Committee Reports::Report No. 01 - Nominating Members to certain Special Committees::11 November, 1923::Report

DÁIL EIREANN.

An Chéad Tuarasgabháil ó Choiste Roghnathóireachta an tSiosoin ag ainmniu Ball chun Coistí Speisialta áirithe.

First Report of the Sessional Committee of Selection nominating Members to certain Special Committees.

Tuarasgabháil an Choiste.

1. Do réir Rún a rith an Dáil ag bunú an Choiste seo, ag leaga a chomhachtanna amach, agus á údarú chun ainmniúcháin chun na gCoistí a luaidhtear ina dhiaidh seo do dhéanamh, do comóradh cruinniú an 11adh Deire Foghmhair, 1923.


2. Le trí Coistí a deighleáladh sna Rúin, viz.:—


(1) An Coiste ar Nós-Imeachta agus Príbhléidí;


(2) An Coiste chun Dreacht de Bhuan-Orduithe i gcóir rialuithe Gnó Billí Príobháideacha d’ullamhú agus do chur os cóir na Dála; agus


(3) An Coiste chun féachaint i ndiaidh na n-áiseanna laistigh is cóir a bheith ag Baill an Oireachtais agus chun Seomra an Bhídh do stiúra.


3. Do chinn an Coiste na Teachtaí seo a leanas a ainmniú chun na gCoistí sin:—


(1) An Coiste ar Nós-Imeachta agus Príbhléidí:—Domhnall Mac Cárthaigh, Peadar O hAodha, Criostóir O Broin, Seoirse Mac Niocaill, Pádraic O Máille, Liam Mac Síoghuird, Brian Cooper, D. Figgis, Tomás Mac Eoin, Risteárd Mac Liam agus Seán O Conláin—(11);


Sa chás so molann an Coiste an Ceann Comhairle do bheith ina bhall den Choiste leis agus ina Chathaoirleach air, agus, chun go bhféadfaí san do dhéanamh, iarraid ar an Dáil na hatharuithe riachtanacha do dhéanamh san Rún Contagartha, viz., dáréag ball do bheith ar an gCoiste, agus an Ceann Comhairle do cheapa ina bhall den Choiste agus ina Chathaoirleach air;


(2) An Coiste ar Bhuan-Orduithe Billí Príobháideacha:—Conchubhar O hOgáin, Tomás de Nógla, Brian Cooper, Pádraic O Máille agus Domhnall Mac Cárthaigh—(5); agus


(3) An Coiste ar Aiseanna Laistigh:—Seán de Faoite, Domhnall O Muirgheasa, Ailfrid O Broin, Peadar O hAodha agus Criostóir O Broin—(5).


PEADAR O hAODHA,


Cathaoirleach an Choiste.


11adh Deire Foghmhair, 1923.