Committee Reports::Report No. 02 - Private Bill Procedure::24 November, 1923::Report

DÁIL ÉIREANN.

An Dara Tuarasgabhail on Cho-Choiste ar Nos-Imeachta Billi Priobhaideacha.

(Second Report of Joint Committee on Private Bill Procedure.)

1. Fuair an Seanad an 14adh lá de Shamhain, 1923, agus an Dáil an 21adh lá de Shamhain, 1923, tuarasgabháil an Chó-Choiste ar Nós-Imeachta Billí Príobháideacha dar dáta an 30adh lá de Dheire Fomhair, 1923.


2. Le hOrduithe a dhin an Seanad an 14adh lá de Shamhain, 1923, agus an Dáil an 21adh lá de Shamhain, 1923, cuireadh an Tuarasgabháil thar n-ais chun an Chó-Choiste chun ath-bhreithniú do dhéanamh uirthi.


3. Bhí cruinniú ag an gCó-Choiste Dé Céadaoin, an 21adh lá de Shamhain, 1923, chun breithniú do dhéanamh ar na Leasuithe ar dhreacht na mBuan-Orduithe, a mhol baill an dá Thigh.


4. Do dhin an Có-Choiste breithniú ar na leasuithe ar Dhreacht na mBuan-Orduithe a cuireadh fé n-a mbráid; ghlacadar le cuid aca agus dhiúltuíodardon chuid eile.


5. Molann an Có-Choiste go nglac faidh an Dáil agus an Seanad leis na Buan-Orduithe atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis seo, fé mar atáid leasuithe.


6. Molann an Có-Choiste, más rud é go nglacfaidh an dá Thigh leis na Buan-Orduithe, go gcuirfear, i gcóir an tSiosóin seo, Mí na Nodlag agus Eanair in áit Dheire Fomhair agus Samhain i mBuan-Ordú a 8, agus go gcuirfear siar, dá réir sin, na dátaí atá leagtha amach sna Buan-Orduithe chun fógraí d’fhoillsiú agus do sheirbheáil, agus chun pleananna, cóipeanna de Bhillí, etc., do lóisteáil.


(Sighnithe),


(Signed)


Glenavy


Cathaoirleach an Chó-Choiste.


24adh Samhain, 1923.