanaid ag cur sios ar fheidhm, ar thogha agus ar obair éan Bhuan-choistí dá molfaidís.


(b) “Na Seanadaigh seo do bheith ar an gCoiste sin:—Barún Lann Abhaigh, Séamas Dubhglas, Aindrais Mac Séamais, Riocard de Buitléir, Séamas Mac Peáircín, Muiris Ó Mórdha Séamas Dubhdal, Sir Brian Ó Macháin, Sir Seán Ó Catháin, Siobhán Bean an Phaoraigh, Liam Yeats, Tomás Ó Fearáin, Éamonn Mac Giollaiasachta, Séamas Ó Móráin, cúigear mar líon comhairle.


Do réir an rúin seo, do tháinig an Coiste le chéile ar an 26 Eanair, 1923, agus do bhí i láthair:—Barún Lann Abhaigh (i gceannas), Séamas Dubhglas, Muiris Ó Mórdha, Aindrais Mac Séamais, Tomás Ó Fearáin, Siobhán Bean an Phaoraigh, Séamas Mac Peáircín, Sir Brian Ó Macháin, Liam Yeats, Sir Seán Ó Catháin.


Do shocruigh an Coiste gan Buanchoiste ar bith do mhola don Seanad fé láthair.


Do shocruigh fós ar an mola so i. tuille comhachta a bheith ag an gCoiste ionnus go mbeadh ar a gcumas scrúda agus tuarasgabháil a dhéanamh ar nithe go bhfuil gábha le dlighthe ’n-a dtaobh, dlighthe go mbudh cheart iad do chur ar bun san tSeanad ó thosach.


(Sighnithe),

GLENAVY.

 

JAMES G. DOUGLAS,

 

MAURICE MOORE,

 

ANDREW JAMESON,

 

THOMAS FARREN,

 

SIOBHAN BEAN AN PHAORAIGH.

 

J. J. PARKINSON,

 

BRYAN MAHON,

 

W. B. YEATS,

 

JOHN KEANE.