Committee Reports::Report - Committee on Standing Orders: Amended Draft::15 January, 1923::Report

SEANAD EIREANN.

Tuarasgabháil ón gCoiste ar Bhuan-Orduithe.—Dreacht Leasuithe.

(Report of Committee on Standing Orders)—Amended Draft.

Do ceapadh an Coiste seo do réir an rúin seo leanas do cuireadh i bhfeidhm ag an Seanad ar an 11adh Mí na Nodlag, 1922:—


(a) “Go gceaptar Coiste chun Buan-Orduithe do Sheanad Eireann do chur le chéile.


(b) “Gurb iad a bheidh ar an gCoiste ceaptha—Lord Glenavy, Sir John Keane, James G. Douglas, James Moran, Sir T. Grattan Esmonde, Patrick W. Kenny, James Perry Goodbody, John Thomas O’Farrell, Siubhán Bean an Phaoraigh.”


Do tháinigh na baill so leanas eadhon, Lord Glenavy, James G. Douglas, Patrick W. Kenny, John T. O’Farrell le chéile do réir an rúin seo 13adh, 14adh, 29adh Mí na Nodlag, 1922, agus arís 5adh, 9adh, 15adh Eanair, 1923, agus do shocruídar d’aon ghuth an Dreacht de Bhuan-Orduithe a ghabhann leis seo do mhola don tSeanad.


Do tháinig an Tuarasgabháil os cóir an tSeanaid ar an 18adh Mí na Nodlag, 1922, agus do socruíodh na Buan-Orduithe do moladh do chur thar n-ais chun go ndéanfadh an Coiste tuille machtnaimh ortha.


Do réir an orduithe seo do tháinig an Coiste le chéile ceithre uaire ’na dhiaidh sin. Do cuireadh chun an dreacht do cheartú agus gheobhfar dreacht eile leis seo.


Aithneann an Coiste go mbeidh sé riachtanach cur leis na h-órduithe seo nó iad d’atharú ó am go h-am, agus molaid Coiste do dhéanamh a leithéidí sin d’atharuithe mar atá ráite sna hórduithe seo. Molann an Coiste, leis, údarás do chur i muinín an Bhuanchoiste a tairgtear a bhunú leis na hórduithe seo dul i gcomhairle le Coiste Buan-Orduithe na Dála le linn ullamhú na n-órduithe seo d’fhonn na hórduithe is gá chun conbharsáide idir an dá Thigh do mhole don tSeanad; agus i gcóir gach cúrsa eile go bhfuil có-bhaint aca araon leis.


Sighnithe,

 

 

GLENAVY,

 

JAMES G. DOUGLAS,

 

JOHN T. O’FARRELL,

 

PATRICK W. KENNY.

15adh Eanair, 1923.


(15th January, 1923.)