Committee Reports::Report No. 03 - Consideration of second report::16 July, 1923::Report

DÁIL EIREANN.

AN TREAS TUARASGABHÁIL ON gCOISTE UM NÓS-IMEACHTA.

(Third Report of the Committee on Procedure.)

Do leagadh an Dara Tuarasgabháil (T. 10.) ón gCoiste fé bhráid na Dála an 18adh Bealtaine, 1923. Tar éis an Tuarasgabháil d’fháil, d’Orduíodh í do bhreithniú ag an Dáil a gCoiste an 28adh Bealtaine. Do réir an Orduithe seo do thángathas chun an Tuarasgabháil do bhreithniú an dáta deireannach san agus do beartuíodh le rún:—


“That the Order for the consideration in Committee of the Second Report of the Committee on Procedure be discharged, and that the Report be referred back to the Committee for further consideration, and Report thereon.”


Ar an abhar san d’athchrom an Coiste um Nós-imeachta ar an Tuarasgabháil do bhreithniú, agus tar éis dóibh dhá chruinniú eile do bheith aca do thángadar ar aon aigne sa tslí a leagtar amach sa Sceideal atá leis seo agus atá ina leagan leasuithe de sna tairisgintí a bhí sa Tuarasgabháil roimhe seo. Molann an Coiste na Buan-Orduithe do chlóbhuala agus Treór do chur leo, agus an Bunreacht do bheith sa leabhar les. Ba cheart an leabhar so do chur i gclúdach a bheidh níos buaine ná clúdach an chinn atá in úsáid fé láthair agus ba cheart é do bheith ar fáil ag na Teachtaí go luath.


MICHEÁL O h-AODHA,


Ceann Comhairle.


16adh Iúl, 1923.